Genesis 5

5
Caibidil V.
Beatha na nsinnseardha ré an dilionn. 24 Gabhala suas Enoch chum Flaitheamhnas.
1A se so leabhar geinealuigh Adhuimh. Ann so ló ionar chruthaidh Día an duiné, a ccosamhlachd Dé do rinne sé é; 2Feardha gus bannda do chruthaidh sé íad; agus do bheannuigh íad, agus do ghoír Adhamh dainm dhiobh, annsa ló ionar cruthaigheadh íad. 3Agus do mhair Adhamh céud agus triochad blíaghan, agus do ghein mac ann a chosamhlachd féin, do réir a dhealbha; agus tug Séth dainm air: 4Agus do budh íad láethe Adhaimh tar éis Séth do gheineamhuin dó, ochd ccéud blíaghan: agus do ghein sé mic agus ingheana: 5Agus na láethe ar mhair Adhamh uile ba náoi ccéud agus triochad bliaghan íad: agus fuáir sé bás. 6Agus do mhair Séth céud agus cuig bliaghna, agus do ghein Enos: 7Agus do mhair Séth tar éis Enos do gheineamhuin ochd cceud agus seachd mblíaghna, agus do ghein mic agus ingheana: 8Agus ba híad láethe Shéth uile, naoí ccéud agus dá bhlíaghain déug: agus fúair sé bás. 9Agus do mhair Enos nóchad bliaghan, agus do ghein Cáinan. 10Agus do mhair Enos tar éis Cainan do gheineamhuin ochd ccéud agus cúig blíaghna déug, agus do ghein mic agus ingheana: 11Agus bá híad láethe Enos uile naoí ccéud agus cúig bhliaghna: agus fúair sé bás. 12Agus do mhair Cáinan seachdmhoghad bliaghan, agus do ghein Mahalaleel: 13Agus do mhair Cáinan tar éis Mahalaleel do gheineamhuin ochd cceud agus ceathrachad bliaghan, agus do ghein mic agus ingheana: 14Agus dob iad láethe Cáinan uile náoi cceud agus deich mbliaghna; agus fúair sé bás. 15Agus do mhair Mahalaleel tri fichid agus cúig bhliaghna, agus do ghein Iáred: 16Agus do mhair Mahalaleel tar éis Iáred do gheineamhuin ochd cceud agus triochad blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana: 17Agus dob iad láethe Mhahalaleel uile ochd cceud agus nóchad agus cúig bliaghna: agus fúair sé bás. 18Agus do bhí Iared beó ceud agus eáogad agus dha bhlíaghain, agus do ghein Enoch. 19Agus do mha ir Iared taréis Enoch do gheineamhuin ochd cceud blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana: 20Agus dob íad láethe Iáred uile náoi ccéud agus seasgad agus da bhlíaghain: agus fúair sé bás. 21Agus do mhair Enoch seasgad agus cúig bhliaghna, agus do ghein Matuselah: 22Agus do shiubhail Enoch le Día tar éis gheineamhna Mhatuselah tri chéud blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana: 23Agus dob iad láethe Enoch uile tri chéud agus seasgad agus cúig bhlíaghna: 24Agus do shiubhail Enoch ré Día: agus ní raibh sé; óir rug Día leis é. 25Agus do mhair Matuselah céud agus ochdmhodhad agus seachd mbliaghna, agus do ghin Lamech: 26Agus do mhair Matuselah tar éis Lamech do gheineamhuin seachd cceud ochdmhodhad agus da bhliaghain, agus do ghein mic agus ingheana: 27Agus dob íad láethe Mhatuselah uile náoi ccéud seasgad agus náoi blíaghna: agus fuáir sé bás. 28Agus do mhair Lamech céud ochdmhodhad agus da bhlíaghain, agus do ghein mac: 29Agus do ghoir Naói dainm dhe, da rádh; do bhéura an tisi meisneach dhúinn a ttáoibh ar noibre agus saothair ar lámh, do bhrígh an talaimh do mhalluigh an TIGHEARNA. 30Agus do mhair Lamech tar eis Naói do gheineamhuin cúig céud nóchad agus cúig bhliaghna, agus do ghein mic agus ingheana: 31Agus dob íad láethe Lamech uile seachd cceud seachdmhodhad agus seachd mbliaghna: agus fuáir sé bás. 32Agus do bhi Naói cúig chéud blíaghan dáois: agus do ghein Naói Sem, Ham, agus Japhet.

Выбрано:

Genesis 5: Bedell

Выделить

Поделиться

Копировать

None

Хотите, чтобы то, что вы выделили, сохранялось на всех ваших устройствах? Зарегистрируйтесь или авторизуйтесь