YouVersion लोगो
खोज आइकन

Lúcás 15

15
1Bhíodh na bailitheoirí cánacha agus na peacaigh uile ag teacht chuige le bheith ag éisteacht leis. 2Agus bhíodh na Fairiséigh agus na scríobhaithe ag fáil locht air, á rá faoi, “Bíonn fáilte ag an bhfear seo roimh na peacaigh agus bíonn sé ag ithe ina gcuideachta.”
3Thug sin air an fáithscéal seo a insint dóibh: 4“Cén fear agaibh a bhfuil céad caora aige, agus é i ndiaidh aon chaora amháin acu a chailleadh, nach bhfágann na naoi gcaora agus nócha ina dhiaidh san fhásach, agus nach dtéann ar lorg na haon chaorach amháin a cailleadh go dtí go bhfaigheann sé í? 5Agus nuair a fhaigheann sé í, tógann sé ar a dhá ghualainn í agus lúcháir air. 6Agus nuair a thagann sé abhaile, cruinníonn sé le chéile a chairde agus a chomharsana, agus deir sé leo, ‘Déanaigí comhghairdeas liom, mar tá mé i ndiaidh an chaora a bhí caillte agam a fháil arís.’ 7Deirim libh go mbeidh sé mar an gcéanna ar neamh, agus gur mó an lúcháir a dhéanfar faoi aon pheacach amháin a dhéanfas aithrí ná faoi naoi bhfíréan agus nócha nach mbíonn gnó acu le haithrí.
8“Nó cé hí an bhean a bhfuil deich mbonn airgid aici, agus a chailleas aon bhonn amháin acu, nach lasann lampa agus nach dtéann a scuabadh an tí agus a chuardach ar a seacht ndícheall go dtí go bhfaigheann sí é. 9Agus nuair a thagann sí air, cruinníonn sí a cairde agus a comharsana ina timpeall agus deir sí leo, ‘Déanaigí comhghairdeas liom, mar tá mé i ndiaidh an bonn a bhí caillte agam a fháil arís.’ 10Deirim libh go mbeidh sé mar an gcéanna i measc aingeal Dé nuair a dhéanfar lúcháir faoi aon pheacach amháin a mbeidh aithreachas air.”
11Agus ar seisean leo, “Bhí fear ann aon uair amháin a raibh beirt mhac aige; 12agus dúirt an mac ab óige acu leis an athair, ‘A athair, tabhair dom a bhfuil ag teacht chugam.’ Agus roinn sé a chuid den saol idir an bheirt. 13Ní dheachaigh mórán laethanta thart gur chruinnigh an mac ab óige a raibh aige, agus gur imigh sé leis ar a aistear chuig tír a bhí i bhfad ar shiúl, agus gur scaip sé a mhaoin ar drabhlás. 14Agus nuair a bhí an chianóg dheireanach caite aige, dʼéirígh gorta mór sa tír úd, agus thosaigh an ainnis ar theannadh airsean. 15Agus chuaigh sé ar fostú ag saoránach de chuid na tíre úd, agus chuir seisean amach faoi na páirceanna é a thabhairt aire do mhuca. 16Agus bhí fonn air bheith beo ar na faighneoga a bhí mar bhia ag na muca; agus gan déirc le fáil aige ó aon duine. 17Ach nuair a tháinig sé chuige féin dúirt sé leis féin, ‘Nach iomaí sin duine atá ar fostú ag mʼathairse agus a sá aráin agus fuílleach acu, agus a rá is go bhfuil mise anseo ag fáil bháis leis an ocras! 18Bím ag éirí agus ag dul chuig mʼathair, agus déarfaidh mé leis, “A athair, is dubh ar mʼanam é, agus mé i mo pheacach os comhair neimhe agus os do chomhairse; 19ní fiú mé níos faide bheith do mo mheas mar mhac leatsa; ach bím agat mar dhuine de do sheirbhísigh atá ar fostú agat.”’ 20Agus dʼéirígh sé ansin go ndeachaigh chuig a athair. Ach nuair a bhí sé tamall uaidh go fóill, chonaic a athair é, agus thug sé trua dó, agus rith sé chuige gur chuir a dhá láimh thairis agus gur thug sé póg dó. 21Agus dúirt an mac leis, ‘A athair, is peacach mé in aghaidh neimhe agus os do chomhairse; ní fiú mé go measfaí mar do mhac mé níos faide.’ 22Ach is é a dúirt an t‑athair lena sheirbhísigh, ‘Tugaigí amach go beo an chulaith is fearr sa teach, agus cuirigí air í; agus cuirigí fáinne ar a mhéar, agus bróga ar a chosa; 23agus tugaigí amach an lao biata agus maraígí é, agus bímis go súgach, agus déanaimis gairdeas; 24mar bhí an mac seo agam marbh, agus tá sé beo arís; bhí sé caillte, ach fuarthas anois é.’ Agus thosaigh siad ar bheith go súgach.
25“Anois bhí an mac ba shine aige amuigh sa pháirc; agus nuair a tháinig sé agus a dhruid sé leis an teach, chuala sé ceol agus damhsa. 26Agus ghlaoigh sé ar dhuine de na seirbhísigh gur fhiafraigh cad ba chiall dó. 27Agus dúirt sé leis, ‘Tá do dheartháir i ndiaidh teacht, agus dʼathair i ndiaidh an lao biata a mharú, ó dʼfhill sé chuige slán sábháilte.’ 28Agus tháinig fearg air agus dhiúltaigh sé dul isteach. Tháinig a athair amach a chur impí air, 29ach dʼfhreagair sé impí a athar mar seo, ‘Bʼshiúd mé an iomad seo blianta ag obair duit, gan dʼordú a shárú riamh; agus gan tú oiread agus meannán a thabhairt dom, le pléisiúr a dhéanamh le mo chairde. 30Ach nuair a tháinig an mac sin agat ar ól sé féin agus a chuid striapach do chuid den saol, mharaigh tú an lao biata dó!’ 31Agus dúirt sé leis, ‘A mhic, bíonn tú liom i gcónaí, agus is leat a bhfuil agam. 32Ba é an ceart a bheith súgach meidhreach, mar bhí do dheartháirse anseo marbh, agus tá sé beo anois; cailleadh é, agus fuarthas arís é.’”

अहिले सेलेक्ट गरिएको:

Lúcás 15: OC1970

हाइलाइट

शेयर गर्नुहोस्

कपी गर्नुहोस्

None

तपाईंका हाइलाइटहरू तपाईंका सबै यन्त्रहरूमा सुरक्षित गर्न चाहनुहुन्छ? साइन अप वा साइन इन गर्नुहोस्