Eoin 11
11
Lazaras Beo Arís
1Bhí duine áirithe tinn, Lazaras ó Bhéatáine, baile Mháire agus Mharta a deirfiúr. 2Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig. 3Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige dá rá: “A Thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.” 4Arna chloisteáil sin dʼÍosa dúirt sé: “Ní chun báis an galar seo ach chun glóir Dé, chun go dtabharfar glóir do Mhac Dé tríd.”
5Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras. 6Nuair a chuala sé go raibh sé breoite, mar sin féin, dʼfhan sé dhá lá mar a raibh sé. 7Ansin, tar éis an méid sin, dúirt sé lena dheisceabail: “Téimis go hIúdáia arís.” 8Dúirt a dheisceabail leis: “A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?” 9Dʼfhreagair Íosa:
“Nach bhfuil dhá uair déag sa lá?
Má shiúlann duine sa lá ní fhaigheann sé barrthuisle,
mar feiceann sé solas an tsaoil seo.
10Ach má shiúlann sé san oíche,
faigheann sé barrthuisle mar níl an solas sa duine sin.”
11Sin é mar a labhair sé agus ansin dúirt sé leo: “Tá ár gcara Lazaras ina chodladh, ach táim ag dul dá dhúiseacht.” 12Dúirt a dheisceabail leis ansin: “Má tá sé ina chodladh, a Thiarna, beidh sé slán.” 13Is ar a bhás a labhair Íosa, ach shíl siad-san gur ar shuan codlata a labhair sé. 14Dúirt Íosa leo go hoscailte ansin dá bhrí sin: “Tá Lazaras marbh; 15agus tá áthas orm ar bhur sonsa nach raibh mé ann, ionas go gcreidfidh sibh. Ach téanam chuige.” 16Ansin dúirt Tomás, ar a dtugtar an Leathchúpla, lena chomhdheisceabail: “Téanam, sinne chomh maith, chun bás a fháil in éineacht leis.”
17Ar theacht dʼÍosa dá réir sin, fuair sé é agus é ceithre lá cheana féin sa tuama. 18Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim. 19Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár. 20Nuair a chuala Marta mar sin go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. Dʼfhan Máire ina suí sa teach. 21Dúirt Marta ansin le hÍosa: “A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás. 22Ach tá a fhios agam anois féin, cibé ní a iarrfaidh tú ar Dhia, go dtabharfaidh Dia duit é.” 23Dúirt Íosa léi: “Éireoidh do dheartháir arís.” 24“Tá a fhios agam,” arsa Marta leis, “go n-éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach.” 25Dúirt Íosa léi:
“Mise an t-aiséirí agus an bheatha;
An té a chreideann ionamsa,
fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé,
26agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa,
ní bhfaighidh sé bás choíche.
An gcreideann tú an méid sin?”
27“Creidim, a Thiarna,” ar sí, “creidim gur tú Críost, Mac Dé, atá ag teacht ar an saol.”
28Arna rá sin di, dʼimigh sí agus ghlaoigh sí ar Mháire a deirfiúr gan a fhios agus dúirt: “Tá an máistir anseo agus tá sé ag glaoch ort.” 29Nuair a chuala sise an méid sin mʼéirigh sí go tapa agus chuaigh sí ag triall air. 30Óir ní raibh Íosa tagtha fós isteach sa bhaile ach bhí sé go fóill san áit inar bhuail Marta leis. 31Na Giúdaigh ansin a bhí sa teach i bhfochair Mháire ag cur sóláis uirthi, nuair a chonaic siad Máire ag éirí agus ag imeacht amach go deithneasach, lean siad í dá mheas gur ag dul chun an tuama a bhí sí le caoineadh a dhéanamh ann. 32Nuair a tháinig Máire mar a raibh Íosa, agus go bhfaca sí é, chaith sí í féin ag a chosa, dá rá leis: “A Thiarna, dá mbeifeá anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.” 33Ansin nuair a chonaic Íosa ag gol í agus na Giúdaigh a tháinig in éineacht léi ag gol, tháinig suaitheadh spioraid agus buaireamh air, 34agus dúirt sé: “Cá bhfuil sé curtha agaibh?” Dúirt siad leis: “Tar, a Thiarna, agus feic.” 35Bhris a ghol ar Íosa. 36Dúirt na Giúdaigh dá bhrí sin: “Féach, cad é cion a bhí aige air!” 37Ach dúirt cuid acu: “An té seo a dʼoscail súile an daill, nach bhféadfadh sé chomh maith an duine seo a choimeád ón mbás?” 38Tháinig suaitheadh arís ansin ar Íosa agus tháinig sé go dtí an tuama; pluais ab ea é agus líog ina luí lena bhéal. 39Dúirt Íosa: “Aistrígí an líog.” Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: “Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh.” 40Dúirt Íosa léi: “Nach ndúirt mé leat: má chreideann tú go bhfeicfidh tú glóir Dé?” 41Dʼaistrigh siad an líog ansin agus dʼardaigh Íosa a shúile agus dúirt:
“A Athair, gabhaim buíochas leat gur éist tú liom;
42bhí a fhios agam féin go n-éisteann tú liom i gcónaí;
ach is ar son an tslua
atá ina seasamh anseo i mo thimpeall,
a labhair mé,
chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.”
43Arna rá sin dó, ghlaoigh sé de ghlór ard: “A Lazaras, tar amach!” 44Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe. Dúirt Íosa leo: “Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.” 45Ansin a lán de na Giúdaigh a tháinig go Máire agus Marta agus a chonaic a ndearna sé, chreid siad ann. 46Ach dʼimigh cuid acu go dtí na Fairisínigh agus dʼinis siad dóibh cad a rinne Íosa. 47Thionóil na hardsagairt agus na Fairisínigh comhairle agus dúirt siad: “Cad atá dá dhéanamh againn? Óir tá a lán míorúiltí dá ndéanamh ag an duine seo. 48Má ligimid leis mar seo creidfidh cách ann agus tiocfaidh na Rómhánaigh agus scriosfaidh siad ár n-áit naofa agus ár gcine.” 49Ach aon duine amháin acu, Cáiafas, ard-sagart na bliana sin, dúirt sé leo: “Ní fios daoibh rud ar bith, 50ná ní thuigtear daoibh gur fearr aon duine amháin a fháil bháis ar son an phobail, ná an cine go léir a dhul ar ceal.” 51Ní uaidh féin a dúirt sé é seo, ach mar gurbh é an t-ard-sagart é don bhliain sin, rinne sé tairngreacht go raibh Íosa chun bás a fháil ar son an chine, 52agus ní ar son an chine amháin é, ach chun go gcruinneodh sé le chéile, ina aon, clann Dé a bhí scaipthe. 53Ón lá sin amach bhí sé beartaithe acu é a chur chun báis. 54Uime sin níor ghabh Íosa timpeall go poiblí feasta i measc na nGiúdach, ach dʼimigh sé ón áit sin go dúiche i ngar don fhásach, go cathair ar a dtugtar Eafráím, agus dʼfhan sé ansiúd fara a dheisceabail.
An Cháisc ag Teacht
55Bhí Cáisc na nGiúdach in achomaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go hIarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú. 56Bhí siad ag lorg Íosa dá bhrí sin agus deiridís le chéile agus iad ina seasamh sa Teampall: “Cad is dóigh libh? An amhlaidh nach dtiocfaidh sé chun na féile?” 57Bhí orduithe tugtha ag na hardsagairt agus ag na Fairisínigh, dá mbeadh a fhios ag aon duine cá raibh sé, é a insint chun go ndéanfaidís é a ghabháil.
Markert nå:
Eoin 11: ABN2012
Marker
Del
Kopier
Vil du ha høydepunktene lagret på alle enhetene dine? Registrer deg eller logg på
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.