Maitiú 20
20
Caibidil XX
Fáithscéal na n-oibridhthe san fhíonghort. Glóirmhian chlann Shebedhe. Bheir Críost amharc a súl do dhá dhall.
1Is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le fear tighe a chuaidh amach go luath ar maidin le lucht oibre d’fhostódh dá fhíonghort.
2Agus i ndiaidh réidhteach a dhéanamh leis na h-oibridhthe ar phighinn san lá, chuir sé isteach chun a fhíonghuirt iad.
3Agus ag dul amach dó timcheall na tríomhadh h-uaire, chonnaic sé tuilleadh ina seasamh gan obair i n-áit an mhargaidh.
4Agus dubhairt sé leo: Téighigidh sibh-se fosta isteach chun mo fhíonghuirt, agus bhéarfaidh mé díbh cibé a bhéas ceart.
5Agus ar shiubhal leo-san. Agus chuaidh sé amach arís timcheall na seiseadh agus na naomhadh h-uaire, agus rinne sé mar an gcéadna.
6Agus timcheall na h-aonmhadh h-uaire déag chuaidh sé amach, agus fuair sé tuilleadh ina seasamh, agus deir sé leo: Cad chuige a bhfuil sibh bhur seasamh annseo i rith an lae gan obair?
7Agus deir siad-san leis: De bhrígh nár fhostuigh aoinneach sinn. Deir seisean leo: Imthighigidh sibh-se fosta isteach chun mo fhíonghuirt.
8Nuair a bhí an tráthnóna ann, deir máighistir an fhíonghuirt le n-a stiubhard: Scairt ar na h-oibridhthe agus tabhair a dtuarastal dóibh ag toiseacht leis an méid is moille a tháinic agus ag dul go dtí an méid a tháinic i gcéaduair.
9Ar theacht i láthair, mar sin, do’n méid a tháinic timcheall na h-aonmhadh h-uaire déag, fuair siad uilig pighinn an duine.
10Nuair a tháinic na chéad daoine i láthair, mheas siad go raibh siad ar tí níos mó d’fhagháil; acht fuair siad-san fosta pighinn an duine.
11Agus nuair a fuair siad é, thoisigh siad a mhonabhar i n-aghaidh mháighistir an tighe,
12Ag rádh: Níor oibir na daoine seo a tháinic go mall acht aon uair amháin, agus chuir tú iad ar chóimheas linne a d’fhulaing cruadhtán agus teasbhach an lae.
13D’fhreagair seisean duine acu, agus dubhairt: A charaid, ní fhuil mé ag déanamh eagcóra ar bith ort; nár réidhtigh tú liom ar pighinn?
14Glac do chuid, agus bog leat: is é mo thoil a oiread a thabhairt do’n duine seo is deireannaighe a tháinic agus atá mé a thabhairt duit-se.
15An amhlaidh nach dlisteannách damh an rud is toil liom#20, 15 An rud is toil liom. Is é sin le rádh, an rud is toil liom a dhéanamh le mo chuid féin, agus le neithe a bhíos ag brath ar mo chórtas féin. a dhéanamh? An droch-shúil atá agat, as siocair go bhfuil mise maith?
16Sin mar bhéas an mhuinntir dheiridh ar toiseach, agus an mhuinntir thoisigh ar deireadh.#Marc. 10, 31; Lúc. 13, 30. Óir tá glaoidhte ar mhórán agus ní fhuil toighte acht beagán.
17Agus ag dul suas go h-Ierusalem#Marc. 10, 32; Lúc. 18, 31. do Íosa, thug sé an dá dheisciobal déag i leath taoibh, agus dubhairt leo:
18Féach, támuid ag dul suas go h-Ierusalem, agus bhéarfar suas Mac an Duine do uachtaráin na sagart agus do na Scríobhaidhthe, agus daorfaidh siad chun báis é.
19Agus bhéarfaidh siad suas do na cinidheacha é go ndéanaidh siad fonamhaid faoi, agus go sciúrsálaidh, agus go gcéasaidh siad é; agus an treas lá, éireochaidh sé arís.
20Annsin tháinic chuige máthair chlann Sebede le n-a cuid mac,#Marc. 10, 35. ag sléachtadh dó, agus ag iarraidh ruda éigin air.
21Agus dubhairt sé léi: Cad é is toil leat? Deir sise leis: Abair go suidhfidh an beirt mhac seo agam, duine ar do dheis agus duine ar do chlí, i do ríoghacht.
22Acht d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Ní fhuil a fhios agaibh cad é atá dá iarraidh agaibh. An dtig libh an chailís atá le h-ól agam-sa d’ól? Deir siad leis: Tig.
23Deir seisean leo: Go dearbhtha ólfaidh sibh mo chailís-se: acht suidhe ar mo dheis nó ar mo chlí, ní fhuil a thabhairt sin agam díbh-se, acht dóbhtha sin a bhfuil sé ullmhuighthe fá n-a gcoinne ag m’Athair.
24Agus nuair a chuala an deichneabhar é, bhí fearg ortha leis an bheirt dhearbhráthar.#Marc. 10, 41.
25Acht ghoir Íosa chuige iad,#Lúc. 22, 25. agus dubhairt: is eol díbh mar a chuireas prionnsaí na gcinidheach smacht ortha: agus na daoine is mó, cuireann siad a gcumhacht i bhfeidhm ortha.
26Ní mar sin a bhéas eadraibh-se; acht cibé ar bith ar mian leis a bheith ar an té is mó eadraibh, bíodh sé ina fhriothálaidhe agaibh.
27Agus an té eadraíbh ar mian leis a bheith ina fhear tosaigh, béidh sé ina sheirbhíseach agaibh.
28Amhail agus nach dtáinic Mac an Duine le seirbhís d’fhagháil, acht le seirbhís a thabhairt,#Pilip. 2, 7. agus le n-a anam a thabhairt mar éiric ar son móráin.
29Agus ag dul amach as Ierico#Marc. 10, 46; Lúc. 18, 35. dóibh, lean sluagh mór é.
30Agus féach, dhá dhall a bhí ina suidhe ar thaoibh an bhóthair, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul thart, scairt siad amach, ag rádh: A Thighearna, a Mhic Dháibhidh, déan trócaire orainn.
31Agus bhagair an sluagh ortha a bheith ina dtost. Acht is amhlaidh a ba mhó a scairt siad-san, ag rádh: A Thighearna, a Mhic Dháibhidh, déan trócaire orainn.
32Agus stad Íosa agus ghoir sé ortha, agus dubhairt: Cad é is toil libh go ndéanfainn díbh?
33Agus deir siad-san leis: A Thighearna, go bhfoscaltaí ár súla.
34Bhí truaighe ag Íosa dóibh agus bhain sé le n-a súla; fuair siad a n-amharc ar an bhomaite, agus lean siad é.
Selectat acum:
Maitiú 20: ASN1943
Evidențiere
Partajează
Copiază
Dorești să ai evidențierile salvate pe toate dispozitivele? Înscrie-te sau conectează-te
rights held by the Bible Society in Northern Ireland