Eoin 10
10
An Sáraoire
1“Áiméan, Áiméan, deirim libh, an té nach dtéann an doras isteach i gcró na gcaorach, ach a théann a mhalairt de bhealach isteach, is bithiúnach é sin agus robálaí. 2An té a thagann an doras isteach, sin é aoire na gcaorach. 3Osclaíonn an doirseoir dó seo agus éisteann na caoirigh lena ghuth, agus glaonn sé ar a chaoirigh féin ina n-ainm, agus seolann amach iad. 4Nuair a bhíonn a chaoirigh uile seolta amach aige, téann sé rompu agus leanann a chaoirigh é, mar aithníonn siad a ghuth. 5Ní baol go leanfaidh siad coimhthíoch, ach teithfidh siad uaidh mar nach n-aithníonn siad guth na gcoimhthíoch.”
6Labhair Íosa an sampla sin leo, ach níor thuig siad-san cad a bhí dá rá aige leo. 7Ansin dúirt Íosa leo arís:
“Áiméan, Áiméan, deirim libh,
Mise doras na gcaorach.
8Gach ar tháinig romham,
bithiúnaigh ab ea iad agus robálaithe,
agus níor éist na caoirigh leo.
9Mise an doras.
Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é.
Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amach
agus gheobhaidh sé féarach.
10Ní thagann an bithiúnach ach chun a bheith
ag goid, ag marú agus ag milleadh.
Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu
agus go mbeadh sí acu go fial.
11Mise an sáraoire.
Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach.
12An fostúch, nach bhfuil ina aoire,
agus nach leis féin na caoirigh,
feiceann sé an mac tíre ag teacht,
agus fágann na caoirigh agus teitheann,
agus fuadaíonn an mac tíre iad agus scaipeann.
13Teitheann sé de bhrí gur fostúch é,
agus gur cuma leis mar gheall ar na caoirigh.
14Ach is mise an sáraoire,
agus aithním mo chuid féin,
agus aithníonn mo chuid féin mé,
15faoi mar a aithníonn an tAthair mé,
agus mar a aithnímse an tAthair.
Agus tugaim mo bheatha ar son mo chaorach.
16Tá caoirigh eile agam chomh maith,
nach den chró seo iad.
Ní foláir dom iad sin a thabhairt chomh maith,
agus éistfidh siad le mo ghlór,
agus beidh aon tréad amháin ann,
agus aon aoire amháin.
17Mar gheall air seo atá grá ag an Athair dom
mar go bhfuilim ag tabhairt mo bheatha uaim,
chun go nglacfaidh mé chugam arís í.
18Níl aon duine dá tógáil uaim;
is uaim féin a thugaim uaim í,
agus tá sé ar mo chumas í a thabhairt uaim
agus tá sé ar mo chumas í a ghabháil chugam arís.
Sin í an aithne a fuair mé ó mʼAthair.”
19Dʼéirigh aighneas arís idir na Giúdaigh mar gheall ar na briathra sin. 20Dúirt a lán acu: “Tá deamhan ann agus tá sé as a mheabhair. Cad ab áil libh a bheith ag éisteacht leis?” 21Dúirt cuid eile: “Ní focail deamhnaígh na focail seo. An féidir le deamhan súile na ndall a oscailt?”
Féile na Toirbhearta
22Bhí féile na Toirbhearta in Iarúsailéim agus ba é an geimhreadh é. 23Agus bhí Íosa ag siúl timpeall sa Teampall i bpóirse Sholaimh. 24Chruinnigh na Giúdaigh ina thimpeall agus dúirt siad leis: “An fada a bheimid dár gcoinneáil ar bís agat? Más tú an Críost inis dúinn é os comhair an tsaoil.” 25Dʼfhreagair Íosa iad:
“Dʼinis mé daoibh, ach ní chreideann sibh.
Na hoibreacha a dhéanaim in ainm mʼAthar,
tugann siad fianaise i mo thaobh.
26Ach ní chreideann sibh-se,
mar ní de mo chaoirigh sibh.
27Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,
agus aithním iad, agus leanann siad mé.
28Tá an bheatha shíoraí agam dá tabhairt dóibh,
agus ní chaillfear go deo iad,
ná ní fhuadóidh aon duine as mo lámh iad.
29MʼAthair a thug dom iad, is mó é ná cách,
agus ní féidir dʼaon duine fuadach ó lámh mʼAthar.
30Is aon mise agus an tAthair.”
31Ansin thóg na Giúdaigh clocha le caitheamh leis. 32Dʼfhreagair Íosa iad: “Tá a lán oibreacha fónta taispeánta agam daoibh ó mʼAthair. Cé acu obair díobh a bhfuil sibh ag gabháil de chlocha ionam mar gheall uirthi?” 33Dʼfhreagair na Giúdaigh é: “Ní mar gheall ar obair fhónta atáimid ag gabháil de chlocha ionat, ach mar gheall ar dhiamhasla, agus go ndéanann tú Dia díot féin agus gan ionat ach duine.” 34Dʼfhreagair Íosa iad:
“Nach bhfuil sé scríofa in bhur ndlí,
‘Dúirt mé: Is déithe sibh’?
35Má thug sé déithe orthu siúd
ar labhraíodh briathar Dé leo,
agus nach féidir an scrioptúr a chur ar neamhní,
36an té a naomhaigh an tAthair,
agus a chuir sé uaidh sa saol,
an ndeir sibh-se leis: ‘Sin diamhasla agat!’
mar gur dhúirt mé: ‘Is mé Mac Dé’?
37Mura ndéanaim oibreacha mʼAthar,
ná creidigí mé.
38Ach má dhéanaim,
fiú amháin mura gcreideann sibh mé,
creidigí sna hoibreacha,
i dtreo go mbeidh a fhios agaibh,
agus go dtuigfidh sibh,
go bhfuil an tAthair ionam,
agus mise san Athair.”
39Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil ansin, ach mʼéalaigh sé óna lámha. 40Agus dʼimigh sé leis arís sall thar Iordáin, go dtí an áit ina raibh Eoin ag baisteadh ar dtús, agus dʼfhan sé ann. 41Agus tháinig na sluaite chuige agus deiridís: “Ní dhearna Eoin aon mhíorúilt, ach na nithe go léir a dúirt Eoin mar gheall ar an duine seo, bʼfhíor dó iad.” 42Agus chreid a lán ansiúd ann.
Markert nå:
Eoin 10: ABN2012
Marker
Del
Kopier
Vil du ha høydepunktene lagret på alle enhetene dine? Registrer deg eller logg på
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.