Maitiú 13
13
Caibidil XIII
Fáiṫscéalta an ċuradóra, an ċogail, an tsíl ṁuscáird, ⁊c.
1Ċuaiḋ Íosa amáċ as an tiġ an lá sin, agus ṡuiḋ sé cois na mara.
2Agus ċruinniġ sluaiġte móra#Marc. 4, 1; Lúc. 8, 4. ċuige, ionnas go ndeaċaiḋ sé isteaċ san ḃád, agus ġur ṡuiḋ ann: agus ṡeasuiġ an sluaġ uilig ar an tráiġ.
3Agus laḃair sé mórán neiṫe leo i ḃfáiṫscéalta, ag ráḋ: Féaċ, ċuaiḋ an curadóir amaċ a ċur síl.
4Agus ag cur an tsíl dó, ṫuit cuid acu ar ṫaoiḃ an ḃóṫair agus ṫáinic éanaċa an aeir gur iṫ siad iad.
5Agus ṫuit cuid eile acu ar ṫalaṁ ċloċáċ, áit naċ raiḃ mórán cré acu, agus d’ḟás siad aníos láiṫreaċ, de ḃríġ naċ raiḃ doiṁne ċré acu.
6Agus nuair a d’éiriġ an ġrian, scallaḋ iad: agus mar naċ raiḃ fréaṁ acu, smal siad.
7Agus ṫuit tuilleaḋ acu fríd ḋreasógaí, agus d’ḟás na dreasógaí gur ṗlúċ siad iad.
8Agus ṫuit tuilleaḋ acu ar ṫalaṁ ṁaiṫ, agus ṫug siad-san toraḋ uaṫa, ceann acu fá ċéad, ceann fá ṫrí fiċid, agus ceann eile ḟá ḋeiċ ar ḟiċid.
9An té a ḃfuil cluasa le h-éisteaċt air, éisteaḋ sé.
10Agus ṫáinic a ḋeisciobail ċuige, agus duḃairt leis: Cad ċuige a laḃrann tú leo i ḃfáiṫscéalta?
11Duḃairt seisean leo, ġá ḃfreagairt: De ḃríġ gur díḃ-se a tugaḋ eolas a ḃéiṫ agaiḃ ar rúindiaṁra ríoġaċt na ḃflaiṫeas, aċt ní tugaḋ sin dóḃṫa-san.
12Óir an té a ḃfuil aige, ḃéarfar dó, agus béiḋ fairsingeaċ aige: aċt an té naċ ḃfuil aige, bainfear uaiḋ fiú an rud atá aige.
13Is ar an aḋḃar sin a laḃraim leo i ḃfáiṫscéalta; óir ar ḟeiceáil dóíḃ, ní ḟeiceann siad, agus ar ċluinstin dóiḃ, ní ċluin siad, agus ní ṫuigeann siad.
14Agus cóiṁlíontar ionnta tairngireaċt Isaiais,#Isaias 6, 9; Marc. 4, 12; Lúc. 8, 10; Eoin 12, 40; Gníoṁ. 28, 26; Róṁ. 11, 8. a deir: Ar ċluinstin díḃ, cluinfiḋ siḃ, agus ní ṫuigfiḋ siḃ: agus ar ḟeiceáil díḃ, tċífiḋ siḃ, agus ní ṫaḃarfaiḋ siḃ fá dear.
15Óir ṫáinic maoluġaḋ ar ċroiḋe an ṗobail seo, agus ní mó ná gur ċuala siad le n-a gcluasa, agus ḋruid siad a súla, ar eagla go ḃfeiceaḋ siad am ar biṫ le n-a súla, agus go gcluineaḋ siad le n-a gcluasa, agus go dtuigeaḋ siad le n-a gcroiḋṫe, agus go dtionntuiġeaḋ siad, agus go leiġeasainn iad.
16Aċt is beannuiġṫe ḃur súla-sa, de ḃríġ go ḃfeiceann siad, agus ḃur gcluasa de ḃríġ go gcluin siad.
17Óir amén adeirim liḃ,#Lúc. 10, 24. b’áil le mórán fáiḋ agus daoine cóir na neiṫe d’ḟeiceáil, atċí siḃ-se, agus ní ḟaca siad iad; agus na neiṫe a ċluinstin, a ċluin siḃ-se, agus ní ċuala siad iad.
18Éistigiḋ, mar sin, le fáiṫscéal an ċuradóra:
19Gaċ aoinneaċ a ċluineas briaṫar na ríoġaċta, agus naċ dtuigeann é, agus tig an droċ-rud annsin, agus beireann sé leis an níḋ a cuireaḋ ina ċroiḋe: is é sin an té i n-ar cuireaḋ an síol ar ṫaoiḃ an ḃóṫair.
20Agus an té i n-ar cuireaḋ an síol ar ṫalaṁ ċloċaċ, is é sin an té a ċluin an briaṫar, agus a ġlacas é láiṫreaċ le lúṫġáir.
21Aċt ní ḟuil fréaṁ aige ann féin, aċt tá sé neambuan: agus nuair a ṫig trioblóro agus géirleanaṁaint, mar ġeall ar an ḃriaṫar, glacann sé scainneal ar an ḃomaite.
22Agus an ṫé i n-ar cuireaḋ an síol fríd na dreasógaí, is é sin an té a ċluin an briaṫar, aċt plúċann cúram an tsaoġail seo agus meallaḋ an tsaiḋḃris an briaṫar, agus bíonn sé gan toraḋ.
23Aċt an té i n-ar cuireaḋ an síol i dtalaṁ ṁaiṫ, is é sin an té a ċluin an briaṫar, a ṫuigeas é, agus a ḃeir toraḋ uaiḋ, agus ḃeir ceann toraḋ fá ċéad, ceann eile fá ṫrí ḟiċid, agus ceann eile ḟá ḋeiċ ar ḟiċid.
24Ċuir sé fáiṫscéal#Marc. 4, 26. eile ós a gcóṁair, ag ráḋ: Is cosaṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le fear a ċuir síol maiṫ ina ġort.
25Aċt nuair a ḃí na daoine ina gcodlaḋ, ṫáinic a náṁa agus ċuir sé cogal i lár na cruiṫneaċta, agus ḃog leis.
26Agus nuair a d’ḟás an geaṁar, agus ṫug sé a ṫoraḋ, noċt an cogal é féin fosta.
27Annsin ṫáinic na seirḃísiġ ċuig fear an tiġe, agus duḃairt siad leis: A Ṁáiġistir, nár ċuir tú síol maiṫ i do ġort? Cá h-as, mar sin, a dtáinic an cogal ann?
28Agus duḃairt seisean leo: Is náṁa a rinne seo. Agus duḃairt na seirḃísiġ leis: An toil leat sinn a ḋul agus é a ḃaint?
29Agus duḃairt seisean: Ní toil: ar eagla, ag baint an ċogail díḃ, go dtarraingeaḋ siḃ an ċruiṫneaċt as an talaṁ, b’ḟéiḋir, i n-aoinḟeaċt leis.
30Leigigiḋ dóiḃ araon ḟás go dtí an fóġṁar, agus i n-aimsir an ḟóġṁair, déarfaiḋ mise leis na buanaiḋṫe: Cruinniġigiḋ an cogal ar dtús, agus déanaigiḋ é a ċeangal ina ṗunainn le dóġaḋ, aċt cruinniġigiḋ an ċruiṫneaċt isteaċ i mo scioból.
31Ċuir sé ḟáiṫscéal eile#Marc. 4, 31; Lúc. 13, 19. ós a gcómair, ag ráḋ: Is cosaṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le gráinnín de ṡíol mustáird a ġlac duine gur ċuir ina ġort é.
32Is é is luġa de na síolta uilig é; aċt nuair a ḟásas sé, is é is mó de na luiḃeanna go léir, agus éiriġeann sé ina ċrann, san ċruṫ go dtig éanaċa an aeir le cóṁnaiḋe a ḋéanaṁ ina ġéaga.
33Laḃair sé fáiṫscéal eile#Lúc. 13, 21. leo: Is cosaṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le deascaiḋ a ġlac bean gur ḟoluiġ sí é i dtrí ṗeice mine, go dtí go raiḃ an t-iomlán ina ḋeascaiḋ.
34Laḃair Íosananeiṫe seo uilig leis na sluarġte i ḃfáiṫscéalta, agus ní laḃaraḋ sé leo aċt i ḃfáiṫscéalta.
35Ionnas go gcóiṁlíontaí an rud a duḃraḋ tríd an ḟáiḋ, a duḃairt:#Sailm 77, 2. Fosclóċaiḋ mé mo ḃéal i ḃḟáiṫscéalta; noċtfaiḋ mé neiṫe atá foluiġṫe ó ṫús an tsaoġail.
36Annsin nuair a ċuir sé na sluaiġte ar ṡiuḃal, ṫáinic sé isteaċ san tiġ;#Marc. 4, 34. agus ṫáinic a ḋeisciobail ċuige, agus duḃairt: Míniġ dúinn fáiṫscéal an ċogail san ġort.
37D’ḟreagair seisean, agus duḃairt leo: An té a ċuireas an síol maiṫ, is é Mac an Duine é.
38Agus is é an doṁan an gort. Agus is iad clann na ríoġaċta an síol maiṫ. Agus is iad clann an droċ-ruda an cogal.
39Agus is é an diaḃal an náṁa a ċuir é. Is é deireaḋ an tsaoġail an fóġṁar.#Taiḋḃ. 14, 15. Agus is iad na h-aingle na buanaiḋṫe.
40Agus dá ḃríġ sin, aṁail mar ċruinniġtear an cogal, agus dóiġtear le teiniḋ é, is mar sin a ḃéas ag deireaḋ an tsaoġail.
41Cuirfiḋ Mac an Duine amaċ a ċuid aingeal, agus baileoċaiḋ siad as aríoġaċt an uile scainneal, agus luċt déanta na h-urċóide.
42Agus caiṫfiḋ siad isteaċ i n-áiṫe na teineaḋ iad: is annsin a ḃéas gol agus díoscarnaċ fiacal.
43Annsin soillseoċaiḋ na ḟíréin mar an ġréin#Eagna 3, 7; Dan. 12, 3. i ríoġaċt a n-Aṫar. An té a ḃfuil cluasa le h-éisteaċt aige, éisteaḋ sé.
44Is cosaṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le h-óirċiste i ḃḟolaċ i ngort; agus nuair a ġeiḃ duine é, congḃuiġeann sé ceilte é; agus le tréan áṫais ina ṫaoiḃ, téid sé agus díolann sé a ḃfuil aige, agus ceannuiġeann sé an gort sin.
45Arís, is cosaṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le ceannaiḋe ar lorg ṗéarlaí maiṫ,
46Agus ar ḟaġáil ṗéarla an-luaċṁair dó, d’imṫiġ sé, agus ḋíol a raiḃ aige, agus ċeannuiġ é.
47Arís is cosaṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le saiġin a ċaiṫeaḋ san ḟairrge, agus a ġaḃas an uile ċinéal éisc,
48Agus nuair a ḃí sí lán, ṫarraing siad amaċ í, agus ina suiḋe ar an tráiġ dóiḃ, ṫoġ siad an méid a ḃí maiṫ isteaċ i soiṫiġ, agus ċaiṫ uaṫa an méid a ḃí gan ṁaiṫ.
49Is mar sin a ḃéas ag deireaḋ an tsaoġail. Raċaiḋ na h-aingle amaċ, agus scaiṫfiḋ siad na droċ-ḋaoine amaċ ó na fíréin.
50Agus caiṫfiḋ siad isteaċ i n-áiṫe na temeaḋ iad. Is annsin a ḃéas gol agus díoscarnaċ fiacal.
51Ar ṫuig siḃ na neiṫe seo uilig? Deir siad leis: Ṫuigeamar.
52Duḃairt sé leo: Ar an aḋḃar sin, gaċ scríoḃaiḋe dár ḟoġlaim teagasc ríoġaċt na ḃflaiṫeas, is cosaṁail é le fear tiġe a ṫairgeas as a stór an nua agus an sean.
53Agus ṫárla, nuair a ċríoċnuiġ Íosa na fáiṫscéalta seo, gur ḟáġ sé an áit sin.
54Agus ag teaċt ċun a ṫíre féin dó, ṫug sé teagasc dóiḃ ina sineagóga,#Marc. 6, 1; Lúc. 4, 16. ionnas gur ġaḃ iongantas iad, agus gur ḋuḃairt siad: Cá h-áit a ḃfuair an fear seo an eagna, agus na cuṁaċtaí seo?
55Naċ é seo mac an tsaor aḋmaid?#Eoin 6, 42. Naċ í sin dá ngoirtear Muire a ṁáṫair? Agus naċ iad Séamus, agus Ióseṗ, agus Síomon, agus Iúdas a ḋearḃráiṫre#13, 55 A ḋearḃráiṫre. B’iad seo clann Ṁáire, bean Ċleoṗais, agus deirḃsiúr na Maiġdine Muire. (Mait. 27, 56; Eoin 19, 25.) Do réir nos cainnte an Scrioptúra tugaḋ dearḃráiṫre Ċríost orṫa mar go raiḃ siad ina ngar-ġaolta aige.?
56Agus a ḋeirḃṡeaṫraċa, naċ ḃfuil siad uilig annseo againn? Cá h-áit, mar sin, a ḃfuair sé na neiṫe seo uilig?
57Agus fuair siad scainneal ann. Aċt duḃairt Íosa leo: Ní ḃíonn fáiḋ gan onóir, aċt aṁáin ina ṫír ḟéin, agus ina ṫiġ ḟéin.
58Agus ní ḋearna sé mórán míorḃailte annsin, mar ġeall ar a n-ainċreideaṁ.
Atualmente selecionado:
Maitiú 13: ASN1943G
Destaque
Partilhar
Copiar
Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão
rights held by the Bible Society in Northern Ireland