Na Sailm 25

25
Salm 25.
Ad te, Domine, levavi.
1Is chugat, a Thiarna, a thógfas mé mʼanam; is ionat a chuir mé mo dhóchas, a Dhia: ná lig dom bheith do mo náiriú, agus ná lig do mo naimhde a mhaíomh go bhfuaireadar mo bhua.
2Ní bheidh náire ar ar chuir a ndóchas ionat: ach an dream a chiontaíos gan chúis, is orthu a bheidh an aiféala.
3Taispeáin do shlite dom, a Thiarna: agus teagasc do chosáin dom.
4Treoraigh ar aghaidh id fhírinne mé, agus bí do mo mhúineadh: óir is tú Dia mo shlánaithe; is asat a bhíodh mo mhuinín ar feadh an lae.
5Go mba chuimhneach leat, a Thiarna, do mhaoth‑thrócaire: agus do charthanacht ghrámhar, ó bhíodar ann riamh anall.
6Ná cuimhnigh ar pheacaí ná ar choirthe mʼóige: ach cuimhnigh orm de réir do thrócaire, a Thiarna, agus de réir do chineáltais.
7Is grásmhar, fíréanta é an Tiarna: ar an ábhar sin múinfidh sé an tslí do na peacaigh.
8Treoróidh sé an dream a bhíos uiríseal de réir an chirt: agus múinfidh sé a shlí don dream a bhíos ceansa.
9Níl i gcosáin uile an Tiarna ach an trócaire agus an fhírinne: don dream a chomhallas a chonradh agus a fhianaisí.
10Mar mhaithe led Ainm, a Thiarna: bí trócaireach dom i mo pheaca ós mór é.
11Cá bhfuil an fear a mbíonn eagla an Tiarna air: múinfidh sé eolas dósan ar an slí a thoghfaidh sé.
12Mairfidh a anam faoi shéan: agus titfidh oidhreacht na tíre ar a shliocht.
13Ligeann an Tiarna a rún leis an dream a mbíonn a eagla orthu: agus nochtfaidh sé a chonradh dóibh.
14Bíonn mo shúile i gcónaí ag féachaint faoi dhéin an Tiarna: óir tarraingeoidh sé mo chosa amach as an líon.
15Iompaigh chugam agus déan trócaire orm: óir táim i mo thruán tréigthe.
16Tá a thuilleadh crá ar mo chroí: tabhair slán as an ngéibheann mé.
17Féach ar mo bhuaireamh agus ar mo bhrón: agus maith dom mo pheaca uile.
18Féach ar mo naimhde agus a líonmhaireacht: agus an fuath fíochmhar atá acu dom.
19Cumhdaigh mʼanam agus fuascail mé: ná lig dom bheith náirithe ó chuir mé mo dhóchas ionat.
20Go seasa neamhchoirtheacht agus ionracas dom: óir bʼasat a bhí mo mhuinín.
21Tabhair Iosrael slán, a Dhia: as gach géibheann ina mbíonn sé.

目前选定:

Na Sailm 25: OC1965

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录