Lúcas 16
16
Caibidil XVI
Fáithscéal an stiubhaird mhí-ionnraic; agus fáithscéal an fhir shaidhbhir agus Lasair.
1Agus dubhairt sé fosta le n-a dheiscobail: bhí duine saidhbhir áirithe ann a raibh stiubhard aige, agus rinneadh casaoid leis air gur chuir sé a mhaoin amugha.
2Agus ghoir sé chuige é, agus dubhairt sé leis: Cad é seo a chluinim fá dtaoibh díot? Tabhair cunntas ar do stiubhardacht uait; óir ní thig leat a bheith i do stiubhard anois níos fuide.
3Agus dubhairt an stiubhard leis féin: Cad é dhéanfas mé, óir tá mo thighearna ag baint na stuibhardachta díom? Ní thig liom rómhar, agus is náir liom déirc d’iarraidh.
4Tá a fhios agam cad é dhéanfas mé, ionnas, nuair a chuirfear as an stiubhardacht mé, go nglacaidh siad isteach ina dtighthe mé.
5Ar an adhbhar sin ghoir sé chuige gach aoinneach de fhiachamhnaigh a thighearna, agus dubhairt sé leis an chéad duine: Cá mhéad atá ag mo thighearna ort-sa?
6Agus dubhairt seisean: Céad bairille ola. Agus dubhairt sé leis: Glac do bhille, agus suidh síos go tapaidh, agus scríobh leithchéad.
7Annsin dubhairt sé le duine eile: Agus cá mhéad atá ort-sa? Agus dubhairt seisean: Céad céathramha cruithneachta. Dubhairt sé leis: Glac do bhille agus scríobh ceithre fichid.
8Agus mhol an tighearna an stuibhard mí-ionnraic, de bhrígh go ndearna sé críonnacht: óir is críonna clann an tsaoghail seo do réir a gcinéil féin ná clann an tsoluis.
9Agus deirim-se libh: Déanaigidh cáirde díbh féin de mhammon na h-urchóide#16, 9 mhammon na h-urchóide. Is ionann mammon agus saidhbhreas. Bheirtear mammon na h-urchóide air annseo, de bhrígh go bhfaghtar é go minic le h-éagcóir, go ndéantar droch-úsáid de agus go mbíonn sé ina chúis pheacaidh. Cibé maith a bhíos ann, is rud saoghalta, bréagach é, agus ní h-é fíor-shaidhbhreas an Chríostaidhe é.; ionnas, nuair a bhéas sibh i n-easbaidh, go nglacaidh siad isteach#16, 9 Go nglacaidh siad isteach. Féadfaidh bochta Dé, a dtugamar déirc dóibh, ár n-anmanna a thabhairt chun na bhflaitheas le n-a nguidhe. ins na h-áruis síorraidhe síbh.
10An té a bhíos dílis san rud is lugha bíonn sé dílis fosta i rud níos mó, agus an té a bhíos mí-ionnraic san bheagán, bíonn sé mí-ionnraic fosta san mhórán.
11Ar an adhbhar sin, muna raibh síbh dílis san tsaidhbhreas bhréagach, cé thaobhfas é sin atá fíor libh?
12Agus muna raibh sibh dílis i gcuid duine eile, cé bhéarfas díbh an nídh is libh féin?
13Ní thig le seirbhíseach ar bith seirbhís#Mait. 6, 24. a dhéanamh do dhá mháighistir: óir béidh fuath aige ar dhuine acu, agus grádh aige do’n duine eile, nó claoidhfidh sé le duine acu, agus béidh dímheas aige ar an duine eile. Ní thig libh seirbhís a dhéanamh do Dhia agus do mhammon
14Agus na Fairisínigh, a raibh an tsainnt ionnta, chuala siad na neithe seo uilig, agus rinne siad magadh faoi.
15Agus dubhairt sé leo: Is sibh-se an dream a ghní sibh féin cóir i bhfiadhnaise na ndaoine, acht is eol do Dhia bhur gcroidhthe; óir an nídh a bhíos árd i meas daoine, bíonn sé fuathmhar i láthair Dé.
16Bhí an dlighe agus na fáidhe ann go dtí Eoin:#Mait. 11, 12. ó shoin tá ríoghacht Dé dá craobhscaoileadh, agus tá gach aoinneach ag déanamh foiréigin uirthí.
17Acht is fusa neamh agus talamh dul i neimhnídh,#Mait. 5, 18. ná aon mharc de’n dlighe tuitim.
18Gach aoinneach a chuireas ar shiubhal a bhean agus a phósas bean eile, ghní sé adhaltranas;#Mait. 5, 32; Marc. 10, 11; 1 Cor. 7, 10, agus 11. agus an té a phósas bean a cuireadh ar shiubhal ó n-a fear, ghní sé adhaltranas.
19Bhí duine saidhbhir áirithe ann, agus é gléasta i n-éadach chorcra agus i línéadach mhín, agus théigheadh sé chun bídh go sóghamhail gach lá.
20Agus bhí fear déirce áirithe ann, darbh ainm Lasair, ina luighe ag a gheafta, agus é lán de othraisí,
21Agus fonn air a sháith d’ithe de na grabhrógaí a thuiteadh de thábla an fhir shaidhbhir, agus ní thabharadh aoinneach dó; acht thigeadh na madaidh agus ligheadh siad a othraisí.
22Agus thárla go bhfuair an fear déirce bás, agus gur iomchar na h-aingle go h-ucht Abrahaim#16, 22 Ucht Abrahaim. An áit suaimhnis i n-ar chómhnuigh anmanna na naomh sul ar fhoscail Críost na flaithis le n-a bhás. é. Agus fuair an fear saidhbhir bás fosta, agus h-adhlacadh i n-ifreann é.
23Agus ag tógáil suas a chuid súl dó nuair a bhí sé dá phianadh, chonnaic sé Abraham i bhfad uaidh, agus Lasair ina ucht aige,
24Agus scairt sé amach, agus dubhairt: A Abrahaim, a athair, déan trócaire orm agus cuir Lasair go dtomaidh sé bárr a mhéire i n-uisce, chun mo theanga d’fhuaradh, óir tá mé mo chéasadh san bhladhair seo.
25Agus dubhairt Abraham leis: A mhic, cuimhnigh go bhfuair tusa neithe maithe i do shaoghal, agus Lasair, mar an gcéadna, droch-neithe; agus anois tá sólás dá fhagháil aige-sean, agus tá tusa do chéasadh.
26Agus le n-a chois sin uilig tá duibheagán mór curtha eadrainne agus sibh-se, san chruth nach féidir dóbhtha sin ar mhian leo é, dul anonn as seo chugaibh-se, ná teacht anall as sin chugainne.
27Agus dubhairt sé: Ar an adhbhar sin, a athair, iarraim ort é chur go tigh m’athar,
28Óir tá cúig dearbhráithre agam, go dtugaidh sé fiadhnaise dóibh, ar eagla go dtigeadh siad-san fosta isteach san áit seo na bpian.
29Agus deir Abraham leis: Tá Maoise agus ná fáidhe acu; éisteadh siad leo-san.
30Acht dubhairt seisean: Ní h-eadh, a Abrahaim, a athair, acht má théid duine chuca ó na mairbh, dhéanfaidh siad aithrighe.
31Agus dubhairt sé leis: Muna n-éistidh siad le Maoise agus leis na fáidhe, dá n-éirigheadh duine ó na mairbh féin, ní chreidfeadh siad é.
Currently Selected:
Lúcas 16: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland