Logótipo YouVersion
Ícone de pesquisa

Gníomhartha 26

26
Pól dá Chosaint Féin
i Láthair Aigripe
1Ansin dúirt Aigripe le Pól: “Tá cead cainte ar do shon féin anois agat.” Agus shín Pól a lámh amach agus thosaigh sé ar a chosaint féin mar a leanas: 2“Is maith an bhail orm dar liom, a rí Aigripe, gur i do láthair-se atáim do mo chosaint féin inniu ar a bhfuil de chionta dá gcur i mo leith ag na Giúdaigh, 3mar go bhfuil sáreolas agat-sa ar nósanna uile na nGiúdach agus ar a gcuid conspóidí. Achainím ort dá bhrí sin éisteacht go foighneach liom.
4“Tá a fhios ag na Giúdaigh go léir an chuma ar chaith mise mo shaol ó mʼóige, mar gur i measc mo chine féin agus in Iarúsailéim a mhair mé ó thús. 5Tá a fhios acu le fada, dá mba áil leo é a dhearbhú, gur mhair mé mar Fhairisíneach riamh anall, ag cloí leis an aicme ba dhéine dár gcreideamh. 6Agus is mar gheall ar an dóchas atá agam leis an ngealltanas a thug Dia dár sinsir atáim ar mo thriail anseo anois. 7Tá an dá threibh déag againn ag adhradh go dúthrachtach de lá agus dʼoíche le súil go mbainfimid amach an gealltanas sin. Is mar gheall ar an dóchas sin, a rí, atáim-se do mo chiontú ag na Giúdaigh. 8Cén fáth gur dochreidte libh-se mar scéal é go dtógann Dia na mairbh?
9“Bhí mé féin deimhin de tráth gurbh é mo dhualgas é gach dícheall a dhéanamh in aghaidh ainm Íosa Nazórach. 10Rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim, agus is iomaí duine den phobal naofa a chuir mé faoi ghlas i bpríosún agus údarás agam chuige ó na hardsagairt, agus nuair bhídís dá gcur chun báis, thugainnse mo ghuth ina gcoinne. 11Agus is minic a bhínn ó shionagóg go sionagóg dá gcéasadh agus ag iarraidh a thabhairt orthu Dia a mhaslú. Bhí mé chomh mór sin ar buile chucu go dtéinn ar a dtóir fiú amháin go cathracha i gcéin.
12“Sin é an gnó a bhí do mo thabhairt go Damaisc le cead agus le húdarás na n-ard-sagart 13nuair a chonaic mé ar an mbóthar i lár an lae, a rí, solas ó neamh ba ghile ná an ghrian ag lonradh i mo thimpeall agus timpeall na bhfear a bhí le mo chois. 14Thiteamar go léir chun talaimh agus chuala mé an guth dá rá liom san Eabhrais: ‘A Shóil, a Shóil, cad uime a bhfuil tú do mo ghéarleanúint? Goilleann sé ort a bheith ag speachaíl in aghaidh na mbrod.’ 15‘Cé thú féin, a Thiarna?’ arsa mise. Agus dúirt an Tiarna: ‘Is mé Íosa atá agat dá ghéarleanúint. 16Ach éirigh i do sheasamh ón talamh, mar is chuige seo a thaispeain mé mé féin duit chun go ndéanfainn seirbhíseach dom féin díot agus go mbeifeá i do fhinné agam ar a bhfuil feicthe agat díom agus ar a bhfeicfidh tú ar ball. 17Tabharfaidh mé slán thú ó do phobal féin agus ó na gintlithe mar is chucusan atáim do do chur 18chun a súile a oscailt le go n-iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas ina bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’
19“Dá chionn sin, a rí Aigripe, ní dhearna mé neamhshuim den fhís ó neamh, 20ach ag tosú dom le muintir Dhamaisce agus ina dhiaidh sin in Iarúsailéim agus ar fud dhúiche Iúdáia agus i measc na ngintlithe, dʼfhógair mé dóibh aithrí a dhéanamh agus casadh ar Dhia agus beart a dhéanamh de réir na haithrí. 21Sin é an fáth a raibh na Giúdaigh ag iarraidh mé a mharú, tar éis dóibh breith orm sa Teampall. 22Ach le cabhair ó Dhia táim ag seasamh an fhóid go dtí an lá inniu, ag tabhairt faisnéise do bheag agus do mhór ach gan aon ní dá rá agam thar an méid a dúirt na fáithe agus Maois a bhí le titim amach: 23nárbh fholáir don Chríost fulaingt agus solas a fhógairt don phobal agus do na gintlithe trí bheith ar an gcéad duine a mʼéireodh ó mhairbh.”
24Bhí Pól dá chosaint féin mar sin nuair a dúirt Féastas in ard a ghutha: “Tá tú as do mheabhair, a Phóil! An iomad den léann atá do do thiomáint as do mheabhair.” 25Dʼfhreagair Pól é: “Nílim as mo mheabhair, a Fhéastas ró-oirirc,” ar seisean, “níl sa chaint atá dá rá agam ach an fhírinne lom. 26Tuigeann an rí na cúrsaí seo agus sin é an fáth a bhfuilim ag labhairt go neamh-bhalbh ina fhianaise. Táim cinnte de nach bhfuil aon chuid den ghnó seo ag imeacht gan a fhios air mar ní i gclúid a tharla sé. 27An gcreideann tusa na fáithe, a Rí Aigripe? Tá a fhios agam go gcreideann tú.”
28Dúirt Aigripe le Pól: “Is beag nach n-áitíonn tú orm a bheith i mo Chríostaí.” 29“Cibé beag mór,” arsa Pól, “go dtuga Dia duit féin agus don uile dhuine atá ag éisteacht liom inniu go mbeidh sibh mar atáim-se–ach gan na slabhraí seo a bheith oraibh.”
30Ansin mʼéirigh an rí agus an gobharnóir agus Beirnicé agus an mhuintir a bhí ina suí leo, 31agus ar dhul amach dóibh bhí siad ag caint le chéile, dá rá: “Níl aon ní déanta ag an bhfear sin a thuillfeadh bás ná braighdeanas dó.” 32Agus dúirt Aigripe le Féastas: “Dʼfhéadfaí an fear sin a scaoileadh saor mura mbeadh gur ghairm sé Caesar.”

Atualmente selecionado:

Gníomhartha 26: ABN2012

Destaque

Partilhar

Copiar

None

Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão