Psalm 16

16
XVI Psalm.
1’Dhia, coimhéad me, oir ionnad féin,
Ata mo dhóigh go fíor;
2O m’anam dubhairt tu re Dia,
Is tu mo Thriath do shíor.
3Mo mhaitheas ort go dearbh ni roich,
Acht air na náoimh ata,
Air talamh, ’as air flaithibh fior,
Go bhfuil mo ghean ’smo ghradh.
4Mór‐mheadóchthar a ndoilghios dóibh,
A bhrostuighios go luath,
A ndiaigh Dia bhréige nach bhfuil fíor,
A ’déanadh crabhadh truagh:
A ndeoch‐iodhbairt ata do fhuil,
Ni ofráil ’me gan cheisd,
A’s air a nainmibh ann mo bheul,
Ni thiobhrad luaidh a bhfeachd.
5Cómhroinn mo chóirn a’s m’oighreachda
A Dhía is tu mo chrann.
6Ann áitibh áoibhneach thuit mo lion:
’Sleam oighreachd bhréagh nach gann.
7Bheirimse buidheachas do Dhia,
Thug cómhairle dhamh a m’féidhm;
Ta m’arana fós ’nam na hoidhch,
’Gam’ theagasg mar an ccéadn’.
8Do chuireas rómham an gach cúis,
An Tighearn’ mór do ghnáth;
Oir air mo dheas‐láimh go bhfuil se,
Ni chorróchthar me go bráth.
9Mo chroidhe ghnidh luathgháir uime sin,
A’s gáirdeóchuigh mo ghlóir;
Cómhnóchuigh m’feoil a bhfoistine,
A ndi’n ’sa ndóchas mhór.
10Oir annsa nuaigh ní fhágfadh tu,
M’anam shíos faoí an leacht:
A’s ni léigfir féin dod aon náomh’
Go bhfeicfigh truailligheachd.
11Casán na beatha nochdfuigh tu:
Ad lathair aoibhneas ta,
A’s ag do dheas‐láimh féin a Dhé,
Mór‐sháimhe ’ta go bráth.

目前选定:

Psalm 16: PSA1836

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录