Maitiú 9

9
Caibidil IX
Leiġeasann Críost duine a raiḃ galar creaṫaċ air: goireann sé ar Ṁaitiú: Leiġeasann sé bean a raiḃ cur fola uirṫí: tógann sé inġean Iairuis ó’n ḃás: ḃeir sé a n-aṁarc do ḋá ḋall: agus leiġeasann sé balḃán a raiḃ deaṁan ann.
1Agus ar ḋul isteaċ san ḃád dó, ċuaiḋ sé ṫar uisce agus ṫáinic sé ċun a ċaṫraċ féin.
2Agus féaċ, ṫug siad ċuige duine a raiḃ galar creaṫaċ air, agus é sínte ar leabaiḋ.#Marc. 2, 3; Lúc. 5, 18. Agus ar ḟeiceáil a gcreidiṁ do Íosa, duḃairt sé leis an ḟear a raiḃ an galar creaṫaċ air: Bíoḋ misneaċ agat, a ṁic, tá do ṗeacaiḋe maiṫte duit.
3Agus féaċ, duḃairt cuid de na Scríoḃaiḋṫe leo féin: Tá diaṁasla dá ḋéanaṁ aige seo.
4Agus ar ḟeiceáil a smaointe do Íosa, duḃairt sé: Cad ċuige a ḃfuil droċ-smaointe agaíḃ i ḃur gcroiḋṫe?
5Cé acu is fusa a ráḋ: Tá do ṗeacaiḋe maiṫte duit: nó a ráḋ: Éiriġ, agus siuḃal?
6Aċt ċun go raiḃ a ḟios agaiḃ go ḃfuil cuṁaċt ag Mac an Duine ar talaṁ peacaiḋe a ṁaiṫeaṁ, duḃairt sé annsin leis an ḟear a raiḃ an galar creaṫaċ air: Éiriġ, tóg suas do leabaiḋ, agus gaḃ aḃaile ċun do ṫiġe.
7Agus d’éiriġ sé, agus ċuaiḋ aḃaile ċun a ṫiġe.
8Agus ar a ḟeiceáil seo do na sluaiġte, ṫáinic eagla orṫa, agus ṫug siad glóir do Ḋia, a ṫug a leiṫéid de ċuṁaċt do ḋaoine.
9Agus nuair a d’imṫiġ Íosa as an áit sin, ċonnaic sé ḟear, dárḃ ainm Maitiú,#Marc. 2, 14; Lúc. 5, 27. ina ṡuiḋe i n-oific na cánaċ, agus deir sé leis: lean mise. Agus d’éiriġ sé agus lean é.
10Agus ṫárla, ag caiṫeaṁ bíḋ dó san tiġ, go dtáinic mórán puibliocánaċ agus peacaċ gur ṡuiḋ siad i gcuideaċta Íosa agus a ḋeisciobal.
11Agus ar a ḟeiceáil sin do na Fairisíniġ, duḃairt siad le n-a ḋeisciobail: Cad ċuige a n-iṫeann ḃur máiġistir i gcuideaċta na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ?
12Aċt ċuala Íosa iad, agus duḃairt: Ní ar na daoine slána a ḃíos liaiġ do ḋíṫ, aċt ar na daoine breoiḋte.
13Mar sin de, imṫiġigiḋ agus ḟoġlaimigiḋ cad é is bríġ le seo: Ní íoḋbairt aċt trócaire is toil liom.#Osee 6, 6. Óir ní ṫáinic mise le glaoḋaċ ar na fíréin, aċt ar na peacaiġ.#1 Tim. 1, 15.
14Annsin ṫáinic deisciobail Eoin ċuige, agus duḃairt:#Marc. 2, 18; Lúc. 5, 33. Cad ċuige a dtroscann sinne agus na Fairisíniġ go minic, aċt ní ṫroscann na deisciobail seo agat-sa?
15Agus duḃairt Íosa leo: An féidir do ċloinn an ḟir nua-ṗósta#9, 15 ċloinn an ḟir nua-ṗósta. Do réir nós cainnte na h-Eaḃraise, cialluiġeann sin cáirde nó luċt cuideaċta an ḟir nua-ṗósta. mairgneaċ a ḋéanaṁ a ḟad agus ḃíos an fear nua ṗósta ina gcuideaċta? Aċt tiocfaiḋ na laeṫe ina dtógfar uaṫa an fear nua-ṗósta, agus annsin ḋéanfaiḋ siad troscaḋ.
16Ní ċuireann aoinneaċ paiste de éadaċ úr ar ṡean-ċeirteaċ: óir baineann sé a lán féin de’n ċeirteaċ, agus bíonn an strócaḋ níos measa.
17Agus ní ċuireann siad fíon úr i sean-ḃuidéil: nó briseann na buidéil, doirtear an fíon, agus téiġeann na buidéil amuġa. Aċt cuireann siad fíon úr i mbuidéil úra, agus sáḃáiltear iad araon.
18Nuair a ḃí sé ag ráḋ na neiṫe seo leo, féaċ, ṫáinic uaċtarán áiriṫe ċuige,#Marc. 5, 22; Lúc. 8, 41. ṫug aḋraḋ dó, agus duḃairt: A Ṫiġearna, fuair mo inġean bás anois; aċt tar, cuir do láṁ uirṫí, agus béiḋ sí beo.
19Agus d’éiriġ Íosa, agus lean sé é le n-a ḋeisciobail.
20Agus féaċ, ṫáinic bean,#Marc. 5, 25; Lúc. 8, 43. a raiḃ cur fola ag goillstin uirṫí le ḋá ḃliaḋain déag, taoḃ ṫiar de, agus ḃain sí le feaiṫim a éidiḋ.
21Óir duḃairt sí léi féín: Muna ndéanaiḋ mé aċt baint le n-a éideaḋ, béiḋ mé slán.
22Aċt ṫionntuiġ Íosa ṫart, agus ċonnaic sé í, agus duḃairt: A inġean, glac misneaċ, rinne do ċreideaṁ slán ṫú. Agus ḃí an ḃean slán ó’n uair sin amaċ.
23Agus nuair a ṫáinic Íosa go tiġ an uaċtaráin, agus ċonnaic sé an luċt ceoil agus an sluaġ ag tógáil gleo, duḃairt sé:
24Imṫiġigiḋ liḃ: óir ní marḃ atá an cailín, aċt ina codlaḋ. Agus rinne siad gáire fonaṁaide faoi.
25Agus nuair a cuireaḋ amaċ an sluaġ, ċuaiḋ seisean isteaċ, agus fuair greim láiṁe uirṫí. Agus d’éiriġ an cailín.
26Agus ċuaiḋ a ġáir seo amaċ ar fud na tíre sin go h-uile.
27Agus nuair a ḃí Íosa ag imṫeaċt as an áit sin, lean ḋá ḟear ḋalla é, ag scairtiġ, agus ag ráḋ: A Ṁic Ḋáiḃiḋ, déan trócaire orainn.
28Agus nuair a ṫáinic sé go dtí an teaċ, ṫáinic na daill ċuige. Agus deir Íosa leo: An gcreideann siḃ go dtig liom seo a ḋéanaṁ díḃ? Deir siad leis: Creidimíd, a Ṫiġearna.
29Annsin ċuir sé a láṁ ar a súla, ag ráḋ: Déantar liḃ ḋo réir ḃur gcreidiṁ.
30Agus fosclaḋ a súla, agus ḃagair Íosa go géar orṫa, ag ráḋ: Taḃairigiḋ aire agus ná bíoḋ a ḟios seo ag aoinneaċ.
31Aċt d’imṫiġ siad-san amaċ, agus spréiḋ siad a ċáil ar fud na tíre sin go léir.
32Agus i ndiaiḋ ḋul amaċ dóḃṫa-san, féaċ, ṫug siad ċuige duine balḃ a raiḃ deaṁan ann.#Lúc. 11, 14.
33Agus nuair a teilgeaḋ amaċ an deaṁan, laḃair an duine balḃ, agus ġaḃ longantas na sluaiġte, gur ḋuḃairt: Ní ḟacṫas a leiṫéid ariaṁ i n-Israél.
34Aċt duḃairt na Fairisíniġ: Teilgeann sé amaċ na deaṁain tré ṗrionnsa na ndeaṁan.
35Agus ṫaisteal Íosa na caṫraċa#Marc. 6, 6. agus na bailte uilig, ag teagasc ina smeagóga, agus ag seanmóir soiscéal na ríoġaċta, agus ag leiġeas gaċ tinnis agus gaċ éagcruaḋais.
36Agus ar ḟeiceáil na sluaġ dó, ḃí truaiġe aige dóiḃ, de ḃríġ go raiḃ siad cráiḋte, agus ina luiġe ṫart mar ċaoiriġ gan tréadaiḋe.
37Annsin deir sé le n-a ḋeisciobail:#Lúc. 16, 2. Tá an fóġṁar mór go dearḃṫa, aċt tá na h-oibriḋṫe gann.
38Ar an aḋḃar sin, guiḋigiḋ tiġéarna an ḟóġṁair, ċun go gcuiriḋ sé oibriḋṫe amaċ ċuig a ḟóġṁar.

Одоогоор Сонгогдсон:

Maitiú 9: ASN1943G

Тодруулга

Хуваалцах

Хувилах

None

Тодруулсан зүйлсээ бүх төхөөрөмждөө хадгалмаар байна уу? Бүртгүүлэх эсвэл нэвтэрнэ үү