Lúcás 13
13
Riachtanas na hAithrí
1San am sin féin tháinig daoine i láthair dá insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Píoláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n-íobairtí a mheascadh ar a chéile. 2Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “An é is dóigh libh, agus a rá gur fhulaing siad an méid sin, gur mhó de pheacaigh na Gailíligh sin ná na Gailíligh eile go léir? 3Níor mhó, deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna. 4Nó an t-ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóm agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile dʼáitritheoirí Iarúsailéim? 5Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.”
6Dúirt sé an parabal seo: “Bhí fear ann a raibh crann figí curtha ina fhíon-ghort aige, agus tháinig sé ag lorg toraidh air agus ní bhfuair. 7Dúirt sé le curadóir na fíniúna: ‘Féach, táim le trí bliana ag teacht ag lorg toraidh ar an gcrann figí seo agus ní bhfaighim é. Gearr anuas é. Cad chuige a mbeadh an talamh ó rath aige i gcónaí?’ 8Ach dúirt seisean leis dá fhreagairt: ‘A Mháistir, lig an bhliain seo leis chomh maith, nó go ndéanfaidh mé romhar ina thimpeall agus aoileach a chur leis, 9agus bʼfhéidir go dtabharfadh sé toradh uaidh; ach mura dtugann, gearrfaidh tú anuas é feasta.’”
Bean an Éagruais dá Leigheas
10Bhí sé ag teagasc i sionagóg lá sabóide. 11Agus bhí an bhean seo ann a raibh anspiorad inti dá déanamh tinnlag le hocht mbliana déag; bhí sí cromtha ar a chéile agus gan ar chumas di seasamh díreach ar chor ar bith. 12Nuair a chonaic Íosa í, ghair sé chuige í agus dúirt léi: “A bhean, tá tú fuascailte ó mʼéagruas,” 13agus chuir sé a lámha uirthi. Agus díríodh suas láithreach í, agus thosaigh sí ag tabhairt glóire do Dhia. 14Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá sabóide, agus dúirt leis an bpobal: “Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.” 15Dʼfhreagair an Tiarna é: “A bhréagchráifeacha,” ar sé, “nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ón mainséar lá na sabóide agus nach seolann chun uisce é? 16Agus an bhean seo, is iníon dʼAbrahám, a bhí ar ceangal ag Sátan, féach, ar feadh ocht mbliana déag nár cheart í scaoileadh ón ngéibheann seo lá na sabóide?” 17Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán dʼáthas faoina raibh dá dhéanamh aige de bhearta oirirce.
Fás na Ríochta
18Agus dúirt sé: “Cad leis a bhfuil ríocht Dé cosúil? Cad leis a gcuirfidh mé i gcomparáid í? 19Tá sí cosúil le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chaith sé uaidh ina gharraí, agus dʼfhás sé agus rinne crann mór de agus chuaigh éanlaith an aeir ar foscadh ina chraobhacha.” 20Agus dúirt sé arís: “Cad leis a gcuirfidh mé ríocht Dé i gcomparáid? 21Tá sí cosúil le gabháil a thóg bean agus a dʼfholaigh sí i dtrí pheic phlúir nó go raibh sé gabhálta ar fad.”
An Doras Cúng
22Bhí sé ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go hIarúsailéim. 23Dúirt duine éigin leis: “A Thiarna, an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán?” Dúirt sé leo: 24“Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é. 25Tar éis dʼfhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibh-se, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’ 26Beidh sibh dá rá ansin: ‘Bhímis ag ithe agus ag ól i do láthair, agus is inár sráideanna a rinne tú teagasc.’ 27Ach déarfaidh sé: ‘Deirim libh, níl a fhios agam cad as daoibh. Beirigí uaim, sibh-se uile a dhéanann an éagóir!’ 28Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacla, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach. 29Agus tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé. 30Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!”
Dúshlán faoi Héaród
31Ar an uair sin féin tháinig cuid de na Fairisínigh chuige dá rá leis: “Amach leat agus cuir díot as seo, óir is áil le Héaród tú a chur chun báis.” 32Agus dúirt sé leo: “Imígí agus abraigí leis an sionnach úd: ‘Féach, bím ag caitheamh deamhan amach agus ag oibriú leigheas inniu agus amárach, agus ar an treas lá bíonn an deireadh agam. 33Agus ní foláir dom a bheith ag imeacht romham inniu agus amárach agus amanathar, óir níor chuí go gcuirfí fáidh chun báis amuigh as Iarúsailéim.’
34“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós na circe is a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh-se! 35Féach, fágfar fúibh féin bhur dteach! Agus deirim libh, ní fheicfidh sibh mé níos mó go dtí go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!’”
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.