Lúcás 11

11
1Agus tharla, agus é ag déanamh urnaighe i n‐áit áirithe, go ndubhairt duine d’á dheisceablaibh leis, nuair do stad sé, A Thighearna, múin dúinne urnaighe do dhéanamh, fá mar mhúin Eoin d’á dheisceablaibh féin. 2Agus adubhairt sé leo, Nuair do‐ghní sibh urnaighe, abraidh, A Athair, Go naomhthar t’ainm. Go dtigidh do ríoghacht. 3Tabhair dhúinn ár n‐arán le h‐aghaidh an lae. 4Agus maith dhúinn ár bpeacaidhe; mar mhaithimíd‐ne dhóibh‐sean ar a bhfuil fiacha againn. Agus na seol i gcathú sinn.
5Agus adubhairt sé leo, Cia aca dhíobh‐se, go mbéidh cara aige, agus go rachaidh sé chuige i lár na h‐oidhche, agus go n‐abróchaidh sé leis, A chara, tabhair trí bollóga aráin ar iasacht dom; 6óir tháinig cara ar turas chugam, agus ní fhuil éinnidh agam le cur ’n‐a chómhair; 7agus go n‐abróchaidh seisean atá istigh, Ná bí ag cur buaidheartha orm; atá an doras dúnta anois, agus atá mo chlann i n‐éinfheacht liom sa leabaidh; ní féidir liom éirghe agus rud do thabhairt duit. 8Adeirim libh, Muna n‐éireochaidh sé chum rud do thabhairt dó, toisc gur cara leis é, éireochaidh sé mar gheall ar a shíor‐thathant, agus do‐bhéarfaidh sé dhó cibé nidh atá uaidh. 9Agus adeirim libh, Iarraidh, agus do‐bhéarfar daoibh; loirgidh, agus do‐gheobhaidh sibh; buailidh, agus fosclóchar daoibh. 10Óir gach aoinneach iarras, glacann sé; agus an té loirgeas, gheibheann sé; agus do’n té bhuaileas, fosclóchar. 11Agus cia h‐é an t‐athair agaibh go n‐iarrfaidh a mhac bollóg aráin air, agus gur cloch bhéarfas sé dhó? nó iasc, agus i n‐ionad éisc gur nathair nimhe bhéarfas sé dhó. 12Nó dá n‐iarradh sé ubh, an scairp do‐bhéaradh sé dhó? 13Ar an adhbhar sin, má’s eol daoibh‐se, agus sibh go h‐olc, deagh‐thabhartais do bhronnadh ar bhúr gclainn, nach mó go mór bhronnfas bhúr nAthair atá ar neamh an Spiorad Naomh ortha‐san iarras air é?
14Agus do bhí sé ag caitheamh deamhain do bhí balbh amach. Agus tharla, nuair do bhí an deamhan imthighthe amach, gur labhair an balbhán; agus do‐rinne an sluagh iongnadh dhe. 15Acht do bhí cuid aca adubhairt, Is tré Bhelsibub, prionnsa na ndeamhan, chaitheas sé na deamhain amach. 16Agus d’iarr cuid eile aca cómhartha ó neamh air, g‐á thriail. 17Acht do b’eol dó a smaointe, agus adubhairt sé leo, Gach ríoghacht atá deighilte ’n‐a coinnibh féin, téigheann sí chum donachta; agus líon tighe atá deighilte i gcoinnibh lín tighe, tuiteann sé. 18Agus má atá Sátan deighilte ann féin, cionnas sheasfas a ríoghacht? óir adeir sibh‐se gur tré Bhelsibub chaithim‐se amach na deamhain. 19Agus má’s tré Bhelsibub chuirim‐se na deamhain amach, cia thríd chaitheas bhúr gclann féin amach iad? D’á bhrigh sin is iad‐san bhéarfas breith oraibh. 20Acht má’s le cumhacht Dé chuirim‐se na deamhain amach, annsin atá ríoghacht Dé tagtha chugaibh. 21Nuair bhíos fear tréan, gléasta i n‐arm ag cosaint a chúirte féin, bíonn síothcháin ar a bhfuil aige: 22acht nuair thig duine is treise ’ná é g‐á ionnsaighe, agus do‐bheir sé buaidh air, tógann sé uaidh a chuid arm ar a raibh a sheasamh, agus roinneann sé a chuid éadála. 23An té nach bhfuil liom atá sé im’ aghaidh; agus an té nach bhfuil ag cruinnuí mar aon liom, atá sé ag scaipeadh. 24Nuair bhíos an spioraid neamh‐ghlan imthighthe as an duine, gluaiseann sí tré áiteannaibh tiorma ar lorg suaimhnis: agus nuair nach mbíonn sin le fágháil aici, adeir sí, Fillfead chum mo thighe as a dtáinig mé amach. 25Agus ar dteacht dí, do‐gheibh sí an teach scuabtha, deisighthe. 26Imthigheann sí annsin agus do‐bheir sí léi seacht spioraidí eile is measa ’ná í féin; agus téid siad‐san isteach agus do‐ghní siad cómhnaidhe ann: agus is measa staid an duine sin sa deireadh ’ná do bhí a chéad staid.
27Agus tharla, le linn cainnte dhó, gur labhair bean de ghuth árd as an sluagh, agus adubhairt sí, Is beannuighthe an bhroinn d’iomchair thú, agus na cíocha do dheolais. 28Acht adubhairt seisean, Abair ’n‐a ionad sin, Is beannuighthe iad‐san éisteas le briathar Dé agus choimhéadas é.
29Agus nuair do bhí na sluaighte ag cruinniú chuige, do thosnuigh sé ar a rádh leo, Droch‐chineadh is eadh an cineadh so: atá sé ag tóraidheacht cómhartha; agus ní tabharfar cómhartha dhó acht cómhartha Iónáis. 30Óir fá mar bhí Iónás ’n‐a chómhartha do mhuinntir Ninibhe, is mar sin bhéas Mac an Duine ’n‐a chómhartha do’n chineadh so. 31Éireochaidh ríoghan an domhain theas sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh muinntire an chinidh seo, agus bhéarfaidh sí daoir‐bhreith ortha: óir tháinig sise ó imeallaibh an domhain chum éisteachta le h‐eagna Sholaimh; agus féach, atá duine is mó ’ná Solamh annso. 32Éireochaidh muinntear Ninibhe sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh an chinidh seo, agus bhéarfaidh siad daoir‐bhreith air: óir do‐rinneadar‐san aithrighe ar fhógairt Iónáis, agus féach, atá duine is mó ’ná Iónás annso.
33Aoinneach lasas lóchrann, ní i soiléar chuireas sé é, ná fá bhéal buiséil, acht cuireann sé ar stáitse é, chum go bhfeicfidh siad‐san thigeas isteach an solas. 34Is í do shúil solas do chuirp: nuair bhíos do shúil glan, bíonn do chorp uile soillseach, chómh maith; acht nuair bhíos sí go h‐olc, bíonn do chorp sa dorchadas. 35Tabhraidh aire, d’á bhrigh sin, nach dorchadas an solas atá ionnat. 36D’á bhrigh sin, má bhíonn do chorp uile soillseach, gan aon chuid de bheith dorcha, béidh sé soillseach go h‐iomlán, de réir mar shoillsigheann lóchrann thú agus é ag deallrú go geal‐ghlan.
37Le linn na cainnte sin dó, d’iarr Fairisíneach air béile do chaitheamh ’n‐a fhochair: agus do chuaidh sé isteach, agus do shuidh sé síos chum bidh. 38Agus ba mhór ba iongnadh leis an bhFairisíneach, agus é ag féachain air, nár nigh sé é féin roimh an mbéile. 39Agus adubhairt an Tighearna leis, Nach breagh mar ghlanann sibh‐se, a Fhairisíneacha, an taobh amuigh de’n chupán agus de’n phláta; acht bíonn sibh líonta istigh de shainnt agus de chuirptheacht. 40A dhaoine gan chiall, an té do‐rinne an taobh amuigh, nach ndearna sé an taobh istigh mar an gcéadna? 41Acht, i dtaobh a bhfuil istigh, tabhraidh déirc uaibh; agus féach, sin é gach uile nidh glan daoibh.
42Acht is mairg daoibh, a Fhairisíneacha! óir gearrann sibh an deachmhadh ar an miontas, agus ar an ruibh, agus ar gach uile luibh, agus ní chuireann sibh suim i mbreitheamhnas ná i ngrádh Dé: acht ba cheart daoibh aire do thabhairt daoibh seo gan faillighe do dhéanamh ionnta súd. 43Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha! óir is breagh libh na suidheacháin uachtaracha ins na sionagógaibh, agus daoine ag beannú dhaoibh i n‐áiteannaibh an mhargaidh. 44Is mairg daoibh! óir is cuma sibh nó na tuamaí nach bhfeictear, agus nach eol dóibh‐sean shiubhlas ortha iad do bheith ann.
45Agus d’fhreagair duine de’n lucht dlighe, agus adubhairt sé leis, A Mháighistir, nuair adeirir an méid sin do‐bheirir masla dhúinne, leis. 46Agus adubhairt sé, Is mairg daoibh‐se, leis, a lucht dlighe! óir cuireann sibh ualaighe ar na daoinibh thar a riocht, agus ní chuireann sibh féin oiread agus bárr méire ar aon ualach díobh. 47Is mairg daoibh! óir tógann sibh tuamaí na bhfáidh, agus gurbh iad bhúr sinnsir do mharbh iad. 48Mar sin do‐bheir sibh fiadhnaise go bhfuil sibh ar aon inntinn le n‐bhúr sinnsearaibh ’n‐a ngníomharthaibh: do marbhadar‐san iad, agus tógann sibh‐se leachta. 49Ar an adhbhar sin adubhairt eagna Dé, Cuirfead fáidhe agus abstail chuca; agus marbhócaid cuid aca, agus do‐ghéanaid géirleanamhain ortha; 50chum go n‐eileochar ar an gcineadh so ar doirteadh d’fhuil na bhfáidh go léir ó bhunadh an domhain; 51ó fhuil Aibéil go fuil Shachariais do marbhadh idir an altóir agus an sanctóir: go fírinneach adeirim libh, éileochar é ar an gcineadh so. 52Is mairg daoibh, a lucht na dlighe! óir do thógabhar libh eochair an eolais: ní dheachabhar féin isteach, agus do choisceabhar iad‐san do bhí ag dul isteach.
53Agus nuair do bhí sé imthighthe as an áit sin, do thosnuigh na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ar aighneas do chur air go dian, g‐á spreagadh chum cainnte ar mhórán neithe, 54ag faire na faille air, le súil go bhfaghfaidís focal ó n‐a bhéal do bhraithfeadh é.

Поточний вибір:

Lúcás 11: ATN1951

Позначайте

Поділитись

Копіювати

None

Хочете, щоб ваші позначення зберігалися на всіх ваших пристроях? Зареєструйтеся або увійдіть