YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 20

20
Caibidil XX
Téid Pól fríd an Mhaicideoin agus an Ghréig: tógann sé duine marbh ó’n bhás i dTróas. Labhrann sé leis an chléir i n-Ephesus.
1Agus nuair a shocruigh an gleo, ghoir Pól chuige na deisciobail, agus ar a gcómhairliughadh dó, d’fhág sé slán acu, agus d’imthigh leis le dhul chun na Maicideoine.
2Agus i ndiaidh na críocha sin a thaisteal dó, agus iad a chómhair-liughadh le mórán briathar, tháinic sé chun na Gréige:
3Agus nuáir a bhí trí míosa caithte aige annsin, rinne na h-Iúdaigh luigheachán roimhe, agus é ar tí seoladh chun na Síre: agus chuir sé roimhe pilleadh fríd an Mháicideoin.
4Agus bhí ina chuideachta Sópater, mac Phirruis as Berea, agus as an Teasalonaic Aristarcus, agus Secundus, agus Gaius as Derbe, agus Timoteus: agus Tichicus agus Trophimus as an Aisia.
5D’imthigh siad-san rómhainn, agus d’fhan siad linn i dTróas.
6Acht sheol sinne ó Philipi i ndiaidh laethe an aráin gan deascaidh, agus i gcionn chúig lá tháiniceamar chuca go Tróas, mar ar chómh-nuigheamar ar feadh seachtmhaine.
7Agus an chéad lá de’n tseachtmhain#20, 7 An chéad lá de’n tseachtmhain. Ag tagairt do’n rádh seo, deir Naomh Crisostom agus mórán eile de mhínightheoirí an Scrioptúra, gurbh éigean go raibh an tsabóid athruighthe, fiú san am seo, go dtí an chéad lá de’n tseachtmhain, (an Domhnach) ag ha Críostaidhthe, mar a chongbhuigheas ha Críostaidhthe uilig an tsaoire ar an lá sin anois. Gan amhras ba le h-ughdarás na h-Eaglaise a rinneadh an t-athrughadh, agus í ag cur i bhfeidhm na cumhachta a thug Críost dí: óir tá seisean ina Thighearna ar an tsabóid., nuair a bhíomar cruinnighthe i gcionn a chéile a bhriseadh aráin, bhí Pól ag seanmóireacht dóibh, ó bhí sé ar tí imtheacht lá ar n-a bhárach, agus lean sé dá chainnt go dtí an meadhón oidhche.
8Agus bhí mórán lampaí san tseomra uachtarach mar a rabhamar cruinnighthe.
9Agus ina shuidhe ar an fhuinneoig do óigfhear áirithe, darbh ainm Eutichus, bhuail codladh trom é, óir bhí Pól i bhfad ag cainnt, agus mar gheall ar an chodladh thuit sé síos ó’n tríomhadh lofta, agus tógadh suas marbh é.
10Agus nuair a chuaidh Pól síos chuige, luigh sé air: agus ghá fháisceadh chuige dó, dubhairt sé: Ná bíodh buaidhreamh oraibh, óir tá a anam ann.
11Agus ar dhul suas dó, bhris sé arán, agus bhlais, rinne cómhrádh fada leo go maidin, agus mar sin d’imthigh sé leis.
12Agus thug siad an buachaill leo beo, agus níor bheag a sólás.
13Acht ar dhul ar bhórd na luinge dúinne, sheolamar go h-Assos. as a rabhamar le Pól a bhreith linn: óir ba mar sin a shocruigh sé féin ó bhí rún aige an t-aistear a dhéanamh ar talamh.
14Agus nuair a casadh orainn é i n-Assos, thugamar linn é, agus tháiniceamar go Mithléine.
15Agus ag seoladh as sin dúinn, tháiniceamar lá ar n-a bhárach ós cómhair Chiois, agus an dara lá shroicheamar. Samos, agus an lá ina dhiaidh sin tháiniceamar go Milétus.
16Óir bhí rún ag Pól seoladh thar Ephesus, ar eagla go gcuirtí moill ar bith air san Aisia. Óir bhí sé ag déanamh deifre, chun go gcongbhuigheadh sé lá na Cingcíse, dá mb’fhéidir dó é, i n-Ierusalem.
17Agus ag cur scéala dó ó Mhilétus go h-Ephesus, ghoir sé chuige sinnsir na h-Eaglaise.
18Agus nuair a tháinic siad chuige, agus iad cruinnighthe i gcionn a chéile, dubhairt sé leo: Tá a fhios agaibh cad é mar bhí mise i bhur measc i rith an ama go léir, ó’n chéad lá ina dtáinic mé chun na h-Aisia,
19Ag déanamh seirbhíse do’n Tighearna le h-uirísleacht iomláin, agus le deora, agus le féachála a thárla damh tré cheilg na n-Iúdach:
20Agus mar nár chongbhuigh mé uaibh aon nídh dá raibh tairbheach, gan a sheanmóir díbh, agus a theagasc díbh go puiblidhe, agus ó thigh go tigh,
21Ag déanamh fiadhnaise le h-Iúdaigh, agus le Págánaigh fá thionntódh chuig Dia le h-aithrighe, agus fá chreidbheáil i n-ár dTighearna Íosa Críost.
22Agus anois féach, ó tá mé faoi cheangal ag an Spiorad, téighim go h-Ierusalem: gan fios agam ar na neithe a thárlóchas damh annsin:
23Acht go ndéan an Spiorad Naomh fiadhnaise liom san uile chathair, ag rádh: go bhfuil geimhleacha agus trioblóidí ag fuireach liom i n-Ierusalem.
24Acht ní fhuil eagla orm roimh aon nídh acu sin: agus ní mó liom mé féin ná mo bheatha, chun go gcríochnuighidh mé mo chúrsa, agus friothálamh an bhriathair a fuair mé ó’n Tighearna Íosa, fiadhnaise a thabhairt ar Shoiscéal ghrásta Dé.
25Agus anois féach, tá a fhios agam nach bhfeicfidh aoinneach agaibh-se, ar ar shiubhal mé ag seanmóireacht ríoghacht Dé, m’aghaidh níos mó.
26Ar an adhbhar sin, cuirim a fhiadhnaise oraibh-se indiu, go bhfuil mé glan ó fhuil an uile dhuine.
27Óir níor sheachain mé cómhairle Dé go h-iomlán dh’fhuagradh díbh.
28Tabhairigidh bhur n-aire díbh féin, agus do’n tréad uilig, i n-ar chuir an Spiorad Naomh i bhur n-easbuic sibh a raghladh Eaglais Dé, a cheannuigh sé le n-a chuid fola féin.
29Tá a fios agam, i ndiaidh imtheacht damh-sa, go dtiocfaidh i bhur measc maca tíre craosacha nach spárálfaidh an tréad.
30Agus eadraibh féin éireochaidh fir a labharfas neithe contráilte, chun deisciobail a tharraingt chuca.
31Bígidh ag faire, dá bhrígh sin, agus cuimhnighigidh nár stad mise de thabhairt chómhairle ar gach aoinneach agaibh fríd mo dheora lá agus oidhche ar feadh thrí mbliadhan.
32Agus anois cuirim sibh faoi choimirce Dé, agus faoi bhriathar ghrásta an té a dtig leis bhur dtógáil suas, agus oighreacht a thabhairt díbh i bhfochair na naomh go h-uile.
33Níor shanntuigh mé airgead, ná ór, ná éadach le h-aoinneach, mar
34Is eol díbh féin: óir shaothruigh na lámha seo#1 Cor. 4, 12; 2 Teas. 3, 8. cib é neithe a bhí riachtanach damh féin agus dóbhtha seo atá i m’fhochair.
35Thaisbeán mé gach uile nídh díbh, cad é mar is éigean díbh, ag obair mar seo díbh, cabhrughadh leis na daoine laga, agus cuimhniughadh ar bhriathar an Tighearna Íosa, mar a dubhairt sé: Is mó is beannuighthe rud a thabhairt ná rud a ghlacadh.
36Agus nuair a bhí na neithe sin ráidhte aige, leig sé é féin ar a ghlúna, agus rinne sé urnaighe i n-aoinfheacht leo uilig.
37Agus ghoil siad uilig go mór: agus ag cromadh ar mhuinéal Phóil dóibh, phóg siad é,
38Óir bhí cumhaidh ortha go mór mhór mar gheall ar an fhocal a dubhairt sé, nach bhfeicfeadh siad a aghaidh ní ba mhó. Agus rinne siad a chomóradh chun na luinge.

Currently Selected:

Gníomhartha 20: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in