Logo ng YouVersion
Hanapin ang Icon

Psalm 6

6
VI Psalm.
1’Thighearna an do chorruidhe mhór,
Na Himdhearg me go garg,
Na déan mo smachtughadh go géur,
A nuair a lasas d’fearg.
2Déan trócaire orm, ’Dhia na ngrás,
Oir lag ataim gan cheart;
’Dhia, slánuigh me anois am’ fheidhm
O taid mo chnámha gan neart.
3Ta m’anam air na chrádh go géur:
Acht thusa ’Dhia cia fad?
4Fill, fuasguil m’anam; agus fóir
Le trócaire orm go grad.
5Oir ortsá, ’Thighearna choidhche,
Ni cuimhnighthear san mbás:
Cia bheir buidheachus annsa nuaigh,
No luaidhios ort go brách?
6Lem’ chneaduibh taim lag ’sa noidhche’
’Cur mo leaptha air snámh:
Le deóruibh frasa fliuchaim m’adhairt,
’San am air chóir dhamh támh.
7Mheath mo radharc le buaidhreadh mhór,
Do bhrigh mo bhróin gach tráth;
A’s ta me dul ann áois, arson
M’uile namhuid’, do ghnáth.
8A lucht na haingidheacht go léir,
Imthigh’se uaim air fad:
Oir chualuigh Dia go trócaireach,
Ard ghuth mo cháoidh gan stad.
9An athchuinge a chuir me suas,
Do chualuigh Dia an glór;
A’s ghaibhse fós go fonmhar uaim
An urnuidhe rinneas cóir.
10Air mo namh’dibh go raibh air fad,
Náire a’s buaidhreadh ghéur,
Fillidís air anais go luath,
Le masladh mór go léir.

Kasalukuyang Napili:

Psalm 6: PSA1836

Haylayt

Ibahagi

Kopyahin

None

Gusto mo bang ma-save ang iyong mga hinaylayt sa lahat ng iyong device? Mag-sign up o mag-sign in