Agus tar a éis dó ocht nó deich lá d’fhanamhain ’n‐a measc, do chuaidh sé síos go Céasaria; agus an lá ’n‐a dhiaidh sin do shuidh sé i gcathaoir an bhreitheamhnais, agus d’órduigh sé Pól do thabhairt isteach. Agus nuair tháinig seisean, na h‐Iúdaigh tháinig ó Iarúsalem, do sheasadar ’n‐a thimcheall, ag cur a lán neithe trom ’n‐a leith, nár fhéadadar a gcrothú