Gníomhartha 25
25
Pól ag dul ar Choimirce Chaesair
1Trí lá tar éis dʼFhéastas teacht chun an chúige chuaigh sé suas ó Chaesairia go hIarúsailéim. 2Rinne na hardsagairt agus ceannairí na nGiúdach a ngearán leis in aghaidh Phóil, 3agus dʼiarr siad de ghar air go dtabharfadh sé Pól ar ais go hIarúsailéim, mar bhí luíochán dá dhéanamh acu roimhe chun é a mharú ar an tslí.
4Ach dʼfhreagair Féastas go raibh Pól faoi choimeád i gCaesairia agus go mbeadh sé féin ag dul ar ais ann gan mhoill. 5“Agus,” ar seisean, “tagadh daoine údarásacha agaibh síos in éineacht liom agus má tá aon ní bunoscionn leis an duine, cúisídís é.” 6Tar éis dó gan thar a hocht nó a deich de laethanta a thabhairt ina measc, chuaigh sé síos go Caesairia agus an lá dár gcionn shuigh sé ina shuí breithimh agus dʼordaigh Pól a thabhairt isteach. 7Nuair a tháinig sé i láthair, sheas na Giúdaigh a bhí tagtha anuas ó Iarúsailéim ina thimpeall agus thosaigh ag cur mórán cionta troma ina leith, nithe nár fhéad siad a chruthú. 8Dúirt Pól mar chosaint air féin: “Níl coir ar bith déanta agam in aghaidh dhlí na nGiúdach ná in aghaidh an Teampaill ná in aghaidh Chaesair.”
9Bhí fonn ar Fhéastas gnaoi na nGiúdach a tharraingt air féin agus dúirt sé mar fhreagra ar Phól: “An mbeifeá sásta dul suas go hIarúsailéim chun do thriail a sheasamh ann os mo chomhairse i dtaobh na gcionta seo?” 10Ach dúirt Pól: “Táim i mo sheasamh os comhair bhinse Chaesair. Is ansiúd is ceart cúirt a chur orm. Níl aon éagóir déanta ar na Giúdaigh agam mar is eol duit féin go maith. 11Má táim san éagóir agus má tá aon ní déanta agam a thuillfeadh an bás, nílim ag iarraidh an bás a sheachaint. Ach mura bhfuil aon bhun leis na nithe atá siad a chur i mo leith, ní féidir le duine ar bith mé a thabhairt suas dóibh. Gairmim Caesar.” 12Ansin, tar éis dó dul chun cainte lena chomhairle, dʼfhreagair Féastas agus dúirt: “Ó ghairm tú Caesar, is go Caesar a rachaidh tú.”
13Nuair a bhí roinnt laethanta curtha díobh acu, tháinig an rí Aigripe agus Beirnicé anuas go Caesairia ag fáiltiú roimh Fhéastas agus thug siad mórán laethanta ann. 14Chuir Féastas scéal Phóil faoi bhráid an rí. “Tá fear anseo,” ar seisean, “a dʼfhág Féilix ina dhiaidh i bpríosún. 15Fad a bhí mé in Iarúsailéim rinne na hardsagairt agus seanóirí na nGiúdach gearán liom ina thaobh agus dʼiarr é a dhaoradh. 16Dúirt mé leo nach é béas na Rómhánach é aon chúisí a thabhairt suas sula ndéanfaí a chúiseoirí a thabhairt os a chomhair agus caoi a bheith aige é féin a chosaint ar an gcúiseamh. 17Tháinig siad anseo liom dá bhrí sin agus, gan aon mhoill a dhéanamh, shuigh mé fúm i mo shuí breithimh lá arna mhárach agus dʼordaigh mé an duine a thabhairt isteach. 18Ach nuair a mʼéirigh lucht a chúisithe níor chuir siad ina leith aon drochchoir dá raibh coinne agam léi. 19Ní raibh acu ina choinne ach ceisteanna éigin a bhaineann lena gcreideamh féin agus le hÍosa éigin atá marbh ach a dúirt Pól a bhí beo. 20Nuair nach raibh aon bhreith agam-sa ar na cúrsaí sin a iniúchadh, dʼfhiafraigh mé de ar mhaith leis dul go hIarúsailéim agus a thriail a sheasamh ann fúthu. 21Ach is é a mʼéiligh Pól go gcuirfí faoi choimeád é nó go bhféachfadh an t-impire a chúis. Dʼordaigh mé é a choinneáil i bpríosún go dtí go gcuirfinn ag triall ar Chaesar é.”
22Dúirt Aigripe le Féastas: “Ba mhaith liom féin an fear seo a chloisteáil.” “Cloisfidh tú amárach é,” ar seisean. 23Lá arna mhárach tháinig Aigripe agus Beirnicé faoi lánmhustar agus ghluais siad isteach i halla na dála, agus ceannasaithe an airm agus maithe na cathrach in éineacht leo. Ar ordú ó Fhéastas tugadh Pól isteach. 24Ansin labhair Féastas agus dúirt:
“A rí Aigripe agus sibh-se go léir atá i láthair farainn, feiceann sibh an fear seo ar tháinig na Giúdaigh go léir ina slua chugam in Iarúsailéim agus anseo freisin agus iad ag screadach nár cheart é a bheith beo a thuilleadh. 25Ach fuair mé féin nach raibh aon ní déanta aige a thuillfeadh an bás. Ach de bhrí gur ghairm sé féin an t-impire, tá socair agam é a chur chuige. 26Níl aon ní dearfa agam, áfach, le scríobh mar gheall air chun mo thiarna. Sin é an fáth ar thug mé chugaibh é–agus chugatsa go háirithe, a rí Aigripe–i dtreo nuair a bheidh an fiosrú seo déanta go mbeidh rud éigin agam le scríobh. 27Mar ba mhíréasúnta mar ghnó é, dar liom, príosúnach a sheoladh gan na cionta ina choinne a chur in iúl chomh maith.”
Atualmente selecionado:
Gníomhartha 25: ABN2012
Destaque
Partilhar
Copiar

Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.