Lúcas 20
20
Caibidil XX
Fáithscéal na bhfeirmeoirí. Fá dhíol cánach le Caesar, agus fá eiséirghe na marbh.
1Agus thárla, aon lá acu siúd, nuair a bhí sé ag teagasc an phobail agus ag seanmóir an tsoiscéil san teampall,#Mait. 21, 23; Marc. 11, 27. gur chruinnigh uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe mar aon leis na seanóirí le chéile,
2Agus deir siad leis, ag rádh: Innis dúinn, cad é an t-ughdarás le n-a ndéan tú na neithe seo, agus cé thug duit an t-ughdarás seo?
3Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Cuirfidh mise fosta aon cheist amháin oraibh-se. Freagraigidh mé:
4Arbh ó neamh, nó ó dhaoine, baisteadh Eoin?
5Acht mheabhruigh siad-san eatortha féin, ag rádh: Má deirimíd: Ó neamh, déarfaidh sé: Cad chuige, ar an adhbhar sin, nár chreid sibh é?
6Acht má deirimíd: Ó dhaoine, caithfidh na daoine uilig clocha orainn; óir tá siad cinnte gur fáidh a bhí i n-Eoin.
7Agus d’fhreagair siad nach raibh a fhios acu cárbh as dó.
8Agus dubhairt Íosa leo: Agus ní innsim-se díbh-se acht a oiread cad é an t-ughdarás le n-a ndéanaim na neithe seo.
9Agus thoisigh sé a rádh an fháithscéil seo leis an phobal: Chuir duine fíonghort,#Isaias 5, 1; Ier. 2, 21; Mait. 21, 33; Marc. 12, 1. agus shuidh sé le feirmeoirí é, agus chuaidh sé féin ar an choigchrích ar feadh i bhfad.
10Agus nuair a bhí an séasúr ann chuir sé seirbhíseach chuig na saothruightheoirí, go dtabharadh siad dó cuid de thoradh an fhíonghuirt. Acht bhuail siad agus chuir siad ar shiubhal folamh é.
11Agus chuir sé seirbhíseach eile arís. Acht bhuail siad é sin fosta, agus i ndiaidh droch-íde a thabhairt dó, chuir siad ar shiubhal folamh é.
12Agus uair eile chuir sé an tríomhadh seirbhíseach. Agus ghoin siad é sin, agus theilg siad amach é.
13Agus dubhairt tighearna an fhíonghuirt: Cad é dhéanfas mé? Cuirfidh mé mo mhac múirneach; b’fhéidir, nuair atchífeas siad eisean, go dtabharfaidh siad urraim dó.
14Agus nuair a chonnaic na feirmeoirí é, mheabhruigh siad leo féin, ag rádh: Is é seo an t-oighre, cuirimís chun báis é, chun go raibh an oighreacht againn.
15Agus ar a theilgean amach as an fhíonghort dóibh, mharbh siad é. Cad é, dá bhrígh sin, a dhéanfas tighearna an fhíonghuirt leo?
16Tiocfaidh sé agus scriosfaidh sé na feirmeoirí sin, agus bhéarfaidh sé an fíonghort do dhaoine eile. Agus ar a chluinstin sin dóibh, dubhairt siad: Nár leigidh Dia.
17Acht d’amharc seisean ortha, agus dubhairt: Mar sin de, cad é an nídh seo atá scríobhtha:#Sailm 117, 22; Isaias 28, 16; Mait. 21, 42; Gníomh. 4, 11; Rómh. 9, 33; 1 Pead. 2, 7. An chloch ar dhiúltuigh na saoir chloiche dí, tá cloch choirnéil déanta dí?
18Gach aoinneach a thuitfeas ar an chloich sin, brisfear ina phíosaí é; agus an té ar a dtuitfidh sí, meilfidh sí é.
19Agus bhí fonn ar uachtaráin na sagart agus ar na Scríobhaidhthe breith air an t-am sin, acht bhí eagla ortha roimh na daoine; óir bhí a fhios acu gur fá dtaoibh díobh féin a labhair sé an tsamhlaoid sin.
20Agus bhí siad ag coimhéad, agus chuir siad lucht ceilge,#Mait. 22, 15; Marc. 12, 13. a chuirfeadh i gcéill go raibh siad cóir, le breith air ina chainnt, chun go dtabharadh siad suas do chumhacht agus do ughdarás an uachtaráin é.
21Agus cheistigh siad é, ag rádh: A Mháighistir, tá a fhios againn go labhrann tú agus go dteagascann tú go ceart, agus nach bhfuil beann agat ar dhuine, acht go dteagascann tú slighe Dé go fírinneach:
22An coir dúinn cáin a thabhairt do Chaesar, nó nach cóir?
23Acht ag breathnughadh ar a gceilg dó-san, dubhairt sé leo: Cad chuige a bhfuil sibh ag cur féachála orm?
24Taisbeánaigidh pighinn damh. Cé ar de an íomháigh agus an scríbhinn atá uirthí? Dubhairt siad leis, ghá fhreagairt: De Chaesar.
25Agus dubhairt sé leo: Ar an adhbhar sin, tabhairigidh do Chaesar na neithe is le Caesar,#Rómh. 13, 7. agus do Dhia na neithe is le Dia.
26Agus ní tháinic leo locht d’fhagháil ar a bhriathar ós cómhair na ndaoine, agus, ag déanamh iongantais dá fhreagair, d’fhan siad ina dtost.
27Agus tháinic chuige cuid de na Sadducaigh,#Mait. 22, 23; Marc. 12, 18. dream a shéanas go bhfuil aon eiséirghe ann, agus cheistigh siad é,
28Ag rádh: A Mháighistir, scríobh Maoise dúinn,#Deut. 25, 5. dá bhfaghadh dearbhráthair dhuine ar bith bás, agus bean aige, agus dá mbéadh sé sin gan chloinn, go nglacfadh a dhearbhráthair-sean í mar mhnaoi, agus go dtógfadh sé sliocht dá dhearbhráthair.
29Mar sin de, bhí seacht ndearbhráithre ann, agus ghlac an chéad duine bean, agus fuair sé bás gan chloinn.
30Agus ghlac an dara duine í, agus fuair seisean bás gan mhac.
31Agus ghlac an tríomhadh duine í. Agus mar an gcéadna, an seachtar uilig, agus níor fhág siad sliocht ina ndiaidh, agus fuair siad bás.
32Ina ndiaidh uilig fuair an bhean bás fosta.
33San eiséirghe, dá bhrígh sin, cé acu a mbéidh sí ina mnaoi aige? Óir bhí sí ina mnaoi ag gach aoinneach de’n tseachtar.
34Agus dubhairt Íosa leo: Pósann agus bheirtear le pósadh clann an tsaoghail seo;
35Acht iad sin, a measfar gur fiú an saoghal úd iad, agus an eiséirghe ó mharbhaibh, ní phósfaidh siad agus ní ghlacfaidh siad mná.
36Ná ní féidir dóibh bás d’fhagháil níos mó; óir tá siad cóimh-ionann leis na h-aingle agus is clann Dé iad, de bhrígh gurab iad clann na h-eiséirghe iad.
37Acht thaisbeán Maoise fosta ag an tor go n-éirigheainn na mairbh, nuair a ghoireas sé de’n Tighearna:#Ecs. 3, 6. Dia Abrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iacóib.
38Óir ní Dia do dhaoine marbha é, acht do dhaoine beo; óir tá siad uilig beo dó-san.
39Agus d’fhreagair cuid de na Scríobhaidhthe, agus dubhairt leis: a Mháighistir, is maith a dubhairt tú é.
40Agus ní raibh sé de dhánacht ionnta aon cheist a chur air ní ba mhó.
41Agus dubhairt sé leo: Cad é mar deir siad gur mac do Dháibhidh an Críost,
42Agus deir Dáibhidh é féin i leabhar na Sailm: Dubhairt an Tighearna le mo Thighearna:#Sailm 109, 1; Mait. 22, 44; Marc. 12, 36. Suidh ar mo dheis,
43Go dtí go gcuiridh mé do náimhde ina stól faoi do chosa?
44Ar an adhbhar sin, bheir Dáibhidh Tighearna air, agus cad é mar tá sé ina mhac aige?
45Agus dubhairt sé le n-a dheisciobail, agus an pobal uilig ag éisteacht:
46Seachnaigidh na Scríobhaidhthe#Mait. 23, 6; Marc. 12, 38. ar mian leo siubhal i n-éadaighe fada, agus ar maith leo fáiltiughadh d’fhagháil i n-áit an mhargaidh, agus na cathaoireacha tosaigh ins na sineagóga, agus na chéad áiteacha ag na féastaí,
47A shlugas tighthe na mbaintreabhach, ar scáth urnaighe fhada a dhéanamh. Gheobhaidh siad seo damnughadh níos truime.
Currently Selected:
Lúcas 20: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland