YouVersion 標識
搜索圖示

Lúcás 12

12
Críost dá Admháil go hOscailte
1Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil–is é sin, ar bhréagchrábhadh–na bhFairisíneach. 2Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air. 3Agus dá bhrí sin, cibé nithe a dúirt sibh sa dorchadas, cluinfear i solas an lae iad, agus an cogar i gcluas a labhair sibh sna seomraí cúil, fógrófar é ó bharr na dtithe. 4Ach is libh-se a deirim é, a chairde: ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp agus ina dhiaidh sin nach dtagann leo níos mó a dhéanamh. 5Ach taispeánfaidh mé daoibh cé is eagal daoibh; bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil ar a chumas, tar éis an mharaithe, neach a theilgean isteach in Ifreann. Is ea, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe sin. 6Nach ndíoltar cúig ghealbhan ar dhá phingin? Agus fiú aon cheann amháin acu, níl ar dearmad i láthair Dé. 7Ní hea, ach fiú amháin ribí bhur gcinn, tá siad uile comhairthe. Ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibh ná dá mhéad na gealbhain. 8Deirim libh, gach aon duine a ghlacfaidh liom-sa os comhair daoine, glacfaidh Mac an Duine leis sin chomh maith os comhair aingil Dé; 9ach an té a shéanfaidh mise i láthair daoine, séanfar eisean i láthair aingil Dé. 10Agus gach aon duine a déarfaidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é; ach an té a dhéanfaidh diamhasla in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann. 11Nuair a thabharfar sibh i láthair na sionagóg agus na ngiúistísí agus an lucht údaráis, ná bígí go himníoch ag fiafraí conas bhur gcúis a phlé, ná cad a déarfaidh sibh; 12óir múinfidh an Spiorad Naomh daoibh an uair sin féin na nithe nach foláir a rá.”
An tSaint agus an Imní le Seachaint
13Dúirt duine as an slua leis: “A Mháistir, abair le mo dheartháir mo chion féin den oidhreacht a thabhairt dom.” 14Ach dúirt seisean leis: “A chara, cé a cheap mise chun a bheith i mo bhreitheamh ná i mo mholtóir oraibh?” 15Dúirt sé leo ansin: “Bígí ar bhur gcoimeád go haireach ar an uile shórt sainte, óir, fiú amháin an té a mbíonn raidhse aige, ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.” 16Agus labhair sé parabal leo: “Bhí fear saibhir ann ar thug a chuid talún barra breátha uaithi, 17agus dúirt sé leis féin as a mhachnamh: ‘Cad a dhéanfaidh mé, mar níl slí stórála agam do mo chuid barr?’ 18Dúirt sé ansin: ‘Is é a dhéanfaidh mé, mo sciobóil a leagan anuas agus cinn níos mó a thógáil, agus an t-arbhar go léir agus mo chuid maitheasaí a chur i dtaisce iontu; 19agus déarfaidh mé le mʼanam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.’ 20Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun dʼanam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’ 21Sin mar a bhíonn ag an té a thaisceann a chuid in ionad é féin a dhéanamh saibhir de réir Dé.”
22Dúirt sé lena dheisceabail: “Sin é an fáth a n-abraim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. 23Óir is mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t-éadach. 24Breathnaígí na fiacha dubha: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar, níl teach stórais acu ná scioból; agus tugann Dia bia dóibh. Nach mó is fiú sibh-se ná an éanlaith? 25Cé agaibh a dʼfhéadfadh, trí bheith ag déanamh imní aon bhan-lámh amháin a chur le fad a shaoil? 26Dá bhrí sin, nuair nach bhfuil neart agaibh ar an rud is lú, cad chuige daoibh a bheith imníoch faoi na rudaí eile? 27Breathnaígí na lilí mar a fhásann siad: ní dhéanann siad saothar ná sníomh. Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóir, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo. 28An lus ar an mbán a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibh-se a éadú, a lucht an bheagán creidimh! 29Sibh-se, mar an gcéanna, ná bígí ag lorg bhur mbia ná bhur ndí, agus ná bígí do bhur gcrá féin. 30Óir is iad na nithe sin uile a mbíonn págánaigh an domhain seo ar a dtóir; ach tá a fhios ag bhur nAthair go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin. 31Ach déanaigí a ríocht sin a lorg, agus tabharfar daoibh na nithe úd chomh maith. 32Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir ba ghnaoi le bhur nAthair an ríocht a thabhairt daoibh. 33Díolaigí a bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithfear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann an bithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan dá lot. 34Óir, san áit a mbíonn bhur stór, is ann a bheidh bhur gcroí freisin.
Bígí Ullamh!
35“Bíodh crios faoi bhur gcoim agaibh agus bhur lampaí ar lasadh, 36agus sibh cosúil le daoine a bhíonn ag súil lena máistir a theacht ar ais ón mbainis, ionas, nuair a thiocfaidh sé agus go mbuailfidh, go n-osclóidh siad láithreach dó. 37Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu. 38Agus cibé acu sa dara faire nó sa tríú faire a thagann sé, agus nithe a fháil amhlaidh, is dóibh siúd is méanar. 39Ach bíodh a fhios agaibh é seo: dá mbʼeol don fhear tí cén uair a thiocfadh an bithiúnach, ní cheadódh sé a theach a bhriseadh isteach. 40Bígí sibh-se ullamh freisin, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.”
41Dúirt Peadar ansin: “A Thiarna, an linne atá tú ag tagairt an pharabail seo, nó le cách eile chomh maith?” 42Dúirt an Tiarna: “Cé hé más ea, an maor úd atá iontaofa géarchúiseach a gceapfaidh an máistir os cionn a lucht tís é chun a gcion den arbhar a thabhairt dóibh i dtráth? 43Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó. 44Deirim libh go dearfa, ceapfaidh sé os cionn a mhaoine go léir é. 45Ach má deir an seirbhíseach sin ina chroí: ‘Is é an teacht mall ag mo mháistir é,’ agus go dtosóidh ag bualadh na mbuachaillí aimsire agus na gcailíní, agus ag ithe agus ag ól agus ag meisceoireacht, 46tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin sa lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó, agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na míthairiseach dó. 47An seirbhíseach sin arbh eol dó toil a mháistir agus nach ndearna ullmhú ná beart de réir a thola, gabhfar de mhórán buillí air; 48ach an té nárbh eol dó í agus a rinne nithe ba dhíol buillí, gabhfar de bheagán buillí air. An té ar tugadh mórán dó, beifear ag lorg móráin uaidh, agus an té ar taobhaíodh mórán leis, iarrfar níos mó air.
49“Chun tine a chaitheamh ar an talamh a tháinig mé, agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh cheana féin! 50Tá baisteadh lena gcaithfear mé a bhaisteadh, agus cad é mar chúngrach atá orm nó go mbeidh sé curtha i gcríoch! 51An é is dóigh libh gur chun síocháin a thabhairt ar an talamh a tháinig mé? Ní hea, deirim libh, ach easaontas. 52Óir, as seo amach, beidh cúigear in aon teaghlach in easaontas le chéile, triúr le beirt agus beirt le triúr; 53athair le mac agus mac le hathair, máthair le hiníon agus iníon le máthair; máthair chéile le bean a mic, agus bean mhic le máthair a céile.”
54Dúirt sé freisin leis na sluaite: “Nuair a fheiceann sibh scamall ag éirí san iarthar, deir sibh láithreach: ‘Tá báisteach chugainn,’ agus is amhlaidh a bhíonn; 55agus nuair a shéideann sé aneas, deir sibh: ‘Beidh teas ann,’ agus bíonn. 56A bhréagchráifeacha, tá a fhios agaibh conas dreach na talún agus na spéire a léamh, ach cad a bheir daoibh gan an t-am seo i láthair a léamh? 57Cad chuige nach dtugann sibh breith, uaibh féin, faoin rud is cóir a dhéanamh? 58Mar sin, nuair a bhíonn tú ag imeacht le fear do chúisithe i láthair an phrionsa, déan do dhícheall, agus tú sa bhóthar, ar a bheith réidh leis, le heagla go dtarraingeodh sé os comhair an bhreithimh thú agus go dtabharfadh an breitheamh ar láimh don sirriam thú agus go dteilgfeadh an sirriam i bpríosún thú. 59Deirim leat, ní thiocfaidh tú amach as sin nó go mbeidh an leathfheoirling dheireanach íoctha agat.

目前選定:

Lúcás 12: ABN2012

醒目顯示

分享

複製

None

想要在所有設備上保存你的醒目顯示嗎? 註冊或登入