Gníomhartha 24
24
1Agus i gcionn cúig lá ’n‐a dhiaidh sin tháinig an t‐árd‐shagart Ananias anuas mar aon le cuid de na seanóiribh, agus le cainnteoir darbh ainm Tertullius; agus do chuireadar an chúis: gcoinnibh Phóil i dtuigsin do’n árd‐riaghlóir. 2Agus nuair do glaodhadh air, do thosnuigh Tertullius ar a chionntú, g‐á rádh,
A Fhéilics oirdheirc, ó thárla gur ab ort‐sa atá á bhuidheachas go bhfuil síothcháin mhór againn, agus go bhfuil an náisiún so d’á chur ar a leas as ucht do chéille, 3glacaimíd i gcómhnaidhe é agus ins gach áit le lán‐bhuidheachas. 4Acht, gan mórán moille do chur ort, iarraim ort, ded’ cheannsacht, éisteacht le roinnt focal uainn. 5Is amhlaidh fuaramar an fear so ’n‐a ughdar tubaiste agus ’n‐a adhbhar ceannairce i measc na nIúdach ar fud an domhain, agus é ’n‐a cheann ar aicme na Nasardhach: 6agus do cheap sé an teampall féin do thruailliú: acht rugamar‐ne air. 8Féadfair, acht ceisteanna do chur air, eolas d’fhágháil ar na neithibh atá againne d’á gcur ’n‐a leith. 9Agus d’aontuigh na h‐Iúdaigh mar an gcéadna leis, g‐á rádh go raibh an méid sin fíor.
10Agus nuair do sméid an t‐árd‐riaghlóir ar Phól labhairt, d’fhreagair sé,
Ó’s eol dom go bhfuilir‐se id’ bhreitheamh ar an náisiún so le bliadhantaibh fada, tá meisneach orm agus mé ag labhairt ar mo shon féin. 11Is féidir dhuit a fhios d’fhágháil nach bhfuil acht dhá lá déag ann ó chuadhas suas go h‐Iarúsalem le h‐adhradh do dhéanamh: 12agus nach bhfuaradar san teampall mé ag aighneas le h‐aon duine, ná ag brostú an phobail ins na sionagógaibh, ná san gcathair. 13Ní mó nach bhfuil ar chumas dóibh na neithe atá siad do chur im’ leith do chrothú dhuit. 14Acht admhuighim an méid seo dhuit, go ndéanaim seirbhís do Dhia ár sinnsear de réir na Slighe ar a dtugann siad‐san eiriceacht, ag creideamhain do gach nidh atá de réir na dlighe, agus atá scríobhtha ins na fáidhibh: 15agus go bhfuil muinighin agam as Dia, fá mar tá aca‐san féin, go dtiocfaidh aiséirghe na bhfíréan agus na neimh‐fhíréan. 16Chuige seo is eadh atáim ag déanamh mo dhíchill, le coinsias glan gan smál do choimhéad i gcómhnaidhe i dtaobh Dé agus daoine. 17Anois, tar éis bliadhan fada, tháinig mé le déirc do thabhairt dom’ chineadh féin agus le h‐íodhbairt do dhéanamh: 18agus fuaradar mé glanta san teampall gan sluagh, gan toirmeasc: 19acht amháin go raibh roinnt Iúdach ó’n Áise — go mba cheart dóibh bheith annso id’ láthair, agus mo chionntú, má tá aon rud aca le cur im’ leith. 20Nó abraidís féin cia an fuara éagcóirdar, nuair bhíos im’ sheasamh i láthair na h‐árd‐chómhairle, 21muna mbéadh an t‐aon fhocal amháin do ghlaodhas amach agus mé im’ sheasamh ’n‐a measc, Is é aiséirghe na marbh an cheist go bhfuil breith ’n‐a taobh d’á tabhairt orm os bhúr gcómhair indiu.
22Acht Féilics, ag a raibh eolas ní ba chruinne i dtaobh na Slighe, do chuir sé ar athlá iad, g‐á rádh, Nuair thiocfas Lusias, an t‐árd‐chaiptín, anuas, do‐ghéanad breathnú ar bhúr gcúis. 23Agus d’órduigh sé do’n cheanntúir a choimhéad, agus roinnt saoirse do thabhairt dó: gan aon duine d’á cháirdibh do chosc ar shócamhal do dhéanamh dhó.
24Agus roinnt laethe ’n‐a dhiaidh sin, tháinig Féilics i n‐éinfheacht le n‐a mhnaoi Drúsilla, bean Iúdach, agus do chuir sé fios ar Phól, agus d’éist sé leis ag labhairt ar an gcreideamh i gCríost Íosa. 25Acht ag trácht dó ar fhíréantacht, agus ar mheasardhacht, agus ar an mbreitheamhnas a bhí le teacht, do scannruigh Féilics, agus adubhairt sé, Imthigh leat anois; agus nuair bhéas uain agam, cuirfead fios ort. 26Do bhí súil aige ar an am chéadna go dtiubhradh Pól airgead dó; uime sin ba mhinice é ag cur feasa air, agus ag cómhrádh leis. 27Acht nuair bhí dhá bhliadhain imthighthe, tháinig Porcius Féstus i n‐ionad Fhéilics; agus le sásamh do thabhairt do na h‐Iúdachaibh, d’fhág Fhéilics Pól fá cheangal.
Currently Selected:
Gníomhartha 24: ATN1951
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932