Lúcas 19
19
Caibidil XIX
Críost i dtigh Shacheuis. Fáithscéal na bpuntaí. Críost ag marcaidheacht ar asal, agus ag gol ós cionn Ierusalem.
1Agus chuaidh sé isteach gur shiubhal fríd Ierico.
2Agus féach, bhí fear ann darbh ainm Sacheus, a bhí ina uachtarán ar na puibliocánaigh, agus bhí sé saidhbhir.
3Agus bhí sé ag iarraidh a fheiceáil cérbh é Íosa, acht ní tháinic leis mar gheall ar an tsluagh, óir ní raibh áirde mhór ann.
4Agus ag rith ar aghaidh roimhe dó, chuaidh sé suas i gcrann shiceamóra chun é d’fheiceáil, mar go raibh sé le dul thart an bealach sin.
5Agus ag amharc suas do Íosa, ag teacht chun na h-áite dó, chonnaic sé é, agus dubhairt leis: A Shacheuis, tar anuas go tapaidh, óir is éigean damh cómhnaidhe a dhéanamh i do thigh-se indiu.
6Agus tháinic sé anuas go tapaidh, agus ghabh sé chuige é fá lúthgháir.
7Agus nuair a chonnaic na daoine uilig sin, rinne siad monabhar, ag rádh go ndeacaidh sé ar aoidheacht chuig duine peacthach.
8Agus sheasuigh Sacheus agus dubhairt leis an Tighearna: Féach, a Thighearna, bheirim leath mo choda do na bochta, agus má rinne mé éagcóir ar aoinneach i n-aon nídh, bheirim a cheithre oiread dó thar ais.
9Dubhairt Íosa leis: Thárla slánughadh do’n tigh seo indiu, de brígh go bhfuil seisean fosta ina mhac ag Abraham.
10Óir tháinic Mac an Duine a chuartughadh agus a shlánughadh an nídh a bhí caillte.#Mait. 18, 11.
11Agus ag leanamhaint de’n chainnt dó, agus iad-san ag éisteacht leis na neithe sin, labhair sé fáithscéal, de brígh go raibh sé cómhgarach do Ierusalem, agus gur shíl siad go bhfoillseochaidhe ríoghacht Dé ar an bhall.
12Ar an adhbhar sin, dubhairt sé:#Mait. 25, 14. D’imthigh duine uasal áirithe go tír i bhfad ó bhaile chun ríoghacht a ghabháil dó féin agus a theacht thar ais.
13Agus ghoir sé chuige deich seirbhísigh leis, thug deich bpuntaí#19, 13 Deich bpuntaí. An píosa a dtugtar punta air annseo, bheirtear mna air san Ghréigis, agus b’fhiú trí phunta agus leath-choróin é. dóibh, agus dubhairt leo: Déanaigidh tráchtáil go dtigidh mé.
14Acht bhí fuath ag a chuid daoine air, agus chuir siad teachtaireacht ina dhiaidh, ag rádh: Ní h-áil linn an fear seo a bheith ina rígh orainn.
15Agus thárla, go dtáinic sé thar ais ar ghabháil a ríoghachta dó, agus d’órduigh sé na seirbhísigh, a dtug sé an t-airgead dóibh, a ghairm chuige, go mbéadh a fhios aige cá mhéad a ghnóthuigh gach aoinneach acu.
16Agus, tháinic an chéad duine, agus dubhairt: A Thighearna, ghnóthuigh do phunta deich bpuntaí.
17Agus dubhairt sé leis: Maith thú, a sheirbhísigh mhaith, de bhrígh go raibh tú dílis san bheagán, béidh cumhacht agat ar dheich gcathracha.
18Agus tháinic an dara duine agus dubhairt: A Thighearna, rinne do phunta cúig phunta.
19Agus dubhairt sé leis-sean: Agus bí thusa ós cionn chúig gcathrach.
20Agus tháinic duine eile agus dubhairt: A Thighearna, seo dhuit do phunta, a bhí i dtaiscidh agam i n-éadach lámh;
21Óir bhí eagla orm rómhat, de bhrígh gur duine cruaidh thú: tógann tú an rud nár leag tú síos, agus baineann tú an rud nár chuir tú.
22Deir sé leis: As do bhéal féin bheirim breith ort, a dhroch-sheirbhísigh. Bhí a fhios agat gur duine cruaidh mé, a thógas an rudh nár i leag mé síos, agus a bhaineas an rud nár chuir mé:
23Agus cad chuige nár chuir tú mo chuid airgid san bhainnc, ionnas, ar theacht damh, go n-éilighinn é mar aon le biseach?
24Agus dubhairt sé leis an mhuinntir a bhí ina seasamh annsin: Beirigidh uaidh an punta agus tabhairigidh é do’n té ag a bhfuil na deich bpuntaí.
25Agus dubhairt siad: A Thighearna, tá deich bpuntaí aige.
26Acht deirim libh, go dtabharfar do gach aoinneach ag a bhfuil, agus béidh fairsingeach aige:#Mait. 13, 12, agus 25, 29; Marc. 4, 25. agus an té, nach bhfuil aige, tógfar uaidh fiú an rud atá aige.
27Acht tabhairigidh annseo na náimhde úd liom, nárbh áil leo mé a bheith i mo rígh ortha, agus cuirigidh chun báis ós mo chómhair iad.
28Agus nuair a bhí na neithe seo ráidhte aige, chuaidh sé ar aghaidh, ag dul suas go h-Ierusalem.
29Agus thárla, nuair a bhí sé ag teacht i ngaobhar do Bhetphage agus do Bhetánia,#Mait. 21, 1; Marc. 11, 1. i n-aice leis an tsliabh, dá ngoirtear Olibhet, chuir sé beirt dá dheisciobail uaidh,
30Ag rádh: Téighigidh isteach san bhaile sin thall ós bhur gcómhair: ag dul isteach ann díbh, gheobhaidh sibh searrach asaile ceangailte, nach ndearna duine ar bith marcaidheacht air ariamh; scaoiligidh agus tabhairigidh annseo é.
31Agus má fhiafruigheann aoinneach díbh: Cad chuigé a bhfuil sibh ghá scaoileadh? Déarfaidh sibh mar seo leis: De bhrígh go bhfuil feidhm ag an Tighearna air.
32Agus d’imthigh siad-san a cuireadh, agus fuair siad an searrach ina sheasamh, mar a dubhairt sé leo.
33Agus nuair a bhí siad ag scaoileadh an tsearraigh, an mhuinntir ar leo é, dubhairt siad leo: Cad chuige a bhfuil sibh ag scaoileadh an tsearraigh?
34Agus dubhairt siad-san: De bhrígh go bhfuil feidhm ag an Tighearna air.
35Agus thug siad chuig Íosa é,#Eoin 12, 14. agus ar chaitheamh a mbaill éadaigh ar an tsearrach dóibh, chuir siad Íosa ar a mhuin.
36Agus ag imtheacht dó spréidh siad a gcuid éadaigh ar an bhóthar faoi.
37Agus nuair a bhí sé cheana féin ag teacht i n-aice le fánaidh Shliabh na n-Ológ, thoisigh sluagh iomlán a dheisciobal a mholadh Dé go lúthgháireach de ghuth árd ar son na míorbhailte go léir a chonnaic siad,
38Ag rádh: Is beannuighthe an rí atá ag teacht i n-ainm an Tighearna; síothcháin ar neamh agus glóir ins na h-áird.
39Agus dubhairt cuid de na Fairisínigh as an tsluagh leis: A mháighistir, cuir smacht ar do dheisciobail.
40Agus dubhairt sé leo: Deirim libh, má bhíonn siad seo ina dtost, béicfidh na clocha.
41Agus nuair a tháinic sé cómhgarach, ar fheiceáil na cathrach dó, ghoil sé faoithe, ag rádh:
42Dá mbéadh a fhios agat, agus sin ins na laethe seo féin atá agat, na neithe atá chun síothchána duit, acht tá siad foluighthe ó do shúla anois.
43Óir tiocfaidh na laethe ort, agus cuirfidh do náimhde díog timcheall ort, agus druidfidh siad thart ort, agus cumhanglóchaidh siad thú ar gach taoibh,
44Agus buailfidh siad cothrom leis an talamh thú féin, agus do chlann atá ionnat, agus ní fhágfaidh siad cloch ós cionn cloiche ionnat,#Mait. 24, 2; Marc. 13, 2. de bhrigh nár aithin tú aimsir do fhiosruighthe.
45Agus ag dul isteach san teampall dó,#Mait. 21, 12; Marc. 11, 15. thoisigh sé a thiomáint amach na ndaoine a bhí ag díol agus ag ceannach ann,
46Ag rádh leo: Tá sé scríobhtha:#Isaias 56, 7. Is teach urnaighe mo theach-sa. Acht rinne sibh-se uamhach ghadaidhthe#Ier. 7, 11. de.
47Agus bhí sé ag teagasc gach uile lá san teampall. Acht bhí uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe agus ceannairí an phobail ag dúil le n-a chur chun báis,
48Agus ní raibh a fios acu cad é dhéanfadh siad leis. Óir bhí na daoine uilig lán-aireach ag éisteacht leis.
Currently Selected:
Lúcas 19: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland