Gníomhartha 18
18
Caibidil XVIII
Cuireann Pól an Eaglais ar bun i gCoirint: bheir sé teagasc i n-Ephesus, ic. Téid Apollós go Coirint.
1Ina dhiaidh seo d’fhág sé Cathair na h-Aithne, agus tháinic sé go Coirint:
2Agus ó fuair sé annsin Iúdach áirithe, darbh ainm Aculas, a rugadh san Phontus, agus a tháinic tamall geárr roimhe sin ó’n Iodáil mar aon le n-a mhnaoi Priscilla (ar an adhbhar gur órduigh Cluad do na h-Iúdaigh go h-uile imtheacht as an Róimh) tháinic sé chuca.
3Agus de bhrígh gurbh ionann ceárd dóibh, d’fhan sé ina bhfochair, agus bhíodh sé ag obair: (agus déanamh puball a bhí acu mar chéird).
4Agus gach uile shabóid bhíodh sé ag díospóireacht san tsineagóig, ag luadh ainm an Tighearna Íosa, agus chuir sé a theagasc ma luighe ar Iúdhaigh agus ar Ghréagaigh.
5Agus nuair a tháinic Silas agus Timoteus as an Mhaicideoin, bhí Pól ar a dhícheall ag teagasc, agus ag tabhairt fhiadhnaise do na h-Iúdaigh gurab é Íosa an Críost.
6Acht nuair a chuir siad-san ina aghaidh, agus iad ag labhairt go diamhaslach, chraith sé a chuid éadaigh, agus dubhairt leo: Bíodh bhur gcuid fola ar bhur gcinn féin: tá mise glan: ó seo amach rachaidh mé ag triall ar na cinidheacha.
7Agus ar imtheacht as sin dó, chuaidh sé isteach i dtigh dhuine áirithe, darbh ainm Titus Iustus, duine a bhíodh ag abhradh Dé, agus a raibh a theach cois na sineagóige.
8Agus chreid Crispus, uachtarán na sineagóige, agus a theaghlach go léir san Tighearna: agus mórán de na Coirintigh, a d’éist leis chreid siad, agus baisteadh iad.
9Agus dubhairt an Tighearna le Pól tré aisling san oidhche: Ná bhíodh eagla ort, acht labhair, agus ná bhí i do thost:
10Óir tá mise i d’fhochair: agus ní thiocfaidh aoinneach ort le dochar a dhéanamh duit: óir tá mórán daoine agam-sa san chathair seo.
11Agus d’fhan sé annsin bliadhain agus sé mhí, ag teagasc briathar Dé ina measc.
12Agus le linn do Ghallio a beith ina urchonsul ar an Aichia, d’éirigh na h-Iúdaigh d’aon toil i n-aghaidh Phóil, agus thug siad ós cómhair chathaoir an bhreitheamhnais é,
13Ag rádh: Bíonn sé seo ag tabhairt ar na daoine Dia d’adhradh i n-aghaidh an dlighe.
14Agus nuair a bhí Pól ar tí a bhéal d’fhoscladh, dubhairt Gallio leis na h-Iúdaigh: A fheara Iúdacha, dá mbéadh éagcóir éigin, nó coir an-olc i gceist, ba chóir damh cur suas libh.
15Acht má’s ceisteanna fá fhocal, fá ainmneacha, agus fá bur ndlighe iad, feicigidh féin chuca: ní mian liom-sa a bheith i mo bhreitheamh ar na neithe sin.
16Agus bhagair sé amach ó chathaoir an bhreitheamhnais ortha.
17Agus fuair siad uilig greim ar Shostenes, uachtarán na sineagóige, agus bhuail siad é ós cómhair chathaoir an bhreitheamhnais: acht níor chuir Gallio suim i nídh ar bith acu sin.
18Acht i ndiaidh mórán eile laethe a chaitheamh annsin do Pól, d’fhág sé slán ag na bráithre, agus sheol sé chun na Síre (agus Priscilla agus Aculas i n-aoinfheacht leis) agus rinne sé a cheann a bhearradh i gCeanchra#Uimh. 6, 18.: óir bhí móid tugtha aige.
19Agus tháinic sé go h-Ephesus, agus d’fhág sé annsin iad. Acht ar dhul isteach san tsineagóig dó féin, rinne sé díospóireacht leis na h-Iúdaigh.
20Agus nuair a d’iarr siad air fanacht acu ní b’fhuidhe, níor aontuigh sé,
21Acht ag fágáil sláin acu, agus ag rádh: Pillfidh mé arís oraibh, má’s é toil Dé é, d’imthigh sé as Ephesus.
22Agus chuaidh sé síos go Caesarea, agus suas gur bheannuigh sé do’n Eaglais, agus síos chun na h-Antuaighe.
23Agus nuair a chaith sé tamall annsin, d’imthígh sé gur thaisteal do réir a chéile ceanntar na Galaite agus an Fhrig, a neartughadh na ndeisciobal go h-uile.
24Agus tháinic go h-Ephesus Iúdach áirithe, darbh ainm Apollós, a rugadh i gCathair Alastair, fear a raibh deis a labhartha aige, agus é cumhachtach ins na Scrioptúirí.
25Bí sé seo oilte i slighe an Tighearna: agus ó bhí sé dúthrachtach i spiorad, labhradh sé, agus bhíodh sé ag teagasc go dícheallach na neithe a bhaineas le h-Íosa, agus gan eolas aige acht ar bhaisteadh Eoin.
26Ar an adhbhar sin, thoisigh sé seo a labhairt go dána san tsineagóig. Agus nuair a chuala Priscilla agus Aculas é, rug siad leo é, agus mhínigh siad slighe an Tighearna ar dhóigh ní ba chruinne dó.
27Agus nuair ba mhian leis dul go h-Aichia, scríobh na bráithre chuig na deisciobail, ag cómhairliughadh dóibh é ghabháil chuca. Agus nuair a tháinic sé, bhí sé ina chuidiughadh mhór acu sin a chreid,
28Óir rinne sé saothar mór ag díospóireacht go puiblidhe leis na h-Iúdaigh, agus ag cruthughadh tré na Scrioptúirí, gurab é Íosá an Críost.
Currently Selected:
Gníomhartha 18: ASN1943
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland