Gníomhartha 25
25
1Nuair tháinig Féstus isteach san phroibhinnse, tar éis trí lá chuaidh sé suas ó Chéasaria go h‐Iarúsalem. 2Agus thug uachtaráin na sagart agus uaisle na nIúdach scéala i gcoinnibh Phóil dó; agus d’impidheadar air, 3ag iarraidh fábhair ’n‐a aghaidh, go n‐órdóchadh sé a thabhairt go h‐Iarúsalem; ag faire faille le n‐a mharbhadh ar an slighe. 4D’fhreagair Féstus, ámh, go raibh Pól fá choimhéad i gCéasaria, agus go raibh faoi dul ann go luath. 5Uime sin, adubhairt sé, na daoine go bhfuil sé ar a gcumas, téighidís síos i n‐éinfheacht liom, agus má tá cionnta ar bith san bhfear, cuiridís ’n‐a leith í.
6Agus tar a éis dó ocht nó deich lá d’fhanamhain ’n‐a measc, do chuaidh sé síos go Céasaria; agus an lá ’n‐a dhiaidh sin do shuidh sé i gcathaoir an bhreitheamhnais, agus d’órduigh sé Pól do thabhairt isteach. 7Agus nuair tháinig seisean, na h‐Iúdaigh tháinig ó Iarúsalem, do sheasadar ’n‐a thimcheall, ag cur a lán neithe trom ’n‐a leith, nár fhéadadar a gcrothú; 8agus adubhairt Pól, d’á chosaint féin ortha, Cionnta ar bith i n‐aghaidh dlighe na nIúdach, ná i n‐aghaidh an teampaill, ná i n‐aghaidh Chéasair, ní dhearnas‐sa. 9Acht d’fhreagair Féstus, agus fonn air na h‐Iúdaigh do chur fá chomaoin aige, g‐á rádh le Pól, An maith leat dul suas go h‐Iarúsalem, agus breitheamhnas d’fhághail annsin ar na ceisteannaibh seo rómham? 10Acht d’fhreagair Pól, Atáim im’ sheasamh os chómhair cathaoireach breitheamhnais Chéasair, an áit ’n‐ar cheart breith do thabhairt orm: ní fhuil éagcóir ar bith déanta agam i n‐aghaidh na nIúdach, mar is eol duit féin go h‐an‐mhaith. 11Má tá cionnta déanta agam, agus má ta éinnidh thuilleas bás déanta agam, ní fhuilim ag diúltadh do’n bhás: acht muna bhfuil an fhírinne i n‐éinnidh de’n méid atá aca d’á chur im’ leith, ní fhuil ar chumas d’aon duine mo thabhairt suas dóibh. Téighim ar choimirce Chéasair. 12Annsin d’fhreagair Féstus, tar éis toil na h‐árdchómhairle do ghlacadh, Do chuiris do choimirce ar Chéasar: chum Chéasair rachas tú.
13Roinnt laethe ’n‐a dhiaidh sin, tháinig an rí Agrippa agus Bernicé go Céasaria, le fáilte do chur roimh Fhéstus. 14Agus mar d’fhanadar annsin mórán laethe, d’innis Féstus cúis Phóil do’n rí, g‐á rádh, Atá fear annso d’fhág Féilics ’n‐a phríosúnach: 15agus, nuair do bhíos‐sa i nIarúsalem, tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí na nIúdach chugam le fios scéil ’n‐a thaobh, ag iarraidh orm a dhaoradh. 16D’fhreagras dóibh, nach é nós na Rómánach duine ar bith do thabhairt chum breitheamhnais gan an duine a cionntuighthear agus lucht a chionntuighthe bheith ar aon í áthair le chéile, agus caoi do thabhairt dó le n‐a chosaint féin ar an gcoir curtar ’n‐a leith. 17Uime sin, ar bheith dhóibh i gceann a chéile annso, ní dhearnas aon mhoill, acht an lá ’n‐a dhiaidh sin do shuidheas i gcathaoir an bhreitheamhnais, agus d’órduigheas an fear do thabhairt i láthair. 18Nuair d’éirigh na cionntuightheoirí ’n‐a seasamh, níor chuireadar rud ar bith ’n‐a leith de’n tsaghas a rabhas ag braith leis: 19acht do bhí ceisteanna áirithe bhaineas le ’n‐a gcreideamh féin aca ’n‐a aghaidh, agus i dtaobh Íosa éigin, fuair bás, go ndubhairt Pól go raibh sé beo. 20Agus de bhrigh nár fhéadas‐sa meabhair do dhéanamh de na ceisteannaibh sin, d’fhiafruigheas arbh áil leis dul go h‐Iarúsalem, chum go dtiubharthaí breith ar na neithibh sin annsin. 21Acht nuair d’iarr Pól go gcuirfidhe a chúis fá bhreith an impire, d’órduigheas a choimhéad nó go gcuirfinn chum Chéasair é. 22Annsin adubhairt Agrippa le Féstus, Ba mhaith liom féin an fear do chlos. Cloisfir amárach é, adubhairt seisean.
23Uime sin, lá ar n‐a bhárach, tháinig Agrippa agus Bernicé le poimp mhóir, agus nuair chuadar isteach i dtigh na cúirte, i n‐éinfheacht leis na h‐árdchaiptínibh agus le maithibh na cathrach, thug Féstus órdú, agus tugadh Pól ’n‐a láthair. 24Agus adubhairt Féstus, A rí Agrippa, agus a bhfuil de dhaoinibh láithreach annso, do‐chí sibh an fear so go dtáinig na h‐Iúdaigh uile chugam ’n‐a thaobh i nIarúsalem agus san áit seo, g‐á ghlaodhach os árd nár cheart a bheith beo níos faide. 25Acht ní fhuaras coir ar bith ann do thuill bás; agus ó chuir sé é féin fá choimirce an impire, do shocruigheas ar a chur chuige. 26Ní fhuil aon nidh cruinn agam, ámh, le scríobhadh chum mo thighearna ’n‐a thaobh. Ar an adhbhar sin thugas annso chugaibh‐se é, agus chugat‐sa, go h‐áirithe, a rí Agrippa, le súil go mbéidh rud éigin agam le scríobhadh nuair cheisteochas tú é. 27Óir do‐chítear dom gur obair mhí‐réasúnta príosúnach do chur uaim gan na cionntaí atá curtha ’n‐a leith d’innsin.
Currently Selected:
Gníomhartha 25: ATN1951
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932