Lúcas 18
18
Caibidil XVIII
Tá orainn a bheith ag guidhe de shíor. An Fairisíneach agus an puibliocánach. Contabhairt an tsaidhbhris. Leigheastar an dall.
1Agus labhair sé fáithscéal leo fosta, gur chóir dúinn a bheith ag guidhe de shíor,#Eccl. 18, 22; 1 Teas. 5, 17. agus gan ár misneach a chailleamhaint,
2Ag rádh: Bhí breitheamh ann i gcathair áirithe, agus ní raibh eagla Dé ann ná áird ar dhuine aige.
3Agus bhí baintreabhach áirithe san chathair sin, agus thigeadh sí chuige, ag rádh: Déan ceart liom ar mo eascaraid.
4Agus dhiúltuigh sé ar feadh i bhfad. Acht ina dhiaidh sin dubhairt sé leis féin: Gidh nach bhfuil eagla orm roimh Dhia ná áird agam ar dhuine,
5Cidheadh, de bhrigh go bhfuil an bhaintreabhach seo mo bhodhradh, dhéanfaidh mé ceart léi, ar eagla go dtigeadh sí fá dheireadh agus mé a bhualadh dubh san aghaidh.
6Agus dubhairt an Tighearna: Éistigidh, cad é déir breitheamh na h-éagcóra;
7Agus nach ndéanfaidh Dia ceart dá fhíréin féin a bhíos ag scairtigh air lá agus oidhche, agus an mbéidh foighid aige ina gcás?
8Deirim libh go ndéanfaidh sé ceart dóibh gan mhoill. Acht cidheadh, nuair a thiocfas Mac an Duine, an dóigh leat go bhfuighidh sé creideamh ar an talamh?
9Agus labhair sé an fáithscéal seo fosta le dream áirithe a raibh muinighin acu astú féin amhail mar fhíréin, agus a tharcuisnigh daoine eile:
10Chuaidh beirt fhear suas chun an teampaill a dhéanamh urnaighe: ba Fhairisíneach duine acu, agus puibliocánach an duine eile.
11Sheasuigh an Fairisíneach agus ghuidh sé leis féin mar seo: A Dhia, bheirim buidheachas duit nach bhfuil mé mar an chuid eile de na daoine: creachadóirí, lucht éagcóra, adhaltrannaigh, ná fosta mar an phuibliocánach seo;
12Troiscim dhá uair san tseachtmhain; bheirim deachmhaidhe as gach nídh dá bhfuil agam.
13Acht sheasuigh an puibliocánach i bhfad ar gcúl, agus níorbh áil leis fiú a shúla a thógáil suas chun neimhe, acht bhuail sé a ucht, ag rádh: A Dhia, bí trócaireach liom-sa, peacach.
14Deirim libh: is é an fear seo a chuaidh abhaile fíréanta agus níorbh é an fear eile: #Mait. 23, 12.óir gach aoinneach a árdhuigheas é féin, ísleochar é; agus an té a ísligheas é féin, árdóchar é.
15Agus bhí siad ag tabhairt na leanbh chuige fosta,#Mait. 19, 13; Marc. 10, 13. go gcuireadh sé a lámh ortha. Agus nuair a chonnaic na deisciobail sin, bhagair siad ortha.
16Acht ghoir Íosa chuige iad, agus dubhairt: Leigigidh chugam na páistí, agus ná coscaigidh iad; óir is le n-a leithéidí sin ríoghacht Dé.
17Amén adeirim libh: Cibé nach nglacfaidh ríoghacht Dé chuige ar nós leinbh, ní rachaidh sé isteach inntí.
18Agus d’fhiafruigh uachtarán áirithe de, ag rádh:#Mait. 19, 16; Marc. 10, 17. A Mháighistir mhaith, cad é dhéanfas mé chun beatha shíorraidhe a shealbhadh?
19Agus dubhairt Íosa leis: Cad chuige a ngoireann tú maith díom? Ní maith aoinneach acht Dia amháin.
20Is eol duit na h-aitheanta:#Ecs. 20, 13. Ná déan marbhadh; ná déan adhaltranas; ná déan goid; ná tabhair fiadhnaise bhréige; tabhair onóir do d’athair agus do do mháthair.
21Agus dubhairt seisean: Choimhéad mé iad sin uilig ó m’óige.
22Agus nuair a chuala Íosa sin, dubhairt sé leis: Tá aon nídh amháin do dhíth ionnat go fóill: díol gach nídh dá bhfuil agat, agus tabhair do na bochta, agus béidh stór agat ar neamh; agus tar, lean mise.
23Ar a chluinstin sin dó, tháinic brón mór air, óir bhí sé an tsaidhbhir.
24Agus nuair a chonnaic Íosa go dtáinic brón air, dubhairt sé: Nach deacair dóbhtha sin a mbíonn saidhbhreas acu dul isteach i ríoghacht Dé.
25Óir is fusa do chamall dul fríd chró snáthaide, ná do fhear shaidhbhir dul isteach i ríoghacht Dé.
26Agus dubhairt an mhuinntir a bhí ag éisteacht: Agus cé h-é ar féidir a shábháil?
27Agus dubhairt sé leo: Na neithe is do-dhéanta ag daoine, is so-dhéanta ag Dia iad.
28Agus dubhairt Peadar: Féach, d’fhágamar sinne gach nídh agus leanamar thú.
29Agus dubhairt sé leo: Amén adeirim libh, ní fhuil aoinneach dár fhág teach nó athair nó máthair nó dearbhráithre nó bean nó clann ar son ríoghacht Dé,
30Nach bhfuighidh i bhfad níos mó ar an tsaoghal seo, agus beatha shíorraidhe ar an tsaoghal atá le theacht.
31Agus ghabh Íosa chuige an dáréag,#Mait. 20, 17; Marc. 10, 32. agus dubhairt leo: Féach, téighimíd suas go h-Ierusalem, agus cóimhlíonfar gach nídh dá bhfuil scríobhtha ag na fáidhe fá Mhac an Duine;
32Óir bhéarfar suas do na cinidheacha é, agus dhéanfar magadh faoi, agus dhéanfar é a sciúrsáil, agus caithfear seileogaí air,
33Agus i ndiaidh é a sciúrsáil, cuirfidh siad chun báis é, agus ar an treas lá éireochaidh sé arís.
34Agus níor thuig siad aon nídh acu seo, agus bhí an briathar seo foluighthe ortha, agus níor thuig siad na neithe a dubhradh.
35Agus thárla, nuair a tháinic sé cómhgarach do Ierico, go raibh dall áirithe#Mait. 20, 29; Marc. 10, 46. ina shuidhe ar thaoibh an bhóthair ag iarraidh déirce.
36Agus nuair a chuala seisean an sluagh ag dul thart, d’fhiafruigh sé cad é ba chiall dó.
37Agus d’innis siad dó go raibh Íosa as Nasair ag dul thart.
38Agus scairt sé amach, ag rádh: A Íosa, a Mhic Dháibhidh, déan trócaire orm.
39Agus na daoine a chuaidh i dtoiseach, bhagair siad air a bheith ina thost. Acht is amhlaidh is mó a scairt seisean: A Mhic Dháibhidh, déan trócaire orm.
40Sheasuigh Íosa, agus d’órduigh sé é a thabhairt chuige. Agus nuair a tháinic sé i n-aice leis, d’fhiafruigh sé de,
41Ag rádh: Cad is áil leat go ndéanfainn duit? Agus dubhairt seisean: A Thighearna, mé mo radharc d’fhagháil.
42Agus dubhairt Íosa leis: Bíodh do radharc agat: shlánuigh do chreideamh thú.
43Agus bhí a radharc aige ar an bhomaite, agus lean sé é, ag tabhairt ghlóire do Dhia. Agus ar a fheiceáil sin do na daoine, thug siad go léir moladh do Dhia.
Currently Selected:
Lúcas 18: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland