Na Sailm 1

1
Salm 1.
Beatus vir, qui non abiit.
1Is beannaiṫe an fear nár ṡiúil ar ċoṁairle luċt an oilc, agus nár ṡeas i slí na bpeacaċ: nár ṡuiġ i gcaṫaoir na dtarcaisneoirí.
2Aċ is é dlí an Tiarna a aoiḃneas: agus beiḋ sé ag meaḃrú ar a ḋlí lá agus oíċe.
3Agus beiḋ sé mar ċrann atá curṫa ar ḃruaċ an uisce: a ṫaḃarfaiḋ a ṫoraḋ go tráṫúil.
4Ní ċríonfaiḋ a ḋuilleog: agus féaċ, níl ní dá ndéanfaiḋ sé naċ mbeiḋ raṫ air.
5Aċ i dtaoḃ luċt an oilc, ní haṁlaiḋ dóiḃ: bíonn siadsan mar an gcáiṫ, a ḃíonn á scaipeaḋ ag an ngaoṫ de ḋroim an talaiṁ.
6Dá ḃrí sin ní ḟéadfaiḋ luċt an oilc seasaṁ sa ḃreiṫiúnas: ná na peacaiġ i gcoṁṫionól na ḃfíréan.
7Aċ is aiṫnid don Tiarna slí na ḃfíréan: agus raċaiḋ a slí amú ar luċt an oilc.

Поточний вибір:

Na Sailm 1: OC1965G

Позначайте

Поділитись

Копіювати

None

Хочете, щоб ваші позначення зберігалися на всіх ваших пристроях? Зареєструйтеся або увійдіть

YouVersion використовує файли cookie для персоналізації вашого досвіду. Використовуючи наш вебсайт, ви приймаєте використання файлів cookie, як описано в нашій Політиці конфіденційності