Na Sailm 5

5
Salm 5.
Verba mea auribus.
1Meáiġ mo ḃriaṫra, a Ṫiarna: taḃair aire do mo ṁaċnaṁ.
2Éisteaḋ mo Rí agus mo Ḋia le fuaim mo scairte: óir is ċugat a ḃead ag guí.
3Beiḋ mo ġlór á ċluinstin agat go luaṫ, a Ṫiarna: ar moċ maidine cuirfiḋ mé mʼurnaí ċugat, ag aṁarc suas.
4Óir ní Dia tú a mbíonn dúil agat in urċóid: ní ċónóiḋ aon olc i do ṫeaċ.
5Ní ṡeasfaiḋ an drong amaideaċ os coinne do ṡúl: óir is fuaṫ leat luċt cleaċtaiṫe an díoṁaointis.
6Scriosfaiḋ tú luċt laḃarṫa na mbréag: beiḋ gráin ag an Tiarna ar an duine fuilteaċ agus ar an duine fealltaċ araon.
7Aċ tiocfaiḋ mise isteaċ i do ṫeaċ, ag dul i muinín méid do ṫrócaire: is faoi dʼeagla a ḃeiḋ mé ag aḋraḋ i dtreo do ṫeampaill naofa.
8Treoraiġ mé, a Ṫiarna, id ḟíréantaċt, de ḃrí mo naiṁde: réitiġ do ḃealaċsa roṁam.
9Óir níl a mbéal iontaofa: is í an éagóir féin a gcroí istiġ.
10Is uaiġ oscailte a gcraos siúd: bíonn a dteanga ag cur cluana.
11Taḃair breiṫ orṫu, a Ṫiarna; tugaḋ a mbearta féin a mbás: caiṫ amaċ iad in ionad a gcoireanna; óir is ort a dʼéiríodar i dtréas.
12Agus bíoḋ lúċáir ar an dream uile a ċuireas a muinín ionat: beiḋ siad ag taḃairt buíoċais de ṡíor, de ḃrí go mbíonn tú á gcosaint; beiḋ tú mar ċúis áṫais ag luċt gráite dʼAinm;
13Óir taḃarfaiḋ tú, a Ṫiarna, do ḃeannaċt don ḟíréan: agus beiḋ do ċarṫanaċt ċineálta mar sciaṫ cosanta aige.

Àwon tá yàn lọ́wọ́lọ́wọ́ báyìí:

Na Sailm 5: OC1965G

Ìsàmì-sí

Pín

Daako

None

Ṣé o fẹ́ fi àwọn ohun pàtàkì pamọ́ sórí gbogbo àwọn ẹ̀rọ rẹ? Wọlé pẹ̀lú àkántì tuntun tàbí wọlé pẹ̀lú àkántì tí tẹ́lẹ̀