Maitiú 8

8
Caibidil VIII
Glanann Críost an loḃar, agus leiġeasann sé giolla an ċeanntúra, máṫair ċéile Ṗeadair, agus mórán eile: ciúineann sé an stoirm ar an fairrge, teilgeann sé deaṁain amaċ as ḋá ḋuine, agus ḃeir sé cead do na deaṁain dul isteaċ ins na muca.
1Agus nuair a ṫáinic sé anuas de’n tsliaḃ, lean sluaiġte móra é:
2Agus féaċ, ṫáinic loḃar ċuige,#Marc. 1, 40; Lúc. 5, 12. agus ṡléaċt sé dó, ag ráḋ: A Ṫiġearna, má’s áil leat, tig leat mé a ḋéanaṁ glan.
3Agus ag síneaḋ amaċ a láiṁe do Íosa, leig sé air í, agus duḃairt: Is áil: déantar glan ṫú. Agus san ḃomaite ḃí an loḃra glanta de.
4Agus deir Íosa leis: Taḃair aire agus ná h-innis do ḋuine ar biṫ; aċt imṫiġ, taisbeán ṫú féin do’n tsagart, agus ofráil an tioḋlacaḋ a d’órduiġ Maoise,#Leiḃ. 14, 2. mar ḟiaḋnaise dóḃṫa-san.
5Agus ar ṫeaċt isteaċ go Caṗarnaum dó, ṫáinic ceanntúir#Lúc. 7, 1. ċuige, ġá ġuiḋe,
6Agus ag ráḋ: A Ṫiġearna, tá mo ġiolla san ḃaile ina luiġe tinn le galar creaṫaċ, agus é fá ṗéin ġéir.
7Agus deir Íosa leis: Raċaiḋ mé agus leiġeasfaiḋ mé é.
8Aċt d’ḟreagair an ceanntúir é, agus duḃairt:#Lúc. 7, 6. A Ṫiġearna, ní fiú mise go dtiocfá faoi mo ḋíon; aċt abair aṁáin an focal, agus béiḋ mo ġiolla slán.
9Óir is ḋuine mise ḟosta atá faoi smaċt, agus tá saiġdiuirí fúm: agus deirim leis an ḟear seo: imṫiġ, agus imṫiġeann sé; agus leis an ḟear eile: tar, agus tig sé; agus le mo ṡeirḃíseaċ: déan seo, agus ġní sé é.
10Ar a ċluinstin sin do Íosa, ḃí longantas air, agus duḃairt sé leis an ṁuinntir a ḃí ġá leanaṁaint: Amén, adeirim liḃ, ní ḟuair mé a leiṫéid sin de ċreideaṁ i n-Israél.
11Agus deirim liḃ go dtiocfaiḋ mórán as an oirṫear agus as an iarṫar,#Mal. 1, 11. agus go suiḋfiḋ siad síos le h-Abraham, le h-Isaac, agus le h-Iacób i ríoġaċt na ḃflaiṫeas:
12Aċt teilgfear clann na ríoġaċta amaċ san dorċadas amuiġ: béiḋ gol agus díoscarnaċ fiacal annsin.
13Agus duḃairt Íosa leis an ċeanntúir: Imṫiġ, agus bíoḋ duit do réir mar ċreid tú. Agus fuair an giolla a ṡláinte ar an uair sin.
14Agus nuair a ṫáinic Íosa go tiġ Ṗeadair, ċonnaic sé máṫair a ṁná ina luiġe tinn le fiaḃras:
15Agus rug sé ar láiṁ léi, agus d’imṫiġ an ḟiaḃras dí; agus d’éiriġ sí agus rinne freastal orṫa.
16Agus nuair a ṫáinic an tráṫnóna,#Marc. 1, 32. ṫug siad ċuige mórán a raiḃ deaṁain ionnta: agus ṫeilg sé amaċ na spioraid le n-a ḟocal: agus leiġeas sé an méid a ḃí easlán:
17Ionnas go gcóiṁlíontaí an rud a ḃí ráiḋte ag Isaias, ḟáiḋ,#Isaias 53, 4; 1 Pead. 2, 24. a duḃairt: Ġaḃ sé ċuige ár n-éagcruaḋais, agus d’iomċar sé ár ngalair.
18Agus nuair a ċonnaic Íosa sluaiġte móra fá dtaoiḃ de, d’órduiġ sé dul trasna an uisce.
19Agus ṫáinic Scríoḃaiḋe áiriṫe, agus duḃairt leis: A Ṁáiġistir, leanfaiḋ mé ṫú cibé ar biṫ áit a raċas tú.
20Agus deir Íosa leis: Tá ploṫógaí ag na sionnaiġ,#Lúc. 9, 58. agus tá neadraċa ag éanaċa an aeir: aċt ag Mac an Duine ní ḟuil áit ar a leagfaḋ sé a ċeann.
21Agus duḃairt duine eile dá ḋeisciobail leis: A Ṫiġearna, leig daṁ-sa dul a ċéadraḋ, agus m’aṫair a ċur.
22Aċt duḃairt Íosa leis: lean mise, agus cuireaḋ na mairḃ a gcuid marḃ.
23 # Marc. 4, 36; Lúc. 8, 22. Agus nuair a ċuaiḋ sé isteaċ san ḃád, lean a ḋeisciobail é.
24Agus féaċ, d’éiriġ stoirm ṁór ar an ḟairrge, san ċruṫ go raiḃ an bád dá múċaḋ ag na tonnaí: aċt ḃí seisean ina ċodlaḋ.
25Agus ṫáinic a ḋeisciobail ċuige, agus ṁuscail siad é, ag ráḋ: A Ṫiġearna, sáḃáil sinn, támuid dár gcailleaḋ.
26Agus deir Íosa leo: Cad ċuige a ḃfuil eagla oraiḃ, a luċt an ċreidiṁ ḃig? Annsin d’éiriġ sé, ṫug órduġaḋ do na gaoṫa agus do’n ḟairrge, agus ṫáinic ciúineas mór.
27Aċt ṫáinic longantas ar na fir, agus duḃairt siad: Cad é an cinéal duine é seo, óir tá na gaoṫa agus an ḟairrge uṁal dó?
28Agus nuair a ṫáinic sé trasna an uisce go tír na nGeraisíní,#Marc. 5, 1; Lúc. 8, 26. casaḋ air beirt ḟear a ḃí i seilḃ deaṁan, ag teaċt amaċ as na tuambaí, agus iad as cuimse ḟíoċṁar, san ċruṫ nárḃ ḟéidir le h-aoinneaċ an bealaċ sin a ġaḃáil.
29Agus féaċ, leig siad béic astú, ag ráḋ: Cad é an ḃaint atá againne agus agat-sa le ċéile, a Íosa, a Ṁic Dé, an dtámic tú le sinn a ṗianaḋ roiṁ an am?
30Agus i ngar dóiḃ ḃí tréad mór muc#Marc. 5, 11; Lúc. 8, 32. ag inġeilt.
31Agus d’aṫċuing na deaṁain air, ag ráḋ: Má teilgeann tú as seo sinn, cum isteaċ sinn i dtréad na muc.
32Agus duḃairt sé leo: Imṫiġigiḋ. Agus ar imṫeaċt amaċ dóiḃ, ċuaiḋ siad isteaċ ins na muca; agus féaċ, riṫ an tréad uilig de ḋearg-ruaṫar síos fánaiḋ isteaċ san ḟairrge, agus cailleaḋ san uisce iad.
33Agus ṫeiċ na tréadaiḋṫe, agus ar ṫeaċt isteaċ san ċaṫair dóiḃ, d’aiṫris siad gaċ níḋ, agus fá dtaoiḃ díoḃṫa sin a ḃí i seilḃ na ndeaṁan.
34Agus féaċ, ċuaiḋ an ċaṫair uilig amaċ i n-airicis Íosa, agus nuair a ċonnaic siad é, d’iarr siad air imṫeaċt as a dtír.#Marc. 5, 17; Lúc. 8, 37.

Одоогоор Сонгогдсон:

Maitiú 8: ASN1943G

Тодруулга

Хуваалцах

Хувилах

None

Тодруулсан зүйлсээ бүх төхөөрөмждөө хадгалмаар байна уу? Бүртгүүлэх эсвэл нэвтэрнэ үү