Na Sailm 7

7
Salm 7.
Domine, Deus meus.
1A Thiarna mo Dhia, is ionat a chuir mé mo dhóchas: saor mé ó lucht uile mo ghéarleanúna, agus fuascail mé;
2Sula slogadh sé mʼanam, mar leon, agus go stróiceadh sé ó chéile í: agus gan chúntóir le fáil.
3A Thiarna mo Dhia, má rinne mé amhlaidh: nó má tá aon choir ar mo lámha;
4Má thug mé an t‑olc in aghaidh na maitheasa don té a bhí cairdiúil liom: (nár fhuascail mé an té a bhí ina namhaid dom gan chúis?)
5Cuireadh mo namhaid ansin géarleanúint ar mʼanam, agus beireadh sé orm: agus satlaíodh sé mo bheatha sa talamh, agus leagadh sé mo chlú sa luaith.
6Éirigh suas, a Thiarna, id fhearg, bí dod ardú féin, ó tá fearg ar mo naimhde: seas ar mo shon sa bhreithiúnas a dʼordaigh tú.
7Agus is amhlaidh thiocfaidh comhthionól na gciníocha i do thimpeall: agus bí ag éirí os a chionn arís.
8Tabharfaidh an Tiarna breithiúnas ar na ciníocha; tabhair saorbhreith orm, a Thiarna: de réir mʼfhíréantachta, agus de réir na neamhchiontachta a tá ionam.
9Tigeadh urchóid lucht an oilc chun deiridh: ach treoraigh tusa na fíréin.
10Óir bíonn an Dia fíréanta: ag promhadh na gcroíthe agus na n‑árann.
11Is ó Dhia a thagann an cúnamh chugam: is é a chosnaíos lucht an chroí fhír.
12Is breitheamh fíréanta Dia, agus é láidir, foighneach: agus cuirtear cathú ar Dhia gach lá.
13Mura n‑athraíonn duine a chúrsa, cuirfidh sé faobhar ar a chlaíomh: tá a bhogha lúbtha aige, agus réidh.
14Tá airm mharfacha ullamh aige: tá saigheada i ndán aige do lucht na géarleanúna.
15Féach, tá sé ag iompar mioscaise: ghabh sé crá ina bhroinn, agus rug sé an urchóid.
16Thochail sé agus dʼoscail sé poll: agus thit sé féin san ár a chum sé do dhuine eile.
17Óir bhain sé slat a sciúrtha féin: agus fillfidh a fheall ar a bhaithis féin.
18Tabharfaidh mé buíochas don Tiarna, ar son a fhíréantachta: agus molfaidh mé Ainm an Tiarna, Ainm an Té is Airde.

目前选定:

Na Sailm 7: OC1965

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录