Lúcás 17
17
1Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Ní féidir gan cathuithe chun peaca a bheith ann; ach is mairg a chuireas iad. 2Bʼfhearrde don té úd dá gcrochfaí cloch mhuilinn faoina mhuineál agus dá gcaifí amach san fharraige é, ná é a bheith ina chúis pheaca ag aon duine beag amháin acu seo. 3Seachnaígí sibh féin; má pheacaíonn do bhráthair, ceartaigh é, agus má bhíonn aithreachas air, maith dó; 4agus má pheacaíonn sé i dʼéadan seacht n‑uaire i rith an aon lae amháin, agus iompú chugat seacht n‑uaire agus é á rá, ‘Tá aithreachas orm,’ caithfidh tú maithiúnas a thabhairt dó.”
5Dúirt na haspail leis an Tiarna, “Méadaigh ár gcreideamh!” 6Agus dúirt an Tiarna leo, “Dá mbeadh oiread gráinne de shíol mustaird de chreideamh agaibh, dʼfhéadfadh sibh a rá leis an gcrann fige seo, ‘Bí do do tharraingt aníos as na fréamhacha, a chrainn, agus bí do do phlandú i gceartlár na farraige,’ agus dhéanfadh sé an rud a bhí ráite agat.
7“An mbeadh seirbhíseach ag treabhadh nó ag buachailleacht caorach ag aon duine agaibh, agus é i ndiaidh teacht isteach chun tí ón bpáirc, agus an ndéarfadh sé leis, ‘Tar agus suigh isteach ag bord gan mhoill?’ 8Nach dóichí ná a athrach go ndéarfaidh sé leis, ‘Ullmhaigh mo shuipéar, agus cóirigh thú féin agus bí ag freastal orm, go raibh mo shá ite agus ólta agam; agus a chead agat ithe agus ól ina dhiaidh sin?’ 9Nó an mbíonn sé ag gabháil buíochais leis an seirbhíseach faoi dhéanamh mar a ordaíodh dó? 10Bígí sibhse mar iad, agus nuair atá gach aon ní dár ordaíodh daoibh déanta agaibh, bígí á rá, ‘Níl ionainn ach seirbhísigh gan fiúntas; mar níl déanta againn ach ár ndualgas.’” 11Bhí sé ag dul ar aghaidh idir Samária agus Galailí ar a bhealach go hIarúsailéim. 12Casadh deichniúr lobhar air agus é ag dul isteach i mbaile beag, 13agus dʼfhan siad ina seasamh tamall uaidh go ndúirt leis in ard a gcinn, “A Íosa, a Mháistir, bíodh trócaire agat orainn.” 14Nuair a chonaic sé iad dúirt sé leo, “Imígí libh le bhur dtaispeáint féin do na sagairt.” Agus glanadh iad ar a mbealach. 15Ba ansin a thiontaigh aon duine amháin acu thart, nuair a chonaic sé gur glanadh é, agus é ag moladh Dé in ard a chinn agus a ghutha; 16agus dʼumhlaigh sé go talamh ag cosa Íosa, le buíochas a thabhairt dó. Anois ba Shamaratánach eisean. 17Ba é a dúirt Íosa ansin, “Nár leigheasadh deichniúr ach cá bhfuil an naonúr eile? 18Nach raibh aon duine acu ach an coimhthíoch seo arbh fhiú leis filleadh le moladh a thabhairt do Dhia?” 19Agus dúirt sé leis, “Éirígh agus gabh i gcionn do bhealaigh; is é do chreideamh a shlánaigh thú.”
20Nuair a dʼfhiafraigh na Fairiséigh de cá huair a bhí ríocht Dé le teacht, ba é an freagra a thug sé orthu, “Nuair a thiocfaidh ríocht Dé, ní bheidh aon chomhartha le feiceáil; 21agus ní bheifear á rá, ‘Féach, seo anseo í!’ nó ‘Siúd thall í!’ Mar féachaigí, tá ríocht Dé ann cheana in bhur gceartlár.”
22Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Tá na laethanta ag teacht a mbeidh sibh ag tnúth le lá amháin de laethanta Mhac an duine a fheiceáil, agus gan é le feiceáil agaibh. 23Agus déarfar libh, ‘Seo anseo é!’ nó ‘Siúd thall é!’ Ná héirígí amach, agus ná leanaigí iad. 24Mar is mar chaor thintrí ag soilsiú ó thaobh go taobh na spéire, is amhlaidh a bheidh Mac an duine ina lá féin. 25Ach roimhe sin is iomaí rud a chaithfeas sé a fhulaingt agus séanfaidh an ghlúin seo é. 26Mar a bhí sé i laethanta Naoi, is amhlaidh a bheidh i laethanta Mhac an duine. 27Bhítí ag ithe agus ag ól, ag déanamh cleamhnas agus pósta, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi isteach san Áirc, an lá ar tháinig an díle gur bádh iad uile go léir. 28Beidh freisin mar a bhí i laethanta Lot—bhíodh daoine ag ithe agus ag ól, ag díol agus ag ceannach, ag plandú crann agus ag tógáil tithe, 29ach an lá a dʼfhág Lot Sodóm, is ea a thit an cith tine agus ruibhe anuas ó neamh a scrios an uile dhuine acu— 30is amhlaidh a bheidh an lá a nochtfar Mac an duine. 31An lá úd, má tá duine i mullach an tí, agus a mhaoin sa teach, ná tagadh sé anuas isteach lena breith leis; agus mar an gcéanna don té atá amuigh sa pháirc imíodh sé gan filleadh siar. 32Cuimhnígí ar bhean Lot. 33An té bhíos ag iarraidh a anam a choinneáil slán is é a chaillfeas é, ach an té a chaillfeas a anam, is é a shlánós é. 34Táim ag insint daoibh go mbeidh beirt fhear ar an aon leaba; tógfar fear acu, agus fágfar an fear eile. 35Beidh beirt bhan ag meilt mine le chéile; tógfar bean acu agus fágfar an bhean eile.”#17:35 Cuireann seanúdaráis eile v. 36 leis, “Beidh beirt fhear sa ghort; tógfar fear acu, agus fágfar an fear eile.” 37Agus dʼfhiafraigh siad de, “Cá háit, a Thiarna?” Is é a dúirt sé leo, “An áit a mbeidh an corp, is ann a chruinneos na hiolair le chéile.”
अहिले सेलेक्ट गरिएको:
Lúcás 17: OC1970
हाइलाइट
शेयर गर्नुहोस्
कपी गर्नुहोस्
तपाईंका हाइलाइटहरू तपाईंका सबै यन्त्रहरूमा सुरक्षित गर्न चाहनुहुन्छ? साइन अप वा साइन इन गर्नुहोस्
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland