Na Sailm 8

8
Salm 8.
Domine, Dominus noster.
1A Thiarna ár Rialtóir: is oirirc dʼAinm ar fuaid na cruinne!
2Is tú a dʼardaigh do ghlóir os cionn neimhe: as béal na naíonán agus na leanbh cíche dʼordaigh tú neart,
3De bharr do naimhde: go gcuirfeá tost ar an té a mbíonn an naimhdeas agus rún an díoltais ina chroí.
4Nuair a bhreathnaím do spéartha, a shaothraigh do mhéara: an ghealach agus na réalta a chruthaigh tú;
5Cad is duine ann, gur cuimhneach leat é: agus mac an duine, go dtiocfá chuige?
6Dʼfhág tú níos ísle ná na haingil é: go gcuirfeá barr glóire agus gradam air.
7Chuir tú i gceannas oibreacha do lámh é: agus níl ní nár chuir tú faoina chosa;
8Na caoirigh uile agus an t‑eallach: agus beithígh an mhachaire;
9Éanlaith an aeir, agus éisc na farraige: agus a siúlann cosáin na mara.
10A Thiarna ár Rialtóir: is oirirc dʼAinm ar fuaid na cruinne!

目前选定:

Na Sailm 8: OC1965

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录