Lúcás 2
2
1Ba sna laethanta úd a chuaigh forógra amach ó Chaesar Águstas le hordú go gclárófaí ainmneacha an tsaoil uile. 2Ba é sin an chéad chlárú nuair a bhí Cirénius ina uachtarán ar an tSír. 3Agus chuadar uile go léir le bheith cláraithe, an uile dhuine ag tarraingt ar a chathair féin. 4Agus chuaigh Iósaf suas mar dhuine ó Ghalailí, ó chathair Nasair, go hIúdaea, go cathair Dháibhí dá ngairtear Bétlehem, ós rud é go mba de theaghlach Dháibhí é féin de réir folaíochta, 5chun go gclárófaí é féin agus Muire an bhean a raibh lámh agus focal idir é agus í, agus í ag iompar clainne. 6Agus nuair a bhí siad ansin, tháinig a haimsir. 7Agus rugadh a céad duine clainne di agus dʼfháisc sí i gcrios ceangail é, agus chuir sí ina luí i mainséar é, ó nach raibh áit acu dóibh san ósta.
8Agus bhí aoirí amuigh i bpáirceanna sa cheantar úd, agus iad ag faire ar a dtréad san oíche. 9Agus nocht aingeal an Tiarna dóibh, agus lonraigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí dianeagla orthu. 10Agus dúirt an t‑aingeal leo, “Ná bíodh eagla oraibh; mar féachaigí, táim ag teacht chugaibh le scéal áthasach a insint daoibh faoin lúcháir atá le bheith ar na daoine uile; 11óir is inniu a saolaíodh an Slánaitheoir daoibh i gcathair Dháibhí, agus is é an Tiarna Críost é. 12Agus is é seo an comhartha daoibh, go bhfaighidh sibh leanbh á fháscadh i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.” 13Agus i dtobainne bʼshiúd slua de shluaite na bhflaitheas i gcoimhdeacht an aingil agus iad ag moladh Dé agus ag rá,
14“Glóir do Dhia in ard na bhflaitheas, agus síocháin ar talamh i measc na ndaoine a bhfuil aoibh aige iontu!” 15Ní luaithe a dʼimigh na haingil uathu isteach san fhlaitheas ná dúirt na haoirí le chéile, “Téimis soir go Bétlehem go bhfeicimid an ní seo a tharla, a dʼfhoilsigh an Tiarna dúinn.” 16Agus chuadar ann le deifir, go bhfuair siad Muire ann agus Iósaf, agus an leanbh ina luí sa mhainséar. 17Agus nuair a chonaic siad é dʼinis siad ar foilsíodh dóibh i dtaobh an linbh sin; 18agus níl duine dár chuala nach raibh iontas air faoi ar inis na haoirí dóibh. 19Ach choinnigh Muire cuimhne ar na nithe sin, agus í ag machnamh orthu ina croí. 20Agus dʼfhill na haoirí, agus iad ag moladh agus ag mórghlóiriú Dé faoinar chuala siad agus faoina bhfaca siad, mar a insíodh dóibh roimh ré.
21Agus i gcionn ocht lá ina dhiaidh sin, nuair a timpeallghearradh é, tugadh Íosa air, an t‑ainm a bhí tugtha air ag an aingeal sul ar gabhadh i mbroinn é.
22Agus nuair a tháinig am a nglanta de réir dhlí Mhaois, tugadh aníos go hIarúsailéim é lena thoirbhirt don Tiarna 23(mar atá scríofa i ndlí an Tiarna “Gan fireann dá n‑osclaíonn broinn nach ngairfear naofa don Tiarna de”) 24agus le híobairt a ofráil de réir a ndeir dlí an Tiarna, “dhá fhéarán bhreaca, nó dhá cholm óga.” 25Anois bhí fear ann in Iarúsailéim, arbh ainm dó Siméón, agus bʼfhíréanta cráifeach an fear é, agus é ag dréim le séan agus sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh air. 26Agus bhí an Spiorad Naomh dʼéis a nochtadh dó nach mblaisfeadh sé an bás go bhfeicfeadh sé an Críost a chuirfeadh an Tiarna uaidh. 27Agus tháinig sé isteach sa teampall faoi análú an Spioraid Naoimh; agus nuair a thug na tuismitheoirí an leanbh Íosa isteach, le déanamh dó de réir ghnás an dlí, 28thóg sé é ina bhachlainn agus thug adhradh do Dhia agus dúirt,
29“A Thiarna, is anois a cheadaíonn tú do do sheirbhíseach imeacht faoi shíocháin,
de réir do bhriathair;
30mar tá mo shúile dʼéis do shlánú a fheiceáil,
31an slánú a réamhullmhaigh tú os comhair na gciníocha uile,
32an solas a thabharfadh eolas ort do na Gintlithe, agus
an solas a bheadh ina ghlóir do do mhuintir Iosrael.”
33Agus bʼiontach lena athair agus lena mháthair an méid sin a dúradh faoi: 34agus bheannaigh Siméón iad agus dúirt sé le Muire a mháthair,
“Féach, beidh an leanbh seo ina chúis titime agus éirithe ag mórán daoine in Iosrael,
agus beidh sé ina chomhartha a bheas á cháineadh
35(agus rachaidh claíomh trí dʼanam féin freisin),
ionas go nochtfaí na smaointe i mórán croíthe.”
36Agus bhí banfháidh ann, Anna iníon Phanuél, de threibh Aser; bhí aois mhór aici, ó mhair sí i gcuideachta a fir seacht mbliana ó bhí sí ina hógh, 37agus mhair sí ansin ina baintreach go raibh sí ceithre bliana agus ceithre fichid. Níor fhág sí an teampall, agus í ag adhradh Dé le troscadh agus le hurnaí lá agus oíche. 38Agus tháinig sí aníos chucu san uair sin agus thug sí buíochas do Dhia, agus labhair sí faoi leis an dream uile a bhí ag dréim le slánú Iarúsailéim.
39Agus nuair a bhí gach ní comhlíonta acu de réir dhlí an Tiarna, dʼfhill siad go Galailí, go dtí a gcathair féin, Nasair. 40Agus dʼfhás an leanbh aníos go láidir tréan, agus é lán dʼeagna; agus bhí gnaoi ag Dia air.
41Anois bhí sé ina ghnás ag a thuismitheoirí dul suas go hIarúsailéim gach uile bhliain in am fhéile na Cásca. 42Agus nuair a bhí sé ina dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir an nóis; 43agus nuair a bhí comóradh na féile thart, agus iad ar a mbealach abhaile, dʼfhan an macaomh Íosa ina ndiaidh in Iarúsailéim. Níorbh fheasach sin dá thuismitheoirí, 44ach is amhlaidh a chuaigh siad aistear aon lae amháin, ag síleadh gur leis an gcuideachta é, agus iad á thóraíocht i measc a ndaoine muinteartha agus a lucht aitheantais; 45agus nuair a theip orthu a fháil, dʼfhill siad go hIarúsailéim ar a thuairisc. 46Agus nuair a bhí trí lá caite acu, tháinig siad air sa teampall, agus é ina shuí i measc na n‑oidí léinn, agus é ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna orthu; 47agus níl duine dár chuala é nach ndearna iontas ar a thuiscint agus ar a fhreagraí. 48Agus bʼiontach leo a fheiceáil mar sin; agus is é a dúirt a mháthair leis, “A mhic, cad é sin atá déanta agat orainn? Féach mé féin agus dʼathair do do chuardach agus ár sá imní orainn.” 49Ach is é a dúirt sé leo, “Cad chuige daoibh bheith do mo chuardach? An é nár thuig sibh go mba dhual athar dom bheith sa teach athartha?” 50Agus níor thuig siad an chaint sin a dúirt sé leo. 51Agus chuaigh sé síos leo go ndeachaigh go Nasair ina gcuideachta, agus dʼumhlaigh sé dóibh; agus is amhlaidh a choinnigh a mháthair cuimhne na nithe sin ina croí.
52Agus bhíodh Íosa ag méadú in eagnaíocht agus in airde, agus gnaoi Dé agus daoine air.
अहिले सेलेक्ट गरिएको:
Lúcás 2: OC1970
हाइलाइट
शेयर गर्नुहोस्
कपी गर्नुहोस्
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fne.png&w=128&q=75)
तपाईंका हाइलाइटहरू तपाईंका सबै यन्त्रहरूमा सुरक्षित गर्न चाहनुहुन्छ? साइन अप वा साइन इन गर्नुहोस्
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland