Psalm 29
29
XXIX Psalm.
1Tuguiḋe a láoċra laidir tréun,
Do Ṫiġearna na ḃfeart;
Tuguiḋe don Tiġearna úd maráon,
Glóir urruim agus neart.
2An ġlóir is cuḃuiḋ fós dá ainm,
Tuguiḋe don Dia roi‐ṫréun;
Sleaċtuiġ don Tiġearna m’aráon,
’Maise’ náoṁaċta féin.
3Ta guṫ dé air na huisgiḋiḃ,
A’s fós ġníḋ Dia na nglóir;
Sar ṫóirneaċ a’s suiḋean se,
Ar uisg’iḃ láidir mór.
4Guṫ an Tiġearna cóṁ’ċtaċ tá,
Mór neartṁar agus tréun;
Ta guṫ an Tiġearna m’aráon,
Lán‐mórġalaċ ann féin.
5Brisiġ an Ti’arna le na ġuṫ,
Na céudair ata’ fás:
Brisf’ear céudar Lebanoin síos,
Mar ġéigín maoṫ a’s tláiṫ.
6A’s ḃeir se orra léim go clisd,
Aṁluiḋe mar ġaṁuin bó;
Sliaḃ Sirion a’s Lebanon,
Mar áon‐aḋarcaċ óg.
7Sgoílfiġ Dia an dealánaċ,
An fásaċ craiḋfiġ sé;
8Seaḋ, dioṫraiṁ Chades mar an ccéadn’,
’Se Dia a ċraṫas é.
9Ḃeir guṫ Dé fós air Eilitíḃ,
Go mbéirean siad na laóġ;
A’s lomuiġ súd na coilte dluiṫ,
Ag creime ḃárr na ccráoḃ.
Is ann a ṫeampoll náomṫa san,
Cuirfiġ gaċ neaċ a ccéill;
Glóir agus urruim ṁór ar nDia,
Da ṁolaḋ san da réir.
10Ta Dia na ċóṁnuiḋe air an tuil’,
’Sna ṡuiḋ go braṫ ’na ríġ;
11Ḃéir Dia dá ṗoball neart a’s treun,
Da mbeannuġaḋ le síoṫ.
Atualmente selecionado:
Psalm 29: PSA1836G
Destaque
Partilhar
Copiar
Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.