Maitiú 12
12
Caibidil XII
Cáineann Críost daille na ḃFairisíneaċ, agus bréagnuiġeann sé iad nuair a deir siad gur tré ċuṁaċt Ṡatain a ġní sé míorḃailte.
1San am sin ċuaiḋ Íosa fríd na guirt arḃair ar an tsabóid: agus mar go raiḃ ocras ar a ḋeisciobail, ṫoisiġ siad a ṗiocaḋ na ndias, agus á n-iṫe.#Marc. 2, 23; Lúc. 6, 1.
2Aċt ċonnaic na Fairisíniġ iad, agus duḃairt leis: Féaċ, tá do ḋeisciobail ag déanaṁ ruda naċ dlisteannaċ a ḋéanaṁ ar an tsabóid.
3Aċt duḃamt Íosa leo:#1 Ríġ. 21, 6. Nó nár léiġ siḃ cad é rinne Dáiḃiḋ nuair a ḃí ocras am féin, agus ar a raiḃ i n-aomḟeaċt leis?
4Mar a ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Dé gur iṫ aráin na fiaḋnaise#12, 4 Aráin na fiaḋnaise. B’é sin an t-ainm a bí ar an dá arán déag a ċuirtí san Áit Naoṁta, ós cóṁair na h-áite Ró-Naoṁṫa amaċ, i dteampall Dé., nár ċeadṁaċ dó féin ná dá raiḃ i n-aoinḟeaċt leis a n-iṫe, aċt aṁáin do na ságairt.#Leiḃ. 24, 9.
5Nó nár léiġ siḃ san dliġe#Uiṁ. 28, 9. go mbriseann na sagairt san teampall an tsabóid ar na sabóidí, agus go mbíonn siad neiṁ-ċionntaċ?
6Agus deirim liḃ go ḃfuil neaċ is ṁó ná an teampall annseo.
7Agus dá mbéaḋ a ḟios agaiḃ cad é is ciall le seo: #1 Ríġ. 15, 22; Eccl. 4, 17; Osee 6, 6.Ní íoḋbairt aċt trócaire is toil liom: ní ḋaorḟaḋ siḃ na neaṁċoirṫiġ a ċoiḋċe.
8Óir tá Mac an Duine ina ṫiġearna fiú ar an tsabóid.
9Agus ar ḟágáil na h-áite sin dó, ṫáinic sé isteaċ ina sineagóig.
10Agus féaċ, ḃí fear ann a raiḃ láṁ ṡeargṫa#Marc. 3, 1; Lúc. 6, 6. air, agus d’ḟiafruiġ siad de, ag ráḋ: An dlisteannaċ leiġeas a ḋéanaṁ ar an tsabóid? ċun go gcionntuiġeaḋ siad é.
11Aċt duḃairt seisean leo:#Deut. 22, 4. Cé an duine agaiḃ, dá mbéaḋ aon ċaora aṁáin aige, agus í tuitim isteaċ i bpoll ar an tsabóid, naċ ḃfuiġeaḋ greim uirṫí agus naċ dtógfaḋ í?
12Naċ feárr i ḃfad duine ná caora? Ar an aḋḃar sin is ceadṁaċ maiṫ a ḋéanaṁ ar an tsabóid.
13Annsin deir sé leis an ḟear: Sín amaċ do láṁ. Agus sin sé amaċ í, agus d’éiriġ sí slán mar an cionn eile.
14Ar ḋul amaċ do na Fairisíniġ, ċuaiḋ siad i gcóṁairle ina aġaiḋ, fá’n ċaoi ina gcuirfeaḋ siad ċun báis é.
15Aċt ḃí a ḟios sin ag Íosa, agus d’imṫiġ sé as an áit sin: agus lean mórán é, agus leiġeas sé iad uilig.
16Agus d’órduiġ sé dóiḃ gan é ċur i n-aiṫne.
17Ionnas go gcóiṁlíontaí an níḋ a duḃraḋ tríd an ḟáiḋ, Isaias, a deir:#Isaias 42, 1.
18Féaċ, mo ṡeirḃíseaċ a ṫoġ mé, mo ġráḋ i n-ar ċuir m’anam mór-ṫaitneaṁ. Cuirfiḋ mé mo Spiorad air, agus fógróċaiḋ sé breiṫeaṁnas do na ciniḋeaċa.
19Ní ḋéanḟaiḋ sé aċrann, ná callán, agus ní ċluinfiḋ aoinneaċ a ġuṫ ar na sráideaċa.
20Ní ḃrisfiḋ sé an giolcaċ brúiġte, agus an líon a mbéiḋ toit as ní ṁúċfaiḋ sé, go dtí go dtugaiḋ sé an breiṫeaṁnas ċun buaiḋe.
21Agus is as a ainm a ḃéas a muiniġin ag na ciniḋeaċa.
22Annsin tugaḋ ċuige balḃán dall, a raiḃ deaṁan ann, agus leiġeas sé é, ionnas gur laḃair sé agus go ḃfaca sé.
23Agus ġaḃ longantas na sluaiġte go léir, agus duḃairt siad: Naċ é seo Mac Ḋáiḃiḋ?
24Aċt nuair a ċuala na Fairisíniġ sin,#Marc. 3, 22; Lúc. 11, 15. duḃairt siad: Ní ṫeilgeann sé seo amaċ na deaṁain aċt tré Ḃeelsebub, prionnsa na ndeaṁan.
25Aċt b’eol do Íosa a smaointe, agus duḃairt sé leo: Gaċ ríoġaċt#Lúc. 11, 17. a ḃíos roinnte ina h-éadan féin, bánóċar í, agus gaċ caṫair nó teaċ a ḃíos roinnte ina éadan féin, ní ṡeasóċaiḋ sé.
26Agus má teilgeann Satan amaċ Satan, bíonn sé roinnte ina éadan féin, agus cad é, dá ḃríġ sin, mar ṡeasóċas a ríoġaċt?
27Agus má ṫeiligim-se amaċ na deaṁain tré Ḃeelsebub, cé tríd a dteilgeann ḃur gclann-sa amaċ iad? Ar an aḋḃar sin, béiḋ siad-san ina, mbreiṫeaṁain oraiḃ.
28Aċt má ṫeilgim-se amaċ na deaṁain i Spiorad Dé, ṫáinic ríoġaċt Dé, dá ḃríġ sin, i ḃur measc.
29Nó cad é mar ṫig le h-aoinneaċ dul isteaċ i dtiġ an ḟir láidir, agus a ṫrealaṁ d’ḟuadaċ, muna gceanglaiḋ sé an fear láiḋir ar dtús? Agus annsin sladfaiḋ sé a ṫeaċ.
30An té naċ ḃfuil liom, tá sé i m’aġaiḋ: agus an té naċ gcruinniġeann liom, scaipeann sé.
31Ar an aḋḃar sin, deirim liḃ: Maiṫfear do na daoine gaċ peacaḋ agus diaṁasla,#Marc. 3, 28; Lúc. 12, 10. aċt ní ṁaiṫfear diaṁasla i n-aġaiḋ an Spioraid#12, 31 Diaṁasla i n-aġaiḋ an Spioraid. Is é an peacaḋ atá i gceist annseo an diaṁasla le n-ar ċuir na Fairisíniġ síos do Ḃeelsebub, prionnsa na ndeaṁan, na míorḃailte a rinne Críost tré Spiorad Dé. An méid a ḃíos cionntaċ ina leiṫéro sin de ṗeacaḋ, bíonn siad ceanndána, agus cuireann siad go coilteannaċ agus d’aonturas i n-aġaiḋ Spiorad Dé agus na fírinne a ḃíos soiléir, san ċruṫ naċ dtionntuiġeann siad a ċoiḋċe, nó go fíor-annaṁ, ar a leas. Ar an aḋḃar sin, ní ṁaiṫfear dóiḃ a ċoiḋċe, mar naċ ndéanfaiḋ siad aiṫriġe. Taoḃ amuiġ de sin ní ḟuil peacaḋ ar biṫ naċ dtig le Dia a ṁaiṫeaṁ, agus naċ mian leis a ṁaiṫeaṁ, do’n té a mbíonn aiṫreaċas fíor air, agus a ṫéiġeas le saoraḋ d’ḟaġáil ó eoċraċa na h-Eaglaise..
32Agus cibé a laḃarfas focal i n-aġaiḋ Ṁic an Duine, maiṫfear dó é: aċt an té a laḃarfas i n-aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ, ní maiṫfear dó é ar an tsaoġal seo, ná ar an tsaoġal atá le ṫeaċt#12, 32 Ar an tsaoġal atá le ṫeaċt. Is iontuigṫe, deir N. Aġuistín (De Civit. L. 12, c. 13) agus N. Greagóir (Dialog. 4, c. 39) go maiṫtear peacaiḋe áiriṫe ar an tsaoġal eile: agus, mar sin de, go ḃfuil áit ṁeaḋónaċ nó purgadóir ann..
33Déanaigiḋ an crann maiṫ, agus a ṫoraḋ maiṫ; sin nó déanaigiḋ an crann loḃṫa, agus a ṫoraḋ loḃṫa: óir is ó n-a ṫoraḋ a aiṫniġtear an crann.
34A ṡlioċt naiṫreaċ niṁe, cad é mar ṫig liḃ neiṫe maiṫe a laḃairt, agus siḃ ḟéin olc? óir laḃrann an béal an níḋ a mbíonn an croiḋe lán de.#Lúc. 6, 45.
35Tairgeann an déaġ-ḋuine deiġ-neiṫe as a ḋéaġ-stór, agus tairgeann an droċ-ḋuine droċ-neiṫe as a ḋroċ-stór.
36Aċt ḋeirim liḃ, gaċ briaṫar díoṁaoin#12, 36 Briaṫar díoṁaoin. Léiriġeann seo go ḃfuil áit ann ina gcuirfear pionós sealadaċ ar daoine i ndiaiḋ a mbáis mar ṡásaṁ ins na peacaiḋe agus na loċta éadtroma a rinne siad. dá laḃarfaiḋ na daoine, go dtaḃarfaiḋ siad cunntas ann ar lá an ḃreiṫeaṁnais.
37Óir is as do ḃriaṫra a ṡaorḟar ṫú, agus is as do ḃriaṫra a ḋaórfar ṫú.
38Annsin d’ḟreagair dream áiriṫe de na Scríoḃaiḋṫe agus de na Fairisíniġ é, agus duḃairt: A Ṁáiġistir, is mian linn cóṁarṫa#12, 38 Cóṁarṫa. Is é sin le ráḋ, míorḃail ó neaṁ. (N. Lúc. 11, 16.) d’ḟeiceáil uait.
39 #
Lúc. 11, 29; 1 Cor. 1, 22. Aċt duḃairt seisean leo, ġá ḃfreagairt: Iarrann droċ-ġlúin aḋaltrannaċ cómarṫa, agus ní ṫaḃarfar cóṁarṫa dí, aċt cóṁarṫa Iónais,#Ión. 2, 1. fáiḋ.
40Óir mar ḃí Iónas i mbolg an ṁíl ṁóir trí lá#12, 40. Trí lá&c. Ní trí lá agus trí oiḋċe go h-iomlán atá san áireaṁ, aċt cuid de ṫrí lá agus de ṫrí oiḋċe. D’airṁiġeaḋ na h-lúdaiġ an lá iomlán, is é sin le ráḋ, an lá agus an oiḋċe, ó luiġe gréine go luiġe gréine. Ag áireaṁ laeṫe dóiḃ, ḃeireaḋ siad lá ar ċuid de’n lá: dá réir sin, ba ṫrí lá ó ṫráṫnóna Dia h-Aoine go maidin Dia Doṁnaiġ. agus trí oiḋċe, is aṁlaiḋ a ḃéas Mac an Duine trí lá agus trí oiḋċe i gcroiḋe an talaiṁ.
41Éireoċaiḋ muinntir Niniḃe#Ión. 3, 5. san ḃreiṫeaṁnas leis an ġlúin seo, agus daorfaiḋ siad í, óir rinne siad-san aiṫriġe le linn ṡeanmóireaċt Iónais: agus féaċ, neaċ is mó ná Iónas annseo.
42Éireoċaiḋ bainríoġan an deiscirt san ḃreiṫeaṁnas leis an ġlúm seo, agus daorfaiḋ sí í, óir ṫáinic sise ó imillċríoċa an doṁain d’éisteaċt le h-eagna Ṡalomoin.#3 Ríġ. 10, 1; 2 Par. 9, 1. Agus féaċ, neaċ is mó ná Salomon annseo.
43I ndiaiḋ dul amaċ as duine do’n spiorad neaṁġlan, siuḃlann sé#Lúc. 11, 24. fríd áiteaċa tirime ar lorg suaiṁnis, agus ní ḟaġann sé é.
44Annsin deir sé: Pillfiḋ mé ċun mo ṫiġe as a dtáinic mé amaċ. Agus ar ṫeaċt dó, ġeiḃ sé folaṁ, scuabṫa, agus cóiriġṫe é.
45Annsin téro sé, agus ḃeir sé leis seaċt spioraid eile níos measa ná é féin, agus ar ḋul isteaċ dóiḃ, ġní siad cóṁnaiḋe annsin: agus éiriġeann stad deireannaċ an duine sin níos measa ná a ċéad stad.#2 Pead. 2, 20. Is mar sin a ṫárlóċas fosta do’n droċ-ġlúm seo.
46Agus ar ḃeiṫ dó go fóill ag laḃairt leis na sluaiġte, féaċ, ṡeasuiġ a ṁáṫair agus a ḃráiṫre amuiġ,#Marc. 3, 31; Lúc. 8, 19. ag larraiḋ laḃairt leis.
47Agus duḃairt duine éigin leis: Féaċ, tá do ṁáṫair agus do ḃráiṫre ina seasaṁ amuiġ do ċuartuġaḋ.
48Agus d’ḟreagair seisean an té a d’innis dé, agus duḃairt: Cé h-í mo ṁáṫair#12, 48 Cé h-í mo ṁáṫairNí ċun a ḃeag a ḋéanaṁ dá ṁáṫair a duḃairt Íosa sin, aċt ċun a ṫaisbeáint dúinn nár ċeart dúinn leigin do ġráḋ ainṁeasarḋa saoġalta dár n-aiṫreaċa agus máiṫreaċa teaċt eadrainn agus seirbís Dé. Ġníoḋ Muire toil Dé i gcóṁnaiḋe, agus ba mar ġeall an sin, níos mó ná mar ġeall ar an ċeangal fola, a ṫuill sí gráḋ uaiḋ. Is dóiġ go ḃfuil tagairt annseo fosta do ṫoġaḋ na gciniḋeaċ i n-ionad na n-lúdaċ, a ġaolta féin, a cuireaḋ ar gcúl., agus cé h-iad mo ḃráiṫre?
49Agus ag síneaḋ a láiṁe ċun a ḋeisciobal dó, duḃairt sé: Féaċ, mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre.
50Óir cibé ar biṫ a ḋéanḟas toil m’Aṫar atá ar neaṁ, is é sin mo ḋearḃráṫair, agus mo ḋeirḃṡiúr, agus mo ṁáṫair.
Atualmente selecionado:
Maitiú 12: ASN1943G
Destaque
Partilhar
Copiar
Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão
rights held by the Bible Society in Northern Ireland