Matha 4

4
1Annsin do ṫreoruiġ an Spiorad Íosa isteaċ sa ḃfásaċ ċum go gcuirfeaḋ an diaḃal caṫú air. 2Agus nuair do ḃí troscaḋ dá ḟiċid lá agus dá ḟiċid oiḋċe déanta aige, ṫáinig ocras air ’n‐a ḋiaiḋ sin. 3Agus ṫáinig an t‐aiḋḃeirseoir, agus aduḃairt sé leis, Má’s tusa Mac Dé, órduiġ arán do ḋéanaṁ de na cloċaiḃ seo. 4Aċt d’ḟreagair seisean, agus aduḃairt, Atá scríoḃṫa, Ní h‐ar arán aṁáin ṁairfeas an duine, aċt ar an uile ḃriaṫar ṫig ó ḃéal Dé. 5Annsin do rug an diaḃal leis é isteaċ sa gcaṫair naoṁṫa, agus do ċuir sé ’n‐a ṡeasaṁ ar spuaic an teampaill é, 6agus aduḃairt sé leis, Má’s tú Mac Dé teilg ṫú féin le fánaiḋe síos: óir atá scríoḃṫa,
Do‐ḃéaraiḋ sé órdú d’á aingliḃ id’ ṫaoḃ:
Agus tógfaid‐sean ’n‐a láṁaiḃ ṫú,
Ar eagla go mbuailfeá do ċos i gcoinniḃ cloiċe.
7Aduḃairt Íosa leis, Atá scríoḃṫa fós, Ní ċuirfiḋ tú caṫú ar do Ṫiġearna Dia. 8Annsin do rug an diaḃal leis é go mullaċ sléiḃe an‐áird, agus do ṫaisbeán sé ḋó ríoġaċta uile an doṁain, agus a ngradam; 9agus aduḃairt sé leis, Do‐ḃéarad‐sa iad sin go h‐iomlán duit, má’s toil leat sléaċtaḋ ḋom, 10agus mé d’aḋraḋ. Annsin aduḃairt Íosa leis, Imṫiġ, a Ṡátain: óir atá scríoḃṫa, Aḋarfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia, agus is dó‐san aṁáin do, ġéanaiḋ tú seirḃís. 11Annsin d’imṫiġ an diaḃal uaiḋ, agus féaċ, ṫáinig aingil agus do‐rinneadar frioṫáileaṁ air.
12Agus nuair do‐ċuala Íosa gur cuireaḋ Eoin i bpríosún, do ċuaiḋ sé do’n Ġalilé; 13agus ag imṫeaċt ó Nasair ḋó ṫáinig sé ċum ḃeiṫ ’n‐a ċóṁnaiḋe i gCafarnaúm, cois na fairrge ar ṫeorainn Ṡabulón agus Neftalim, 14ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an briaṫar aduḃairt Ésáias fáiḋ,
15Talaṁ Ṡabulón, agus talaṁ Neftalim,
Sliġe na fairrge, taoḃ ṫall de Iórnán,
Galilé na nGeinte:
16An pobal do ḃí suiḋte i ndorċadas, do ċonnaic sé solas mór;
Agus orṫa‐san do ḃí suiḋte i gcríċ scáile an ḃáis
D’éiriġ an solas.
17As sin amaċ do ṫosnuiġ Íosa ar ṡeanmóir, g‐á ráḋ, Déanaiḋ aiṫriġe: óir atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe liḃ.
18Agus ag siuḃal d’Íosa le h‐ais mara Ġalilé, do ċonnaic sé beirt dearḃrátar, Síomón ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a ḋearḃráṫair, do ḃí ag cur lín sa ḃfairrge: óir do b’iascairí iad. 19Agus aduḃairt sé leo, Leanaiḋ mise agus do‐ġéanad‐sa iascairí ar ḋaoiniḃ ḋíḃ, 20Agus ar an láṫair, ag fágáil a líonta ḋóiḃ, do leanadar é. 21Agus ag imṫeaċt as sin dó, do ċonnaic sé beirt eile dearḃráṫar, Séamas mac Ṡebedé, agus Eoin a ḋearḃráṫair, agus iad i mbád i ḃfoċair a n‐aṫar, Sebedé, ag cóiriú a líonta; agus do ġlaoḋ sé ċuige iad. 22Agus ar an láṫair d’ḟágadar an bád agus a n‐aṫair, agus do leanadar é.
23Agus do ġluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas an uile ġalair agus breoiteaċta i measc na ndaoine. 24Agus do leaṫ a ċlú ar fud tíre na Siṫre ar fad, agus tugaḋ ċuige iad‐san go léir ar a raiḃ easláinte, iad do ḃí cráiḋte le galaraiḃ ilġnéiṫeaċa agus le piantaiḃ, agus go raiḃ deaṁain ionnta, daoine go raiḃ an galar tuitimeaċ agus pairilis orṫa; agus do leiġeas sé iad. 25Agus do lean na sluaiġte móra é ó’n nGaililé, agus ó’n Decapolis, agus ó Iarúsalem, agus ó Iúdaea, agus ó’n taoḃ ṫall de Iórnán.

Айни замон обунашуда:

Matha 4: JOYNTG

Лаҳзаҳои махсус

Паҳн кунед

Нусха

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy