Lúcas 17
17
Caibidil XVII
Seachnadh scainnéil; éifeacht chreidimh, &c. Na deich lobhair. An dóigh a dtiocfaidh Críost.
1Agus dubhairt sé le n-a dheisciobail:#Mait. 18, 7; Marc. 9, 41. Ní féidir gan scainnéil a theacht; acht is mairg do’n té tré n-a dtig siad.
2B’fheárr dó dá gcuirtí bró fá n-a mhuinéal agus go dteilgthí san fhairrge é, ná go dtabharadh sé scainneal do chionn de na rudaí beaga seo.
3Tabhairigidh aire díbh féin: Má chionntuigheann do bhráthair i d’aghaidh,#Leibh. 19, 17; Eccl. 19, 13; Mait. 18, 15. tabhair achmhusán dó, agus má ghní sé aithrighe, tabhair maitheamhnas dó.
4Agus má chionntuigheann sé i d’aghaidh seacht n-uaire san lá, agus é tionntódh thar ais chugat seacht n-uaire san lá, ag rádh: Tá aithreachas orm: tabhair maitheamhnas dó.
5Agus dubhairt na h-Abstail leis an Tighearna: Méaduigh creideamh dúinn.
6Agus dubhairt an Tighearna: Má bhíonn creideamh agaibh mar ghráinnín de shíol mhustáird,#Mait. 17, 19. agus rádh leis an chrann mhaoildhearg seo: Tógtar as do fhréamhacha agus cuirtear san fhairrge thú, béidh sé umhal díbh.
7Agus cé agaibh, a bhfuil seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aodhaireacht, a deir leis, ar philleadh ó’n ghort dó: Imthigh leat láithreach, agus suidh síos chun bídh?
8Acht an é nach n-abrann sé leis: Déan réidh mo shuipéar, agus cuir do chrios ort agus déan freastal orm nó go n-ithidh, agus go n-ólaidh mé, agus ina dhiaidh sin íosaidh agus ólfaidh tusa?
9An mbíonn buidheachas aige ar an tseirbhíseach sin de bhrígh go ndearna sé na neithe a d’órduigh sé dó?
10Ní dóigh liom é. Agus sibh-se mar an gcéadna, nuair a bhíos gach nídh dár h-órduigheadh díbh déanta agaibh, abraigidh: Is seirbhísigh gan mhaith#17, 10 Seirbhísigh gan mhaith. De bhrígh nach mbíonn tairbhe an bith dár Máighistir san tseirbhís a ghnímíd dó; agus éiligheann sé an tseirbhís sin de cheart mar dhualgas uainn. Acht gidh nach bhfuil tairbhe ar bith ionainn dó-san, bíonn tairbhe mhór dúinn féin san tseirbhís a ghnímíd dó: óir is é a thoil ár ndéagh-oibreacha a dhéanamh luachmhar le n-a ghrásta, ionnas go dtuilleann siad luach saothair síorraidhe, as ucht na geallamhna a thug sé dúinn. sinn; rinneamar an rud a raibh sé d’fhiachaibh orainn a dhéanamh.
11Agus thárla, ag dul go h-Ierusalem dó, go ndeachaidh sé fríd lár na Samáire agus na Gailile.
12Agus ag dul isteach i mbaile áirithe dó, casadh air deichneabhar lobhar, a sheasuigh i bhfad uaidh,
13Agus d’árduigh a nguth, ag rádh: A Íosa, a Mháighistir, déan trócaire orainn.
14Agus nuair a chonnaic sé iad, dubhairt sé: Imthighigidh, taisbeánaigidh sibh féin do na sagairt.#Leibh. 14, 2. Agus thárla, ag imtheacht dóibh, gur glanadh iad.
15Agus nuair ba léir do dhuine acu go raibh sé glanta, tháinic sé thar ais, ag tabhairt ghlóire do Dhia de ghuth árd,
16Agus chaith sé é féin ar a aghaidh ag a chosa, ag tabhairt bhuidheachais; agus ba Samáiriteánach an fear seo.
17Agus d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: An é nár glanadh deichneabhar? Agus cá bhfuil an naonbhar?
18Nach bhfuarthas aoinneach le pilleadh, agus le glóir a thabhairt do Dhia, acht an coimhightheach seo?
19Agus dubhairt sé leis: Éirigh, imthigh: óir rinne do chreideamh slán thú.
20Agus d’fhiafruigh na Fairisínigh de: Cá h-uair a thiocfas ríoghacht Dé? Agus dubhairt sé, ghá bhfreagairt: Ní thiocfaidh ríoghacht Dé le coimhéad,
21Ná ní abróchaidh siad: Féach, seo í, nó: Féach, siúd í. Óir féach, tá ríoghacht Dé i bhur measc.
22Agus dubhairt sé le n-a dheisciobail: Tiocfaidh na laethe, nuair a bhéas fonn oraibh aon lá amháin de Mhac an Duine d’fheiceáil, agus ní fheicfidh sibh é.
23Agus déarfaidh siad libh: Féach, seo é,#Mait. 24, 23; Marc. 13, 21. agus: Féach, siúd é. Ná téighigidh agus ná leanaigidh iad.
24Óir mar shoillsigheas an splannc, a lasas faoi’n spéir, ar na neithe atá faoi’n spéir: is amhlaidh bhéas Mac an Duine ina lá féin.
25Acht is éigean dó ar dtús mórán neithe d’fhuilstin, agus diúltadh d’fhagháil ó’n ghlúin seo.
26Agus mar a thárla i laethe Naoi,#Gein. 7, 7; Mait. 24, 37. is amhlaidh fosta a bhéas i laethe Mhic an Duine:
27Bhí siad ag ithe agus ag ól, ag pósadh ban agus ghá dtabhairt lé pósadh, go dtí an lá ina ndeachaidh Naoi isteach san airc, agus go dtáinic an díle gur scrios sí iad uilig.
28Mar an gcéadna, mar a thárla i laethe loit:#Gein. 19, 25. bhí siad ag ithe agus ag ól, ag ceannach agus ag díol, ag cuaraidheacht agus ag tógáil tighthe;
29Agus an lá a d’imthigh Lot amach as Sodom, fearadh teine agus brumstan ó neamh gur scriosadh iad go léir.
30Is dá réir sin a bhéas an lá ina bhfoillseochar Mac an Duine.
31An uair sin, an té a bhéas ar mhullach an tighe agus a mhaoin san tigh, ná tuirlingeadh sé le h-iad a bhreith leis, agus mar an gcéadna, an té a bhéas san ghort, ná pilleadh sé thar ais.
32Cuimhnighigidh ar mhnaoi Loit.
33Cibé a iarrfas a anam a shábháil, caillfidh sé é,#Mait. 10, 39; Marc. 8, 35; Eoin 12, 25. agus cibé a chaillfeas é, congbhóchaidh sé beo é.
34Deirim libh:#Mait. 24, 40. An oidhche sin béidh beirt i n-aon leabaidh: tógfar duine acu, agus fágfar an duine eile.
35Béidh beirt bhan ag meilt i n-aoinfheacht: tógfar bean acu, agus fágfar an bhean eile; béidh beirt san ghort: tógfar duine acu, agus fágfar an duine eile.
36Deir siad leis, ghá fhreagairt: Cá h-áit, a Thighearna?
37Agus dubhairt seisean leo: Cibé ar bith áit a mbéidh an corp, is annsin fosta a chruinneochas na h-iolair le chéile.
Currently Selected:
Lúcas 17: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland