Matha 1

1
1Leaḃar geinealaiġ Íosa Críost, mic Ḋáiḃí, mic Abraċaim. 2Do ġein Abraċam Íosóg; agus do ġein Íosóg Iácób; agus do ġein Iácób Iúdás agus a ḋearḃráiṫre. 3Agus do ġein Iúdás Fares agus Sara ó Ṫamar; agus do ġein Fares Esróm; agus do ġein Esróm Aram; 4agus do ġein Aram Aminadab; agus do ġein Aminadab Naasón; agus do ġein Naasón Salmón; 5agus do ġein Salmón Boes Ó Raċab; agus do ġein Boes Ióbed ó Rút; agus do ġein Ióbed Iesse; 6agus do ġein Iesse an rí Dáiḃí.
7Agus do ġein an rí Dáiḃí Solaṁ ó’n mnaoi do ḃí ag Úrias; agus do ġein Solaṁ Robóam; agus do ġein Robóam Abia; agus do ġein Abia Asa; 8agus do ġein Asa Iósafat; agus do ġein Iósafat Ióram; 9agus do ġein Ióram Ósias; agus do ġein Ósias Ióatam; agus do ġein Ióatam Aċas; 10agus do ġein Aċas Esecias; agus do ġein Esecias Manassés; agus do ġein Manassés Amós; 11agus do ġein Amós Iósias; agus do ġein Iósias Ieċonias agus a ḋearḃráiṫre le linn broide Baibiolóine.
12Agus tar éis broide Baibiolóine do ġein Ieċonias Salatiél; agus do ġein Salatiél Sorobábel; 13agus do ġein Sorobábel Abiúd; agus do ġein Abiúd Eliaċém; agus do ġein Eliaċém Asór; 14agus do ġein Asór Sadóc; agus do ġein Sadóc Aċím; 15agus do ġein Aċím Eliúd; agus do ġein Eliúd Eleásar; agus do ġein Eleásar Mattán; 16agus do ġein Mattán Iácób; agus do ġein Iácób Seosaṁ, fear Ṁuire, ó n‐ar geineaḋ Íosa d’á ngoirṫear Críost.
17Uime sin, na geinealaiġ go léir ó Abraċam go Dáiḃí, is ceiṫre glúna déag iad; agus ó Ḋáiḃí go broid Ḃaibiolóine, ceiṫre glúna déag; agus ó ḃroid Ḃaibiolóine go Críost, ceiṫre glúna déag.
18Agus mar so is eaḋ ṫarla geineaṁain Íosa Críost. Iar mbeiṫ d’á ṁáṫair, Muire, luaiḋte le Seosaṁ, sara dtángadar le ċéile, friṫ go raiḃ sí torraċ ó’n Spiorad Naoṁ. 19Aċt, ó ba ḋuine fíréanta Seosaṁ, a fear, agus nárḃ áil leis a maslú go poibliḋe, ba ṁian leis a cur uaiḋ ós íseal. 20Aċt ag maċtnaṁ ḋó air, do taiḋḃriġeaḋ ḋó i n‐aisling aingeal an Tiġearna, aduḃairt, a Ṡeosaiṁ, a ṁic Ḋaiḃí, ná bíoḋ eagla ort do ċéile, Muire, ṫaḃairt ċun aoin‐tiġis leat; óir, an ġein atá gaḃṫa aice, is ó’n Spiorad Naoṁ í. 21Béarfaiḋ sí mac, agus do‐ḃéarfaiḋ tú ÍOSA mar ainm air, óir slánóċaiḋ sé a ṗobal ó n‐a bpeacaiḋiḃ. 22Agus do ṫuit seo amaċ ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an niḋ aduḃairt an Tiġearna tríd an ḃfáiḋ, g‐á ráḋ,
23Féaċ, béiḋ maiġdean torraċ, agus béarfaiḋ sí mac,
Agus do‐ḃéarfar Emmanuel mar ainm air, ainm ċialluiġeas, Dia linn. 24Agus ar ndúiseaċt do Ṡeosaṁ, do‐rinne sé mar d’órduiġ aingeal an Tiġearna ḋó, agus do ġlac sé ċuige a ḃean, 25aċt níor aiṫin sé í nó go rug sí mac, agus ṫug sé ÍOSA mar ainm air.

Поточний вибір:

Matha 1: JOYNTG

Позначайте

Поділитись

Копіювати

None

Хочете, щоб ваші позначення зберігалися на всіх ваших пристроях? Зареєструйтеся або увійдіть

YouVersion використовує файли cookie для персоналізації вашого досвіду. Використовуючи наш вебсайт, ви приймаєте використання файлів cookie, як описано в нашій Політиці конфіденційності