Maitiú 7

7
Caibidil VII
An tríoṁaḋ cuid de’n tseanmóir ar an tsliaḃ.
1Ná taḃairigiḋ breiṫ,#Lúc. 6, 37; Róṁ. 2, 1. ċun naċ dtaḃarṫar breiṫ oraiḃ.
2Óir is do réir na breiṫe a ṫug siḃ, a ḃéarfar breiṫ oraiḃ: agus is leis an ṁiosúr#Marc. 4, 24. le n-ar ṫóṁais siḃ, a ṫóṁaisfear ṫar ais díḃ.
3Agus cad ċuige a ḃfeiceann tú an scealbóg i súil do ḋear-ḃráṫar, agus naċ dtaḃrann tú fá dear an tsail i do ṡúil ḟéin?
4Nó cad é mar ṫig leat ráḋ le do ḋearḃráṫair: leig daṁ an scealbóg a ḃaint as do ṡúil; agus féaċ, an tsail i do ṡúil ḟéin?
5A ḃréagċráiḃṫiġ, caiṫ an tsail amaċ as do ṡúil ḟéin ar dtús, agus annsin tċífiḋ tú go soiléir ċun an scealbóg a ḃaint as súil do ḋearḃráṫar.
6Ná taḃairigiḋ an rud naoṁṫa do na madaiḋ: agus ná caiṫigiḋ ḃur bpéarlaí ós cóṁair na muc, ar eagla go dtaltuiġeaḋ siad faoi n-a gcosa iad, agus go dtionntuiġeaḋ siad ṫart agus siḃ a strócaḋ.
7Iarraigiḋ,#Marc. 11, 24; Lúc. 11, 9; Eoin 14, 13; Séamus 1, 6. agus ḃéarfar díḃ; cuartuiġigiḋ, agus ġeoḃaiḋ siḃ; buailigiḋ, agus fosclóċar díḃ.
8Óir glacann gaċ aoinneaċ a iarras, ġeiḃ an té a ċuartuiġeas, agus ḟosclóċar do’n te a ḃuaileas.
9Nó cé’n duine agaiḃ, dá n-iarraḋ a ṁac arán air, a ṡínfeaḋ cloċ ċuige?#Lúc. 11, 11.
10Nó dá n-iarraḋ sé iasc, an sínfeaḋ sé naṫair niṁe ċuige?
11Dá ḃríġ sin, má tá tuigse agaiḃ-se, atá olc, taḃartaisí maiṫe a ṫaḃairt do ḃur gcloinn: naċ mó go mór a ḃéarfas ḃur n-Aṫair, atá ar neaṁ, neiṫe maiṫe dóḃṫa sin a iarras air?
12Gaċ uile níḋ, ar an aḋḃar sin, dár ṁaiṫ liḃ go ndéanfaḋ daoine díḃ,#Tob. 4, 16; Lúc. 6, 31. déanaigiḋ dóḃṫa-san é: óir is é seo an dliġe agus na fáiḋe.
13Téiġigiḋ isteaċ ar an ġeafta ċuṁang, #Lúc. 13, 24.óir is fairsing an geafta, agus is leaṫan an bóṫar a ṫreoruiġeas ċun na h-aiṁleasa; agus dá mórán a ṫéid isteaċ air.
14Naċ cuṁang an geafta, agus naċ caol an bóṫar, a ṫreoruiġeas ċun na beaṫa; agus is beag a ċuireas eolas air.
15Seaċnaigiḋ na ḟáiḋe bréige, a ṫig ċugaiḃ i gcúlaiṫ ċaoraċ, aċt ar maca tíre crosaċa iad ar an taoiḃ istiġ.
16As a dtorṫa a ċuirfeas siḃ aiṫne orṫa. An gcruinniġeann daoine caora fíneaṁna de ḋreasógaí, nó fígí de ḟoṫannáin?
17Mar sin, ḃeir gaċ crann maiṫ toraḋ maiṫ uaiḋ, aċt ḃeir an droċ-ċrann droċ-ṫoraḋ uaiḋ.
18Ní ṫig le crann maiṫ droċ-ṫoraḋ a ṫaḃairt, agus ní ṫig le droċ-ċrann toraḋ maiṫ a ṫaḃairt.
19Gaċ crann naċ dtugann toraḋ maiṫ, gearrfar anuas é, agus caiṫfear san teiniḋ é.
20Dá ḃríġ sin, is ar a dtorṫa a aiṫneoċas siḃ iad.
21Ní h-é gaċ duine a deir liom-sa:#Lúc. 6, 46. A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, a raċas isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas: aċt an té a ġní toil m’Aṫar, atá ar neaṁ, raċaiḋ seisean isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas.
22Déarfaiḋ mórán liom-sa ar an lá sin: A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, an é naċ ndearnamar fáiḋeadóireaċt i d’ainm-se, agus nár ṫeilgeamar amaċ deaṁain i d’ainm,#Gníoṁ. 19, 13. agus naċ ndearnamar mórán míorḃailte i d’ainm?
23Agus annsin adṁóċaiḋ mé dóiḃ: Níor ċuir mé aiṫne ariaṁ oraiḃ: Imṫiġigiḋ uaim, a luċt déanta na h-urċóide.#Sailm 6, 9; Lúc. 13, 27.
24Ar an aḋḃar sin, gaċ duine a ċluineas na briaṫra seo agam-sa, agus a ġní dá réir,#Lúc. 6, 48; Róṁ. 2, 13; Séamus 1, 22. saṁlóċar é le fear críonna a ṫóg a ṫeaċ ar ċarraig.
25Agus ṫuit an ḃáisteaċ, agus ṫáinic na tuilte, agus ṡéid na gaoṫa, agus ḃuail siad i n-aġaiḋ an tiġe sin, agus níor ṫuit sé; óir ḃí sé bunuiġṫe ar ċarraig.
26Agus gaċ duine a ċluineas na briaṫra seo agam-sa, agus naċ ndéan dá réir, béiḋ sé cosaṁail le fear amaideaċ a ṫóg a ṫeaċ ar an ġainiṁ.
27Agus ṫuit an ḃáisteaċ, agus ṫáinig na tuilte, agus ṡéid na gaoṫa, agus ḃuail siad i n-aġaiḋ an tiġe sin, agus ṫuit sé; agus ba ṁór a ṫuitim.
28Agus ṫárla, nuair a ḃí na briaṫra séo críoċnuiġṫe ag Íosa, go raiḃ na sluaiġte ag déanaṁ iongantais dá teagasc.
29Óir ḃí sé ġá dteagasc mar neaċ a mbéaḋ cuṁaċt aige,#Marc. 1, 22; Lúc. 4, 32. agus níorḃ ionann agus a Scríoḃaiḋṫe agus a ḃFairisíniġ.

Одоогоор Сонгогдсон:

Maitiú 7: ASN1943G

Тодруулга

Хуваалцах

Хувилах

None

Тодруулсан зүйлсээ бүх төхөөрөмждөө хадгалмаар байна уу? Бүртгүүлэх эсвэл нэвтэрнэ үү