YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 19

19
Caibidil XIX
Cuireann Pól an Eaglais ar bun i n-Ephesus. Gleo na ngabhann geal.
1Agus thárla, nuair a bhí Apollós san Choirint, go ndeachaidh Pól fríd na críocha uachtaracha, agus go dtáinic sé go h-Ephesus, agus fuair sé deisciobail áirithe:
2Agus dubhairt sé leo: An bhfuair sibh an Spiorad Naomh ó chreid sibh? Acht dubhairt siad-san leis: Ní chualamar oiread agus Spiorad Naomh a bheith ann.
3Agus dubhairt seisean: Cad ann, mar sin, ar baisteadh sibh? Agus dubhairt siad: I mbaisteadh Eoin.
4Agus dubhairt Pól: Bhaist Eoin na daoine le baisteadh aithrighe, ag rádh: Go mhbíodh ortha creidhbheáil san té a bhí le theacht ina dhiaidh, is é sin le rádh, i n-Íosa.#Mait. 3, 11; Marc. 1, 8; Lúc. 3, 16; Eoin 1, 26.
5Nuair a chuala siad sin, baisteadh iad i n-ainm an Tighearna Íosa.
6Agus nuair a chuir Pól a lámha ortha, tháinic an Spiorad Naomh ortha, agus labhair siad le teangacha, agus rinne siad fáidheadóireacht.
7Agus bhí tuairim agus dhá fhear déag uilig acu ann.
8Agus ag dul isteach san tsineagóig dó, labhradh sé go dána ar feadh thrí míos, ag díospóireacht agus ag teagasc fá ríoghacht Dé.
9Acht de bhrígh go raibh cuid acu ghá gcruadhadh féin, agus nach gcreidfeadh siad, acht iad ag tromaidheacht ar shlighe an Tighearna ós cómhair an tsluaigh, d’fhág sé iad, agus ar thabhairt na ndeisciobal i leath taoibh dó, bhíodh sé ag díospóireacht gach lá i scoil dhuine áirithe, darbh ainm Tiorán.
10Agus bhí sin dá dhéanamh ar feadh dhá bhliadhan, san chruth gur chuala gach aoinneach dá raibh ina chómhnaidhe san Aisia, eadar Iúdaigh agus Phágánaigh, briathar an Tighearna.
11Agus ghníodh Dia míorbhailte éagcoiccheanna tré lámha Phóil:
12San chruth go dtabharthaí ó n-a chorp chuig na h-easlám éadaighe lámh agus naprúin, agus scaradh a n-éagcruadhais leo, agus théigheadh na droch-spioraid amach astú.
13Agus d’fhéach cuid de na deamhaindíbirthidhthe Iúdacha, a bhíodh ag dul thart, fosta, ainm an Tighearna Íosa d’agairth ós cionn na ndaoine a mbíodh droch-spioraid ionnta, ag rádh: Agraim sibh tré Íosa a ghní Pól a sheanmóir.
14Agus bhí seacht mic le h-Iúdach áirithe, árdshagart, darbh ainm Sceua, a ghníodh sin.
15Acht dhubhairt an droch-spiorad leo, ghá bhfreágairt: Tá eolas agam ar Íosa, agus tá aithne agam ar Pól: acht cé sibh-se?
16Agus an duine a raibh an deamhan ró-olc ann, léim sé ortha, agus ag fagháil lámh an uachtair dó ortha araon, bhuaidh sé ortha, san chruth gur theich siad, tárnocht agus gointe, amach as an tigh sin.
17Agus cuireadh sin i n-iúl dá raibh de Iúdaigh agus de phágánaigh ina gcómhnaidhe i n-Ephesus: agus thuit eagla ortha sin uilig, agus, móradh ainm an Tighearna Íosa,
18Agus tháinic mórán acu sin a chreid, ag admháil agus ag innse a ngníomhartha.
19Agus mórán acu sin a chleachtadh ealadhna draoidheachta, thug siad leo a gcuid leabhar gur dhóigh iad i bhfiadhnaise a raibh ann: agus nuair a rinne siad a luach d’áireamh, fuair siad an t-airgead a bheith ina leith-chéad míle drachma.
20D’fhás briathar Dé, agus chuaidh sé i neart cómh tréan sin.
21Agus nuair a bhí na neithe seo thart, chuir Pól roimhe san Spiorad, an Mhaicideoin agus an Aichia a thaisteal, agus dul go n-Ierusalem, ag rádh: I ndiaidh bheith annsin dhamh, caithfidh mé an Róimh d’fheiceáil fosta.
22Agus chuir sé beirt acu sin a bhíodh ag freastal air, Timoteus agus Erastus, chun na Maicideoine, agus d’fhan sé féin ar feadh tamaill san Aisia.
23Agus san am sin d’éirigh trioblóid nár ró-bheag fá shlighe an Tighearna,
24Óir duine áirithe, darbh ainm Deimitre, gabha geal a ghníodh teampaill airgid do Dheán, chuireadh sé cosnamh nár bheag i mbealach an lucht céirde,
25Agus ghá gcruinniughadh sin, mar aon le h-oibridhthe na céirde céadna, le chéile dó, dubhairt sé: A fheara, tá a fios agaibh gurab as ah chéird seo atá ár gcosnamh:
26Agus tchí sibh, agus cluin sibh gur thionntuigh an Pól seo sluagh mór le n-a theagasc, ní amháin i n-Ephesus, acht i mbunadhas; na h-Aisia, ag rádh: Ní déithe iad sin a ghníthear le lámha.
27Agus ní h-eadh amháin gur baoghal do’n ghraithé seo againn a theacht faoi cháineadh, achth measfar fosta mar neimhnídh teampall Dheána móire, agus a mórdhacht a gheibh adhradh ó iomlán na h-Aisia agus ó’n domhan, toiseochar ar a milleadh.
28Ar chluinstin na neithe sin dóibh, líonadh le feirg iad, agus scairt siad amach, ag rádh: Is mór Deán na n-Epheseach.
29Agus chuaidh an chathair uilig chun sioplaighe, agus ar bhreith dhóibh ar Ghaius Agus ar Aristarcus, compánaigh Phóil as an Mhaicidheoin, thug siad ruathar d’aon toil isteach san amharclainn:
30Agus nuair ba mhian le Pól dul isteach chuig na daoine, níor leig na deisciobail dó.
31Agus cuid de uachtaráin na h-Aisia fosta, a bhí ina gcáirde aige, chuir siad scéala chuige, ag iarraidh air gan dul isteach san amharclainn:
32Agus scairteadh cuid acu rud amháin, agus cuid acu rud eile. Óir bhí an cruinniughadh ina shioplaighe: agus ní raibh a fhios ag an chuid a ba mhó acu cérbh é an fáth fá n-a dtáinic siad i gcionn a chéile.
33Agus tharraing siad Alastar amach as an tsluagh, agus na h-Iúdaigh ghá dhingeadh chun tosaigh. Agus nuair a thug Alastar cómhartha le n-a láimh dóibh a bheith ina dtost, b’áil leis an fáth a mhíniughadh do na daoine.
34Acht nuair a thuig siad gurbh Iúdach é, bhéic siad uilig ar aon ghuth tuairim ar feadh dhá uair: Is mór Deán na n-Epheseach.
35Agus tráth a chiúinigh an scríobhaidhe na sluaighte, dubhairt sé: A fheara Ephesuis, cé an duine nach bhfuil a fhios aige go dtabhrann cathair na n-Epheseach adhradh do Dheán mhóir, agus do inghin Iupiteir?
36Dá bhrígh sin, mar nach féidir cur i n-aghaidh na neithe sin, ba chóir díbh bheith ciúin, agus gan dadamh a dhéanamh go tobann.
37Óir thug sibh lib na daoine seo nach ndearna naomhaithis ar bith, agus nach dtug aon mhasla do bhur mbaindia.
38Acht má tá cúis ag Deimitre, agus ag an lucht céirde atá ina chuideachta, i n-aghaidh dhuine ar bith, tá cúirteanna dlighe ar fagháil, agus tá urchonsuil annsin: cuireadh siad i leith a chéile.
39Agus má bhíonn éileamh agaibh ar adhbhar ar bith eile, is féidir a réidhteach i gcóimhthionól dhlisteannach.
40Óir tá baoghal orainn go n-éileochar freagair uainn ar son ghleo an lae indiu: óir ní fhuil aoinneach (ar féidir dúinn cunntas a thabhairt faoi) cionntach leis an chruinniughadh seo. Agus nuair a bhí na neithe sin ráidhte aige, chuir sé an cóimhthionól ar shiubhal.

Currently Selected:

Gníomhartha 19: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in