Nuair a dubhairt sé sin, scairt sé de ghuth árd: A Lasair, tar amach.
Agus ar an bhomaite tháinic an té a bhí marbh amach, na cosa agus na lámha ceangailte aige le h-éadaighe báis, agus bhí a aghaidh ceangailte le h-éadach lámh. Dubhairt Íosa leo: Scaoiligidh é, agus leigigidh dó imtheacht.