Gníomhartha 21
21
Caibidil XXI
Téid Pól suas go h-Ierusalem. Beireann na h-Iúdaigh air san teampall.
1Agus thárla, nuair a scaramar leo, gur sheolamar rómhainn, agus tháiniceamar ar chúrsa dhíreach go Cós, agus an lá ina dhiaidh sin go dtí an Róid, agus as sin go Patara.
2Agus nuair a fuaireamar long ag dul trasna go Peinic, chuadhamar ar bórd, agus sheolamar inntí.
3Agus nuair a tháiniceamar ar amharch na Cufaire, d’fhágamar ar ár gclí í, agus sheolamar chun na Síre, agus tháiniceamar go Tior: óir ba annsin a bhí ar an luing a lasta a chur dí.
4Agus ó fuaireamar deisciobail annsin, d’fhanamar ann seachtmhain: agus dubhairt siad-san le Pól tríd an Spiorad, gan dul suas go h-Ierusalem.
5Agus nuair a bhí na laethe sin caithte, d’imthigheamar chun siubhail, agus rinne siad uilig, mar aon le n-a gcuid ban agus clann, sinn a chomóradh amach as an chathair: agus ghár leigin féin síos ar ár nglúna dúinn ar an tráigh, rinneamar urnaighe.
6Agus nuair a d’fhágamar slán ag a chéile: chuaidh sinne ar bhórd na luinge: agus phill siad-san abhaile.
7Acht ar chríochnughadh na seoltóireachta dúinne, chuadhamar síos ó Thior go Ptolemáis: agus bheannuigheamar do na bráithre, agus d’fhanamar lá ina gcuideachta.
8Agus d’imthigheamar lá ar n-a bhárach, agus tháiniceamar go Caesarea. Agus chuadhamar isteach i dtigh Philip, soiscéalaidhe#21, 8 Soiscéalaidhe. Is é sin le rádh, seaninóiridhe an tsoiscéil. B’é sin duine de na seacht ndeochain, an té a thionntuigh na Samáiriteanáigh roimhe sin, agus a bhaist an seanascal. (VIII)., arbh é duine de’n tseachtar é, agus d’fhanamar aige.
9Agus bhí ceathrar ingheanach aige-sean, maighdeana a ghníodh fáidheadóireacht.
10Agus le linn dúinn a bheith ag fuireach suim laethe annsin, tháinic chugainn ó Iudaia fáidh áirithe, darbh ainm Agabus.
11Agus ar theacht chugainn dó, rug sé ar chrios Phóil: agus cheangail sé a chosa agus a lámha féin, agus dubhairt: Is é seo a deir an Spiorad Naomh: Is mar seo a cheanglóchas na h-Iúdaigh i n-Ierusalem an fear ar leis an chrios seo, agus bhéarfaidh siad ar láimh do na cinidheacha é.
12Agus nuair a chualamar sin, d’iarramar féin agus muinntir na h-áite sin air gan dul suas go h-Ierusalem.
13Annsin d’fhreagair Pól, agus dubhairt: Cad chuige díbh a bheith ag gol agus ag briseadh mo chroidhe? Óir tá mé réidh ní amháin chun bheith ceangailte, acht fosta chun bás d’fhagháil i n-Ierusalem ar son ainm an Tighearna Íosa.
14Agus mar nach dtáinic linn a chómhairliughadh, stadamar, ag rádh: Toil an Tighearna go ndéantar.
15Agus i ndiaidh na laethe sin, ar bheith ullamh dúinn, chuadhamar suas go h-Ierusalem.
16Agus tháinic cuid de na deisciobail as Caesarea linn fosta, agus thug siad-san leo sean-deisciobal as an Chufair, darbh ainm Mnasón, ag a bhfuighimís aoidheacht.
17Agus nuair a tháiniceamar go h-Ierushalem, d’fháiltigh na bráithre rómhainn go lúthgháireach.
18Agus lá ar n-a bhárach chuaidh Pól isteach linn chuig Séamus, agus bhí na seanóirí uilig cruinnighthe i gcionn a chéile.
19Agus nuair a bheannuigh sé dóibh, d’innis sé faoi seach na neithe a rinne Dia imeasc na gcinidheach tré n-a fhriothálamh.
20Agus ar a chluinstin sin dóbhtha-san, thug siad glóir do Dhia, agus dubhairt leis: Tchí tú, a bhráthair, cá mhéad míle imeasc na n-Iúdach a tháinic chun creidimh, agus tá siad uilig díograiseach ar leith an dlighe.
21Anois chuala siad fá dtaoibh díot go mbíonn tú ag teagasc na n-Iúdach sin, atá imeasc na gcinidheach, Maoise a thréigin: ag rádh nach cóir dóibh a gcuidh mac a thimcheallghearradh, ná siubhal do réir an ghnáis.
22Cad é tá le déanamh, dá bhrígh sin? Gan amhras is éigean do’n tsluagh teacht i gcionn a chéile: óir cluinfidh siad go dtáinic tú.
23Ar an adhbhar sin, déan an nídh seo a deirimíd leat. Tá ceithre fir againn a bhfuil móid tugtha acu.
24Beir leat iad seo, agus naomhuigh thú féin mar aon leo: agus caith leo chun go ndéanaidh siad a gcinn a bhearradh:#Uimh. 6, 18. agus béidh a fhios ag an uile dhuine gur bréaga na neithe a chuala siad fá dtaoibh díot, acht go siubhlann tú féin fosta ag coimhéad an dlighe#21, 24 Ag coimhéad an dlighe. Gidh nach raibh an dhlighe de dhualgas ní b’fhuide, chongbhuigh na h-Iúdaigh a thionntuigh ina gCríostaidhthe an dlighe ar feadh tamaill ar dtús: ba mhian leo an tsineagóg d’adhlacadh, mar a déarfá, fá onóir..
25Acht i dtaca leis an méid de na cinidheaca a tháinic chun creidimh, scríobhamar agus chinneamar dóibh iad féin a chongbháil ó gach nídh dár h-ofráileadh do íodhail, agus ó fhuil, agus ó neithe tachtuighthe, agus ó dhrúis.
26Annsin rug Pól leis na fir, agus lá ar n-a bhárach, nuair a rinne sé é féin a ghlanadh mar aon leo, chuaidh sé isteach san teampall a fhuagradh go raibh laethe an ghlanta cóimhlíonta, nó go dtugtaí ofráil ar son gach aoinneach acu.
27Acht nuair a bhí na seacht laethe chómhair a bheith caithte, agus chonnaic na h-Iúdaigh sin as an Aisia san teampall é, ghríosuigh siad na daoine go léir, agus fuair siad greim air, agus iad ag scairtigh:
28Bhur gcabhair annseo, a fheara Israéil: is é seo an fear a bhíos ag teagasc na n-uile dhaoine i ngach áit i n-aghaidh an phobail, agus an dlighe, agus na h-áite seo, agus le n-a chois sin, thug sé págánaigh isceach san teampall, agus thruailligh sé an áit naomhtha seo.
29Óir chonnaic siad Trophimus ó Ephesus ina chuideachta san chathair, agus shíl siad go dtug Pól isteach san teampall é.
30Agus bhí an chathair uilig fá ghleo, agus rith na daoine i gcionn a chéile. Agus ag breith ar Phól dóibh, tharraing siad amach as an teampall é: agus ar an bhomaite druideadh na doirse.
31Agus nuair a bhí siad i bhfáthach le n-a mharbhadh, h-innseadh do chionn feadhain na buidhne go raibh Ierusalem go h-uile i ngleo.
32Agus ar an bhall thug seisean leis saighdiuirí agus ceanntúirí agus rith sé síos chuca. Agus nuair a chonnaic siad-san an ceann feadhain agus na saighdiuirí, stad siad de bhualadh Phóil.
33Annsin ar theacht chun tosaigh do’n chionn feadhain, rug sé air, agus dh’órduigh sé a cheangal le dhá shlabhradh: agus d’fhiafruigh sé cérbh é é, agus cad é bhí déanta aige.
34Agus scairt cuid acu seo, agus cuid acu siúd, imeasc an tsluaigh. Agus mar nach dtáinic leis scéal deimhin d’fhagháil mar gheall ar an ghleo, d’órduigh sé a thabhairt chun an champa.
35Agus nuair a tháinic sé go dtí na scaighrí, thárla go raibh sé ar iomchar ag na saighdiuirí mar gheall ar fhoiréigean an phobail.
36Óir lean sluagh de na daoine é, ag scairtigh: Beir uainn é.
37Agus tráth bhí Pól ar shéala bheith dá bhreith isteach san champa, deir sé leis an chionn feadhain: An ceadhmhach damh rud éigin a rádh leat? Agus dubhairt seisean: An labhrann tusa Gréigis?
38Nach tusa an t-Éigipteach a thóg gleo roimhe seo, agus a threoruigh leat amach san fhásach ceithre mhíle fear, a bhí ina ndún mharbhthóirí?
39Agus dubhairt Pól leis: Go deimhin is Iúdach mise as Tarsus i gCilicia, cathardhach de chathair nach bhfuil gan cháil. Agus guidhim thú, cead a thabhairt damh labhairt leis na daoine.
40Agus nuair a thug sé cead dó, sheasuigh Pól ar na staighrí, agus rinne sé cómhartha le n-a láimh do’n phobal, agus nuair a tháinic tost mór ortha, labhair sé leo i dteangaidh na h-Eabhraise, ag rádh:
Currently Selected:
Gníomhartha 21: ASN1943
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland