Logo ng YouVersion
Hanapin ang Icon

Psalm 7

7
VII Psalm.
1Sán Tighearna Dia ta mo dhóigh,
Orm fortuigh agus fóir,
A’s sáor me fós ó ghérleanmhuin,
Ta dluith mo dhiaigh ’san tóir.
2Air eagla, mar ghnidh leómhan tréun,
Go sgriosfuidhe m’anam leis:
Go stróicfidh me a mblodhuibh mion,
Gan neach le m’fuascladh as.
3Iehobha Dhé, ma rinneas so;
Má ta locht air mo láimh:
4Ma dh’íocas olc don te do bhí,
A síothchain leam ’sa ndáimh;
Ni hamhluidhe sin, ach rinn me an tí,
A theasairgion go blaith,
Do bhi gan adhbhar a’s gan chúis,
Na namhuid dhamh gach lá.
5Leanadh mo namhuid m’anam féin,
’Sglacadh se é, ’sgo lár;
Saltradh mo bheatha, leagadh fós,
M’onoír sios le táir.
6Éirgidh, ann d’feirg, tóg suas thu féin,
Fa chorruidhe m’eascar’ thréin;
A’s chum na breithe d’orduigh tu,
Musguil fam chúis, a Dhé.
7Marsin choimhthionoluid na slóigh,
Ad chuairtiughadh gan cháird;
Is uime sin fa’n ccúis a Dhé
Fill féin chum d’ionuid áird.
8Breith air an bpobál bhéarfadh Dia:
’Réir m’ionracais déan breith,
’Réir m’fíréuntacht féin, a Dhé,
Go teann seas air mo leith.
9O críochnuigh olc na ndáoineadh ndáoi,
Acht daingnidh dáoine cóir:
’S fear sgruduigh croidhe a’s ransuigheóir,
Dia comhthromach na nglóir.
10’Se Dia mo sgiath, ’s furtochuidhe se
Do mhuintir an chroidhe cheirt.
11’Sbiaidh go cinte air feadh gach la
A bhfeirg le lucht droichbheirt,
12Muna bhfillfigh an dáoi air ais,
A chloidheamh liomhfuigh Dia.
Do lúb se bhogha go ro theann,
Dollmhuigh se é go dian.
13Fíor‐urnuis agus innil bháis,
Do dheasuigh se dhó féin;
Soigheada rinneagh léig se amach
A naghuidh lucht ndroich‐mhéin.
14Mar mhna le sáothar ’s amhluidhe sin,
An dáoidh, le holc ata;
An taimhleas se budh toirrchios dó,
Bréuga rug se gan stá.
15Thochuilse a’s do rinne clais,
Thuit féin san díg do rinn:
16Thuit aimhleas air a chloigean féin,
A’s urchoid air a chinn.
17Do réir fhírine molfadh me,
An Tighearna gach am:
Do ainm Iehobha sinnfigh me,
Oir sé is áirde ann.

Kasalukuyang Napili:

Psalm 7: PSA1836

Haylayt

Ibahagi

Kopyahin

None

Gusto mo bang ma-save ang iyong mga hinaylayt sa lahat ng iyong device? Mag-sign up o mag-sign in