Matha 3

3
1Ins na laeṫiḃ sín ṫáinig Eoin Baiste ag seanmórú i ḃfásaċ Iúdaea, 2g‐á ráḋ, Déanaiḋ aiṫriġe, óir atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe liḃ. 3Óir is eisean an té úd ar ar laḃair Ésáias fáiḋ, nuair aduḃairt se,
Guṫ an té atá ag glaoḋaċ sa ḃfásaċ,
Ullṁuiġiḋ sliġe an Tiġearna,
Déanaiḋ a ċosáin díreaċ.
4Agus is é éadaċ do ḃí ar Eoin ruainneaċ camaill, agus do ḃí crios leaṫair i dtimċeall a ċuim; agus is é biaḋ do ḃí aige lócaistí agus mil cuasnóige. 5Do ċuaiḋ Iarúsalem amaċ ċuige, an t‐am sin, agus Iúdaea go léir, agus luċt an ċeanntair mór‐ṫimċeall Iórnáin, 6agus do ḃaist sé i nIórnán iad, agus iad ag adṁáil a bpeacaḋ. 7Aċt nuair do ċonnaic sé mórán de na Fairisíneaċaiḃ agus de na Saddúcíneaċaiḃ ag teaċt ċum baiste d’ḟáġáil uaiḋ, aduḃairt sé leo‐san: A ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cia d’ḟógair orṫaiḃ‐se teiċeaṫ ó’n díḃḟeirg atá le teaċt? 8Ar an aḋḃar sin, taḃraiḋ toraḋ uaiḃ ḃéas de réir na h‐aiṫriġe; 9agus ná h‐abraiḋ ’n‐ḃúr n‐aigne: Atá Abraċam ’n‐a aṫair againn: óir adeirim liḃ gur féidir le Dia clann do ṫógáil d’Abraċam de na cloċaiḃ seo. 10Agus ċeana féin atá an tuaġ curṫa ar ḟréiṁ na gcrann: ar an aḋḃar sin crann ar biṫ naċ dtugann toraḋ maiṫ, leagfar é agus caiṫfear é sa teiniḋ. 11Baistim‐se le h‐uisce siḃ ċum aiṫriġe; aċt an té atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a ḃróga d’iomċar: baistfiḋ seisean siḃ leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ. Atá a ċáiṫteaċán ’n‐a láiṁ aige, 12agus glanfaiḋ sé a urlár buailte, agus baileoċaiḋ sé a ċuid cruitneaċtan isteaċ sa scioból; agus loiscfiḋ sé an ċáiṫ le teiniḋ naċ féidir do ṁúċaḋ.
13Ṫáinig Íosa, an t‐am sin, ó’n nGaililé go h‐Iórnán ċum Eoin, ċum go mbaistfeaḋ seisean é. 14Aċt d’iarr Eoin cosc do ċur leis, g‐á ráḋ, Is daṁ‐sa ba ċeart baisteaḋ d’ḟaġáil uait‐se, agus is ag teaċt ċugam‐sa atáir.
15Agus d’ḟreagair Íosa é, agus aduḃairt sé leis, leig dó anois: óir is mar so is cuiḃe gaċ dliġe do ċóiṁlíonaḋ. Agus do ġéill sé ḋó an t‐am sin. 16Agus ar mbeiṫ d’Íosa baistṫe, do ċuaiḋ sé suas as an uisce ar an láṫair: agus, féaċ, do fosclaḋ na flaiṫis dó, agus do ċonnaic sé Spiorad Dé ag tuirling i rioċt cuilm, agus ag teaċt anuas air: 17agus, féaċ, guṫ ó neaṁ, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain ’n‐a ḃfuil mo ṁór‐aoiḃneas.

Айни замон обунашуда:

Matha 3: JOYNTG

Лаҳзаҳои махсус

Паҳн кунед

Нусха

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy