Logótipo YouVersion
Ícone de pesquisa

Psalm 30

30
XXX Psalm.
1’Ḋía, mólaim ṫú, óir ṫóg tu mé,
M’eascar’ nior rinn ḋíom gáir;
2Dia, mo Ṫiġearna ġlaóiḋ me riot,
’S d’fuasgalais me as táir.
3Do ṫóg tu m’anam leat a Ḋé,
Glan as a nuaiġ a nios;
A’s ċoiṁeadais me saḃáilte beó
Don tsloc náċ raċfuinn síos.
4Don Tiġearna árd ceólṁar binn
Seinniġ a náoṁṡluaġ féin;
Re cuiṁníuġaḋ ar a náoṁṫaċt san
Sgaóileaḋ a ċliuḋ a ccéin
5Oir ’ḟearg nior ṁair aċ tamall beag,
’Na ṫrócair’ beaṫa tá;
Traṫnóna fós, giḋ brón ḃíḋeann,
Ṫig aóiḃneas leis an la.
6A’m’ ṡuaiṁneas duḃras féin marso,
Ní ġluaisṫear me go bráṫ;
7Léd’ ṫrócaire ṫugais air mo ċnoc,
Bun daingean fós do ġnáṫ.
A Ḋé, do ċeilis orm do ġnúis,
Ċuir sin a mbuaiḋreaḋ me;
8Ḋia riot do ġláoiḋ’ a’s rinn le Dia,
Mo gearan a’s mo ċáoiḋ.
9Cia an tairḃe a’ m’fuilse, a ta,
A ndiaiġ mo ċur san uaiġ;
An moltar ṫusa leis an úir?
A ndéanfa d’fírinn’ luaḋ?
10Éisd riom a nois a Ḋé na ndúl,
Déan trócaire orm a’s grás;
A’s bíse, Ḋé’ d’fear cuduiġ liom,
Tráṫ ṫarla daṁ ḃei’n sás’.
11Mo ḃrón go ríngce ċláoċlais daṁ,
A’s m’éudaċ saic maráon;
D’fuasguil tu ḋiom, a’s ċrioslais me,
Le haóiḃneas air gaċ táoḃ.
12Mo ġlóir go seinnfeaḋ ḋuitsa cliuḋ,
Gan me a ḃeiṫ a’m’ ṫoċt;
’Ḋia mo Ṫiġearna ḃearfad ḋuit,
Mór‐ḃuiḋ’ċus o so ’maċ.

Atualmente selecionado:

Psalm 30: PSA1836G

Destaque

Partilhar

Copiar

None

Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão