Ní mar sin a bhéas eadraibh-se; acht cibé ar bith ar mian leis a bheith ar an té is mó eadraibh, bíodh sé ina fhriothálaidhe agaibh.
Agus an té eadraíbh ar mian leis a bheith ina fhear tosaigh, béidh sé ina sheirbhíseach agaibh.
Amhail agus nach dtáinic Mac an Duine le seirbhís d’fhagháil, acht le seirbhís a thabhairt, agus le n-a anam a thabhairt mar éiric ar son móráin.