Agus le linn dóiḃ a ḃeiṫ ag aṁarc air ag dul suas ar neaṁ, féaċ, ṡeasuiġ beirt ḟear i n-éadaiġe geala i n-aice leo,
Agus duḃairt siad leo: A ḟeara na Gailile, cad ċuige a séasuiġeann siḃ ag aṁarc suas ar neaṁ? An t-Íosa seo a tógaḋ suas ar neaṁ uaiḃ, is aṁlaiḋ a ṫiocfas sé, mar a ċonnaic siḃ é ag dul suas ar neaṁ.