Лого на YouVersion
Икона за пребарување

Marcus 15

15
1Agus go moċ ar maidin, do ċuaiḋ uaċtaráin na sagart i ndáil cóṁairle leis na seanóiriḃ, agus leis na scríoḃaiḋṫiḃ agus leis an gcóṁairle iomláin, agus do ċeangladar Íosa, agus do rugadar leo é, agus ṫugadar do Ṗíoláid é. 2Agus d’ḟiafruiġ Píoláid de, An tusa Rí na nIúdaċ? Agus d’ḟiafruiġ seisean agus aduḃairt, Adeirir é. 3Agus do ċuir uaċtaráin na sagart mórán neiṫe ’n‐a leiṫ. 4Agus d’ḟiafruiġ Píoláid arís de, agus aduḃairt, Naċ ḃfuil freagra ar biṫ agat le taḃairt? féaċ an méid atá aca d’á ċur id’ leiṫ. 5Aċt níor ḟreagair Íosa a ṫuilleaḋ; i dtreo go raiḃ iongnaḋ ar Ṗíoláid.
6Is aṁlaiḋ ba ġnáṫaċ leis, le linn na féile, príosúnaċ aṁáin do scaoileaḋ saor ċuca, aon duine d’iarraidís air. 7Agus do ḃí duine darḃ ainm Barabbas ceangailte mar aon leo‐san do rinne ceannairc, daoine do rinne dúnṁarḃaḋ sa gceannairc. 8Agus do ċuaiḋ an pobal suas agus do ṫosnuiġeadar ar iarraiḋ air an rud ba ġnáṫaċ leis do ḋéanaṁ ḋóiḃ. 9Agus d’ḟreagair Píoláid iad, agus aduḃairt, An áil liḃ go scaoilfinn saor ċugaiḃ Rí na nIúdaċ? 10Óir do ḃí a ḟios aige gur le droċ‐aigne ṫug uaċtaráin na sagart ar láiṁ é. 11Aċt do spreag uaċtaráin na sagart an pobal go n‐iarrfaidís air Barabbas do scaoileaḋ saor ċuca. 12Agus d’ḟreagair Píoláid arís, agus aduḃairt sé leo, Agus créad is áil liḃ do‐ġéanad do’n té ar a nglaoḋann siḃ Rí na nIúdaċ? 13Agus do liúġadar arís, Céas é. 14Agus aduḃairt Píoláid leo, Aċt cad é an t‐olc atá déanta aige? Aċt ba ḋéine do liúġadar, Céas é. 15Agus de ḃriġ gur ṁian le Píoláid an pobal do ṡásaṁ, do scaoil sé ċuca Barabbas, agus ṫug sé Íosa ċum a ċéasta tar a éis dó a sciúrsáil.
16Agus do rug na saiġdiúirí leo é isteaċ sa gcúirt, is é sin cúirt an Ṗáláis, agus do ċruinniġeadar an ḃuiḋean iomlán. 17Agus do ċuireadar éadaiġe corcra air, agus do ṡníoṁadar coróin spíne, 18agus do ċuireadar air í; agus do ṫosnuiġeadar ar ḃeannú ḋó, go mbeannuiġṫear duit, a Rí na nIúdaċ! 19Annsin do ḃuaileadar sa gceann é le giolcaċ, agus do ċaiṫeadar seilí air, agus ag cromaḋ a nglún dóiḃ do rinneadar omós dó. 20Agus nuair do ḃí an magaḋ déanta aca do ḃaineadar an ċorcair ḋe, agus do ċuireadar a éadaiġe féin air. Agus do rugadar leo é le n‐a ċéasaḋ.
21Agus do ḃí duine darḃ ainm Síomón Curénéaċ ag gaḃáil ṫairis, aṫair Alecsandair agus Rúfuis, ṫáinig isteaċ ó’n tuaiṫ, do ċuireadar d’ḟiaċaiḃ air‐sean an ċroċ d’iomċur dó. 22Agus do rugadar leo é go dtí an áit d’á ngoirṫear Golgotá, is é sin, Áit cloiginn. 23Agus ṫugadar fíon, agus mirr meascṫa leis, le n’ól dó: aċt níor ġlac seisean é. 24Agus do ċéasadar é, agus do roinneadar a ċuid éadaiġe, ’g‐a gcur ar ċrannaiḃ, d’ḟéaċain créad do ḃéaḋ ag gaċ duine aca. 25Agus do ḃí an treas uair ann, agus do ċéasadar é. 26Agus do ḃí teideal a ċúise scríoḃṫa os a ċionn, RÍ NA N‐IÚDAĊ. 27Agus do ċéasadar beirt ḃiṫeaṁnaċ i n‐éinḟeaċt leis; duine aca ar a láiṁ ḋeis, agus duine ar a láiṁ ċlé. 29Agus na daoine do ġaḃaḋ ṫairis, ṫugaidís masla ḋó ag croṫaḋ a gceann, agus iad ’g‐a ráḋ, Há! ṫusa leagas an teampall, agus ṫógas é i gceann trí lá, 30saor ṫú féin agus tar anuas de’n ċroiċ. 31Mar an gcéadna do ḃí uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe ag magaḋ faoi, agus iad ’g‐a ráḋ le n‐a ċéile, Do ṡaor sé daoine eile; ní ḟuil ar ċumas dó é féin do ṡaoraḋ. 32Tigeaḋ an Críost, Rí Israel, anuas de’n ċroiċ anois go ḃfeicimís agus go gcreidimís. Agus na daoine do ḃí d’á gcéasaḋ i n‐éinḟeaċt leis, ṫugadar masla ḋó.
33Agus nuair ṫáinig an séṁaḋ h‐uair, do leaṫ dorċadas ar an talaṁ uile go dtí an naoṁaḋ h‐uair. 34Agus sa naoṁaḋ h‐uair do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd, Elóí, Elóí, Lamá sabaċtaní? is é sin, A Ḋia, a Ḋia, cad ċuige ar ṫréigis mé? 35Agus nuair do‐ċuala cuid díoḃ‐san do ḃí láiṫreaċ é, aduḃradar, Féaċ, atá sé ag glaoḋaċ ar Élias. 36Agus do riṫ duine aca, agus do líon sé sponnc de ḃínéagra. Agus do ċuir sé ar ġiolcaċ é, agus ṫug sé le n’ól dó é, agus aduḃairt, Fan, feicimís an dtiocfaiḋ Élias le n‐a ṫógáil anuas. 37Agus do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd, agus d’imṫiġ an t‐anam as. 38Agus do réabaḋ brat an teampaill ’n‐a ḋá ċuid ó ḃárr go bun. 39Agus an ceanntúir do ḃí ’n‐a ṡeasaṁ os a ċóṁair ’n‐a aice, nuair do ċonnaic sé gur imṫiġ a anam as ar an gcuma sin, aduḃairt sé, Go fírinneaċ do b’é Mac Dé an fear so.
40Agus do ḃí mná ann i ḃfad uaiḋ, agus iad ag féaċain air: orṫa‐san do ḃí Máire Ṁagdaléné, agus Máire máṫair Ṡéamais ḃig agus Iósés, agus Salómé; 41is iad‐san do ḃíoḋ ’g‐a leanaṁain, agus ag frioṫáileaṁ air nuair do ḃíoḋ sé sa nGalilé; agus mórán ban eile ṫáinig i n‐éinḟeaċt leis go h‐Iarúsalem.
42Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, de ḃriġ gurḃ é lá an Ullṁuiġṫe é, is é sin, an lá roiṁ an tsabóid, 43ṫáinig Seosaṁ ó Arimatéa, cóṁairleoir cóir, onóraċ, fear do ḃí ag súil le ríoġaċt Dé; agus do ċuaiḋ sé isteaċ go dána i láṫair Ṗíoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air. 44Agus do b’iongnaḋ le Píoláid a ráḋ go raiḃ sé marḃ ċeana: agus do ġlaoḋ sé ċuige an ceanntúir, agus d’ḟiafruiġ sé ḋe an raiḃ sé i ḃfad tar éis báis. 45Agus nuair fuair sé fios air ó’n gceanntúir, tug sé an corp do Ṡeosaṁ. 46Agus do ċeannuiġ seisean brat línéadaiġ, agus do ṫóg sé anuas é, agus d’ḟill sé sa mbrat línéadaiġ é, agus do ċuir sé isteaċ i dtuama do ḃí gearrṫa as carraig; agus d’iontuiġ sé leac ṫar ḃéal an tuama. 47Agus do ḃí Máire Ṁagdaléné agus Máire Iósés ag féaċain ar an áit ’n‐ar cuireaḋ é.

Селектирано:

Marcus 15: JOYNTG

Нагласи

Сподели

Копирај

None

Дали сакаш да ги зачуваш Нагласувањата на сите твои уреди? Пријави се или најави се