Eoin 12
12
Caibidil XII.
Cosa Chríost dá n-ungadh. Téid sé isteach go h-Ierusalem ag marcaidheacht ar asal. Guth as na flaithis.
1Sé lá roimh an Cháisc,#Mait. 26, 6; Marc. 14, 3. dá bhrígh sin, tháinic Íosa go Betánia, mar a bhfuair Lasair bás, agus gur thóg Íosa ó na mairbh é.
2Agus rinne siad suipéar dó annsin: agus bhí Marta ag freastal, acht bhí lasair ar dhuine acu sin a bhí ina suidhe chun bídh ina chuidheachta.
3Ar an adhbhar sin, ghlac Máire punta ungtha de spíocnárd fhíor, luachmhar, agus rinne sí cosa Íosa d’ungadh, agus thriomuigh sí a chosa le n-a gruaig: agus líonadh an teach le cumhracht an ungtha.
4Ar an adhbhar sin, dubhairt duine dá deisciobail, Iúdhas Iscariot, an té a bhí ar tí a bhratha:
5Cad chuige nár díoladh an t-ungadh seo ar thrí chéad pighinn, agus é a thabhairt do na bochta?
6Acht dubhairt sé sin, ní ar son go raibh áird aige ar na bochta, acht de bhrígh gur ghadaidhe é, agus gurbh aige a bhíodh an sparán, agus go n-iomcharadh sé ah méid a chuirtí ann.
7Dubhairt Íosa, dá bhrígh sin: leigigidh dí chun go gcongbhuighidh sí é fá choinne lá m’adhlaicthe.
8Óir bíonn na bochta i gcómhnaidhe agaibh i bhur measc: acht ní bhím-se agaibh i gcómhnaidhe.#12, 8 Féach, an Nóta ar N. Mait. 26, 11.
9Bhí a fhios ag sluagh mór de na h-Iúdaigh, ar an adhbhar sin, go raibh sé annsin: agus tháinic siad, ní mar gheall ar Íosa amháin, acht chun go bhfeiceadh siad Lasair a thóg sé ó na mairbh.
10Agus bhí uachtaráin na sagart ag smaoineadh ar lasair a mharbhadh fosta:
11Óir d’imthigh mórán de na h-Iúdaigh mar gheall air, agus chreid siad i n-Íosa.
12Agus lá ar n-a bhárach, sluagh mór a tháinic chuig lá na féile, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag teacht go h-Ierusalem:
13Ghlac siad géaga na bpailm, agus chuaidh siad amach ina airicis, agus iad ag scairtigh: Hosanna, is beannuighthe an té atá ag teacht i n-ainm an Tighearna, Rí Israéil.
14Agus fuair Íosa asal óg, agus chuaidh sé a mharcaidheacht air,#Sac. 9, 9; Marc. 11, 7; Lúc. 19, 35. mar atá scríobhtha:
15Ná bíodh eagla ort, a inghean Shíoin: féach, tá do rí ag teacht, agus é ina shuidhe ar shearrach asaile.
16Níor thuig a dheisciobail na neithe sin ar dtús: acht nuair a chuaidh Íosa isteach ina ghlóir, chuimhingh siad annsin go raibh na neithe sin scríobhtha fá dtaoibh de, agus go ndearna siad na neithe sin leis.
17An sluagh, dá bhrígh sin, a bhí ina fhochair nuair a ghoir se Lasair as an tuamba, agus thóg sé ó na mairbh é, thug siad fiadhnaise uatha.
18Ar an adhbhar sin fosta, tháinic an sluagh amach ina airicis, de bhrígh gur chuala siad go ndearna sé an mhíorbhail sin.
19Ar an adhbhar sin, dubhairt na Fairisínigh le n-a chéile: An bhfeiceann sibh nach bhfuil ag éirghe linne ar chor ar bith? Féach, tá an saoghal uilig ar shiubhal ina dhiaidh.
20Agus bhí dream áirithe de na cinidheacha ar na daoine a chuaidh suas le h-adhradh a dhéanamh lá na féile.
21Tháinic siad-san, dá bhrígh sin, chuig Pilip, arbh as Bethsaida na Gailile dó, agus ghuidh siad é, ag rádh: A dhuine chóir, ba mhaith linn Íosa d’fheiceáil.
22Tig Pilip agus innseann sé d’Aindrias é. Annsin d’innis Aindrias agus Pilip do Íosa é.
23Agus d’fhreagair Íosa iad, ag rádh: Tháinic an uair chun glóir a thabhairt do Mhac an Duine.
24Amén, amén adeirim libh, muna bhfaghaidh an gráinnín cruithneachta a thuiteas san talamh bás,
25Fanann sé leis féin; achc má gheibh sé bás, bheir sé torádh mór uaidh. An té a ghrádhuigheas a bheatha, caillfidh sé í;#Mait. 10, 39, agus 16, 25; Marc. 8, 35; Lúc. 9, 24, agus 17, 33. agus an té a bheir fuath dá bheatha féin ar an tsaoghal seo, taiscigheann sé í chun na beatha síorraidhe.
26Má ghní aoinneach seirbhís damh-sa, leanadh sé mé: agus mar a mbím-se, béidh mo sheirbhíseach ann fosta. Má ghní aoinneach seirbhís damh-sa, bhéarfaidh m’Athair onóir dó.
27Anois cá buaidhreamh ar m’anam. Agus cad é déarfas mé? A Athair, saor mé ó’n uair seo. Acht is ar an adhbhar sin a tháinic mé chun na h-uaire seo.
28A Athair, tabhait glóir do d’ainm. Tháinic guth, dá bhrígh sin, ó neamh: Thug mé glóir, agus bhéarfaidh mé glóir arís, dó.
29An sluagh, ar an adhbhar sin, a bhí ina seasamh ann, agus a chuala, dubhairt siad go ndearna sé tóirneach. Dubhairt cuid eile: labhair aingeal leis.
30D’fhreagair Íosa, agus dubhairt: Ní ar mo shon-sa a tháinic an guth sin, acht ar bhur son-sa.
31Anois tá breitheamhnas an tsaoghail ann: anois teilgfear amach prionnsa an tsaoghail seo.
32Agus má thógfar suas ó’n talamh mise, tarraingeochaidh mé gach uile nídh chugam féin.
33(Agus dubhairt sé sin, ghá chur i n-iúl cad é an cinéal báis a gheobhadh sé).
34D’fhreagair an sluagh é: Chualamar ó’n dlighe#Sailm 109, 4, agus 116, 2; Isaias 40, 8; Eséciel 37, 25. go maireann an Críost a choidhche: agus cad é mar deir tusa: Is éigean Mac an Duine a thógáil i n-áírde? Cé h-é an Mac sin an Duine?
35Dubhairt Íosa leo, ar an adhbhar sin: Ar feadh tamaill bhig go fóill, tá an solus i bhur measc. Siubhalaigidh a fhad agus tá an solus agaibh, chun nach mbeiridh an dorchadas oraibh: agus an té a shiubhlas san dorchadas, ní bhíonn a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.
36A fhad agus tá an solus agaibh, creidigidh san tsolus, chun go mba clann soluis sibh. Dubhairt Íosa na neithe sin: agus d’imthigh sé, agus d’fholuigh sé é féin ortha.
37Acht gidh go ndearna sé a oiread sin de mhíorbhailte ós a gcómhair, níor chreid siad ann:
38Ionnas go gcóimhlíontaí an chainnt a dubhairt Isaias, fáidh:#Isaias 53, 1; Rómh. 10, 16. A Thighearna, cé chreid an nídh a cluineadh uainn? Agus cé dó ar foillsigheadh lámh an Tighearna?
39Dá bhrígh sin, níorbh fhéidir dóibh creidbheáil#12, 39 Níorbh fhéidir dóibh creidbheáil. Mar nárbh áil leo, deir Naomh Aghuistín. Tr. 33 ar Eoin. Féach, an Nóta ar N. Marc. 4, 12., óir dubhairt Isaias arís:
40Dhall sé a súla, agus chruaidhigh sé a gcroidhe, chun nach bhfeiceadh siad le n-a súla, agus nach dtuigeadh siad le n-a gcroidhe, agus go dtionntuigheadh siad, agus go slánuighinn iad.#Isaias 6, 9; Mait. 13, 14; Marc. 4, 12; Lúc. 8, 10; Gníomh. 28, 26; Rómh. 11, 8.
41Dubhairt Isaias na neithe sin nuair a chonnaic sé a ghlóir, agus lábhair sé air.
42San am chéadna chreid mórán de na h-uachtarám féin ann: acht mar gheall ar na Fairisínigh níor admhuigh siad é, ar eagla go gcuirtí amach as an tsineagóig iad.
43Óir b’fheárr leo glóir na ndaoine ná glóir Dé.
44Agus labhair Íosa de ghuth árd, agus dubhairt: An té a chreideas ionnam-sa, ní ionnam-sa a chreideas sé, acht san té a chuir uaidh mé.
45Agus an té atchí mise, tchí sé an té a chuir uaidh mé.
46Tháinic mé ar an tsaoghal mar sholus, chun nach bhfanadh aoinneach, dá gcreidfeadh ionnam, san dorchadas.
47Agus má chluin duine mo bhriathra-sa, agus gan iad a chongbháil: ní thabhraim-se breitheamhnas air, óir ní chun breitheamhnas a thabhairt ar an domhan a tháinic mé, acht chun an domhan a shábháil.
48An té a dhiúltas mise, agus nach nglacann mo bhriathra: tá sin aige a beir breitheamhnas air; an briathar a labhair mise, bhéarfaidh sé breitheamhnas air ar an lá deireannach.#Mait. 16, 16.
49Óir ní uaim féin a labhair mé, acht an t-Athair a chuir uaidh mé, thug sé órdughadh damh cad é déarfainn, agus cad é labharfainn.
50Agus tá a fhios agam gur beatha shíorraidhe a órdughadh. Ar an adhbhar sin, na neithe a deirim, is amhlaidh a deirim iad mar a d’innis an t-Athair damh.
Currently Selected:
Eoin 12: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland