Eoin 11
11
Caibidil XI
Tógann Críost Lasair ó’n bhás. Tá rún ag na h-uachtaráin é chur chun báis.
1Agus bhí duine áirithe tinn, Lasair ó Bhetánia, baile Mháire agus Mharta, a deirbhshiúir.
2(Agus b’í Máire an té úd a d’ung an Tighearna le h-ungadh, agus a thriomuigh a chosa le n-a gruaig:#Mait. 26, 7; Lúc. 7, 37. agus a raibh a dearbhráthair Lasair tinn).
3Ar an adhbhar sin, chuir a dheirbhsheathracha scéala chuige, ag rádh: a Thighearna, féach, tá an té is ionmhuin leat tinn.
4Agus nuair a chuala Íosa sin dubhaírt sé leo: Ní chun báish an tinneas seo, acht chun glóire Dé, ionnas go bhfaghadh Mac Dé glóir tríd.
5Agus bhí grádh ag Íosa do Mharta, agus do Mháire, a deirbhshiúir, agus do Lasair.
6Nuair a chuala sé, ar an adhbhar sin, go raibh sé tinn, annsin d’fhan sé dhá lá, mar sin féin, san áit chéadna.
7Annsin ina dhiaidh sin dubhairt sé le n-a dheisciobail: Téighimís go n-Iudaia arís.
8Deir na deisciobail leis: A Rabbi, is anois féin a bhí faoi na h-Iúdaigh gabháil do chlocha ionnat, agus an bhfuil tú ag dul annsin arís?
9D’fhreagair Íosa: Nach bhfuil dhá uair dhéag san lá? Má shiubhlann duine san lá, ní thruisligheann sé, óir tchí sé solus an tsaoghail seo:
10Acht má shiubhlann sé san oidhche, truisligheann sé, mar nach mbíonn an solus ann.
11Dubhairt sé na neithe seo, agus ina dhiaidh sin, dubhairt sé leo: Tá ár gcaraid Lasair ina chodladh: acht tá mé ag dul chun é mhuscladh as a chodladh.
12Dubhairt a dheisciobail, dá bhrígh sin: A Thighearna, má tá sé ina chodladh, béidh sé slán.
13Acht ba ar a bhás a labhair Íosa: acht shíl siad-san gurbh ar shuan an chodalta a labhair sé.
14Annsin dubhairt Íosa go soiléir leo, dá bhrígh sin: Fuair Lasair bhás:
15Agus mar gheall oraibh-se, chun go gcreididh sibh, is maith liom nach raibh mé ann, acht téighimís chuige.
16Ar an adhbhar sin, dubhairt Tomás, dá ngoirtear Didimus, le n-a chóimhdheisciobail: Téighimís-ne fosta, go bhfaghamuid bhás i n-aoinfheacht leis.
17Tháinic Íosa, mar sin: agus fuair sé é, agus é ceithre lá cheana féin san tuamba.
18Agus bhí Betánia tuairim agus cúig stáid déag i n-aice le h-Ierusalem.
19Agus bhí mórán de na h-Iúdaigh i ndiaidh a theacht chuig Máire agus Marta, le cian a thógáil díobh fá n-a ndearbhráthair.
20Nuair a chuala Marta, ar an adhbhar sin, go raibh Íosa ag teacht, chuaidh sí ina airicis: acht d’fhan Máire ina suidhe san tigh.
21Dubhairt Marta, dá bhrígh sin, le h-Íosa: A Thighearna, dá mbéitheá annseo, ní bhéadh mo dhearbhráthair marbh;
22Acht anois féin tá a fhios agam, cibé nídh a iarrfas tusa ar Dhia, go dtabharfaidh Dia duit é.
23Deir Íosa léi: Éireochaidh do dhearbhráthair arís.
24Deir Marta leis: Tá a fhios agam go n-éireochaidh sé arís san eiséirghe#Lúc. 14, 14. ar an lá deireannach.
25Dubhairt Íosa léi: Is mise an eiséirghe, agus an bheatha: an té a chreideas ionnam-sa, dá bhfaghadh sé bás féin, béidh sé beo:
26Agus gach aoinneach atá beo, agus a chreideas ionnam-sa, ní fhuighidh sé bás a choidhche. An gcreideann tú seo?
27Deir sí leis: Go dearbhtha, a Thighearna, tá sé creidthe agam gur tusa an Críost, Mac an Dé Bí, a tháinic ar an tsaoghal seo.
28Agus nuair a dubhairt sí na neithe sin, d’imthigh sí agus ghoir sí a deirbhshiúir Máire i gcogar, ag rádh: Tá an Máighistir annseo, agus tá sé do iarraidh.
29Ar a chluinstin sin díthe-se, éirigheann sí go tapaidh, agus tig sí chuige.
30Óir ní tháinic Íosa isteach san bhaile go fóill: acht bhí sé i gcómhnaidhe san áit sin i n-ar casadh Marta air.
31Na h-Iúdaigh, ar an adhbhar sin, a bhí i bhfochair Máire san tigh, agus ag tabhairt sóláis dí, nuair a chonnaic siad í ag éirghe fá dheifre, agus ag imtheacht amach, lean siad í, ag rádh: Is ag dul chun an tuamba atá sí, le caoineadh a dhéanamh ann.
32Nuair a tháinic Máire, dá bhrígh sin, mar a raibh Íosa, agus chonnaic sí é, chaith sí í féin ag a chosa, agus deir sí leis: A Thighearna, dá mbéitheá annseo, ní bhéadh mo dhearbhráthair marbh.
33Ar an adhbhar sin, nuair a chonnaic Íosa í ag gol, agus na h-Iúdhaigh a tháinic léi ag gol, rinne sé osna ina spiorad, agus chuir sé buaidhreamh air féin.
34Agus dubhairt: Cár chuir sibh é? Deir siad leis: Tar, a Thighearna, agus feic.
35Agus ghoil Íosa.
36Dubhairt na h-Iúdaigh, dá bhrígh sin: Féach, cad é an cion a bhí aige air.
37Acht dubhairt cuid acu: Nárbh fhéidir dó seo, a d’fhoscail súla an té a rugadh dall, an duine seo a chongbháil gan bás d’fhagháil?
38Ar an adhbhar sin, tig Íosa, agus é arís ag osnaighil ann féin, go dtí an tuamba: agus ba uamhach é: agus bhí cloch curtha ós a cionn.
39Deir Íosa: Tógaigidh an chloch. Deir Marta, deirbhshiúir an mharbhánaigh leis: A Thighearna, tá droch-bholadh as anois, óir tá sé ceithre lá marbh.
40Deir Íosa léi: Nár dhubhairt mé leat, má chreideann tú, go bhfeicfidh tú glóir Dé?
41Ar an adhbhar sin, thóg siad an chloch: agus ar thógáil suas na súl do Íosa, dubhairt sé: A Athair, bheirim buidheachas duit ar son gur éist tú liom.
42Acht bhí a fhios agam go n-éisteann tú liom i gcómhnaidhe, acht is mar gheall ar na daoine atá ina seasamh thart annseo, a dubhairt mé é: chun go gcreideadh siad gur tusa a chuir uait mé.
43Nuair a dubhairt sé sin, scairt sé de ghuth árd: A Lasair, tar amach.
44Agus ar an bhomaite tháinic an té a bhí marbh amach, na cosa agus na lámha ceangailte aige le h-éadaighe báis, agus bhí a aghaidh ceangailte le h-éadach lámh. Dubhairt Íosa leo: Scaoiligidh é, agus leigigidh dó imtheacht.
45Dhá bhrígh sin, mórán de na h-Iúdaigh a tháinic chuig Máire agus Marta, agus a chonnaic na neithe a rinne Íosa; chreid siad ann.
46Acht d’imthigh cuid acu chuig na Fairisínigh, agus d’innis siad dóibh cad é rinne Íosa.
47Ar an adhbhar sin, chruinnigh na h-árdshagairt agus na Fairisínigh cómhairle, agus dubhairt siad: Cad é tá dá dhéanamh againne, óir is iomdha míorbhail a ghní an duine seo?
48Má leigimíd leis mar seo, creidfidh an uile dhuine ann, agus tiocfaidh na Rómhánaigh, agus scriosfaidh siad ár n-áit agus ár gcineadh.
49Acht duine acu, darbh ainm Caiphas, mar gurbh é árdshagart na bliadhna sin é, dubhairt sé leo: Ní thuigeann sibh-se rud ar bith,
50Ná ní dhearcann sibh go bhfóireann díbh go bhfaghadh duine amháin bás ar son an phobail, agus nach scriostaí an cineadh go léir.
51Acht níorbh uaidh féin a dubhairt sé sin: acht mar gurbh é árdshagart na bliadhna sin é, thairngir sé go bhfuigheadh Íosa bás ar son an chinidh;
52Agus ní amháin ar son an chinidh, acht chun go gcruinnigheadh sé i gcionn a chéile clann Dé a bhí scaptha.
53Ó’n lá sin amach, dá bhrígh sin, bhí siad ag breathnughadh slighe chun é chur chun báis.
54Ar an adhbhar sin, níor shiubhal Íosa feasta go puiblidhe imeasc na n-Iúdach, acht d’imthigh sé go dtí an ceanntar atá i n-aice an fhásaigh, go cathair dá ngoirtear Ephrem, agus chómhnuigh sé annsin i gcuideachta a dheisciobal.
55Agus bhí Cáisc na n-Iúdach ar na gaobhair: agus chuaidh mórán as an tír suas go h-Ierusalem roimh an Cháisc, chun iad féin a naomhughadh.
56Dá bhrígh sin, bhí siad ag cuartughadh Íosa; agus bhíodh siad ag cómhrádh eatortha féin, agus iad ina seasamh san teampall: Cad é is dóigh libh, nach bhfuil sé ag teacht chuig lá na féile? Agus thug na h-árdshagairt agus na Fairisínigh órdughadh, dá mbéadh a fhios ag aoinneach cá raibh sé, é d’innse, chun go mbeireadh siad air.
Currently Selected:
Eoin 11: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland