YouVersion Logo
Search Icon

Lúcas 21

21
Caibidil XXI
Cianóga na baintreabhaighe. Na cómharthaí a thiocfas roimh scrios Ierusalem, agus roimh dheireadh an tsaoghail.
1Agus ag amharc dó, chonnaic sé na daoine saidhbhre ag cur a dtiodhlaicthe isteach san chiste.#Marc. 12, 41.
2Agus chonnaic sé fosta baintreabhach bhocht áirithe ag cur dhá chianóig bhrais ann,
3Agus dubhairt sé: Deirim libh go fírinneach, gur mó a chuir an bhaintreabhach bhocht seo isteach ná iad uilig.
4Óir chuir siad-san uilig isteach as a bhflúirse i dtabhartaisí Dé; acht as a gannchuid, chuir sí seo isteach a raibh aice de’n tsaoghal.
5Agus le daoine áirithe a bhí ag rádh fá’n teampall, go raibh sé maisighthe le clocha bréagha agus tiodhlaicthe, dubhairt sé:
6Na neithe seo atchí sibh, tiocfaidh na laethe,#Mait. 24, 2; Marc. 13, 2. nuair nach bhfágfar cloch ós cionn cloiche nach scaoilfear anuas.
7Agus d’fhiafruigh siad de, ag rádh: A Mháighistir, cá h-uair a bhéas na neithe sin ann, agus cad é bhéas ina chómhartha, go mbéidh siad ar tí a theacht?
8Agus dubhairt sé: Tabhairigidh aire nach mealltar sibh; óir tiocfaidh mórán i m’ainm-se, ag rádh: Is mise é agus tá an t-am ar na gaobhair: ar an adhbhar sin, ná leanaigidh iad.
9Agus nuair a chluinfeas sibh fá chogtha agus ceannairceacha, ná bíodh scannrughadh oraibh; is éigean do na neithe seo a bheith ann ar dtús, acht ní h-é an deireadh é díreach go fóill.
10Annsin dubhairt sé leo: Éireochaidh cineadh i n-aghaidh cinidh agus ríoghacht i n-aghaidh ríoghachta,
11Agus béidh creatha móra talaimh i n-áiteacha, agus pláigheanna agus gorta agus uathbháis ó neamh agus béidh cómharthaí móra ann.
12Acht rompa seo uilig béarfaidh siad oraibh, agus cuirfidh siad géirleanamhaint oraibh, bhur dtabhairt suas do shineagóga agus príosúin, bhur dtarraingt roimh ríghthe agus uachtaráin mar gheall ar m’ainm-se.
13Agus tárlóchaidh sé díbh mar fhiadhnaise.
14Socruighigidh i bhur gcroidhthe, ar an adhbhar sin, gan bheith ag meabhrughadh roimh ré cad é mar fhreagróchas sibh;
15Óir bhéarfaidh mise béal agus eagna díbh, nach mbéidh bhur n-eascáirde go léir ábalta cur ina n-aghaidh ná labhairt ina n-aghaidh.
16Agus braithfidh aithreacha agus máithreacha agus bráithre agus gaolta agus cáirde sibh, agus cuirfidh siad cuid agaibh chun báis,
17Agus béidh fuath ag gach aoinneach oraibh mar gheall ar m’ainm-se.
18Acht ruibe de bhur gcionn ní rachaidh amugha.
19I bhur bhfoighid is eadh a bhéas congbháil bhur n-anam agaibh.
20Agus nuair atchífeas sibh arm thart fá Ierusalem, bíodh a fhios agaibh annsin go bhfuil a bánughadh i ngaobhar#Dan. 9, 27; Mait. 24, 15; Marc. 13, 14. dí.
21Annsin iad-san atá i n-Iudaia, teicheadh siad chun na sléibhte, agus iad-san atá ina lár, imthigheadh siad amach, agus an mhuinntir atá ins na guirt, ná taradh siad isteach inntí,
22Óir is laethe díoghaltais iad sin, chun go gcóimhlíontaí na h-uile neithe dá bhfuil scríobhtha.
23Acht is mairg do na mná a bhéas ag iomchar cloinne, agus dóbhtha-san a bheir diúl ins na laethe sin; óir béidh anrógh mór san tír, agus fearg leis an phobal seo.
24Agus tuitfidh siad le faobhar claidhimh, agus bhéarfar ina bhpríosúnaigh iad go dtí na h-uile chinidheacha, agus béidh Ierusalem dá saltairt faoi chosa na gcinidheach, go dtí go gcóimhlíonfar seala na gcinidheach.
25Agus béidh cómharthaí#Isaias 13, 10; Eséciel 32, 7; Ióel 2, 10, agus 3, 15; Mait. 24, 29; Marc. 13, 24. san ghréin, agus san ghealaigh, agus ins na réalta, agus ar an talamh imnidhe na gcinidheach mar gheall ar chíor-thuathail thormán na mara agus na dtonn,
26Daoine ag dul i meath le scannrughadh, agus le feitheamh ar na neithe a bhéas le theacht ar an domhan go léir; óir béidh cumhachtaí neimhe dá suathadh.
27Agus annsin tchífidh siad Mac an Duine ag teacht i néall fá mhór-chumhacht agus fá ghradam.
28Agus nuair a thoiseochas na neithe sin a bheith ann, dearcaigidh suas, agus tógaigidh bhur gcinn; óir tá bhur slánughadh i ngaobhar díbh.#Rómh. 8, 23.
29Agus labhair sé samhlaoid leo: Dearcaigidh ar an chrann fíge agus ar na crainn go léir;
30Nuair athá siad ag tabhairt a dtortha amach anois, tá a fhios agaibh go bhfuil an samhradh buailte libh.
31Mar sin díbh fosta, nuair atchífeas sibh na neithe seo ag teacht, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríoghacht Dé buailte libh.
32Amén adeirim libh, nach mbéidh an ghlúin seo ar shiubhal, go dtí go ndéantar gach nídh a chóimhlíonadh.
33Rachaidh neamh agus talamh ar neimhnídh, acht ní rachaidh mo bhriathra-sa ar neimhnídh.
34Agus tabhairigidh aire díbh féin, ar eagla go mbéadh bhur gcroidhthe luchtuighthe le craos agus meisce agus cúraim an tsaoghail seo, agus go dtigeadh an lá úd oraibh go tobann;
35Óir is mar ghaiste a thiocfas sé ar an uile dhuine dá bhfuil ina shuidhe ar aghaidh an domhain go léir.
36Ar an adhbhar sin, bígidh ag faire, agus i gcómhnaidhe ag guidhe, chun go meastaí gurbh fhiú sibh imtheacht ar na neithe sin uilig atá le theacht, agus seasamh ós cómhair Mhic an Duine.
37Agus bhíodh sé ag teagasc san teampall ar feadh an lae, acht théigheadh sé amach agus bheireadh sé an oidhche ar an tsliabh, dá ngoirtear Olibhet.
38Agus thigeadh na daoine uilig chuige san teampall go luath ar maidin chun bheith ag éisteacht leis.

Currently Selected:

Lúcas 21: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in