Marcus 16
16
1Agus nuair do ḃí an tsabóid ṫart, do ċeannuiġ Máire Ṁagdaléné, agus Máire máṫair Ṡéamais, agus Salómé spíosraiḋe, ċum go dtiocfaidís agus go n‐ongfaidís é. 2Agus ṫángadar go moċ ar maidin, an ċéad lá de’n tseaċtṁain, go dtí an tuama, le h‐éiriġe gréine. 3Agus do ḃíodar ’g‐a ráḋ le n‐a ċéile, Cia iontóċas an leac dúinn ó ḃéal an tuama? 4Agus ag féaċain suas dóiḃ, ṫugadar fá deara go raiḃ an leac iontuiġṫe: óir do ḃí sí an‐ṁór. 5Agus ag dul isteaċ sa tuama ḋóiḃ, do ċonnacadar an t‐ógánaċ ’n‐a ṡuiḋe ar ṫaoḃ na láiṁe deise, agus brat geal air; agus ṫáinig uaṫḃás orṫa. 6Agus aduḃairt seisean leo, Ná bíoḋ eagla oraiḃ: atá siḃ ar lorg Íosa Nasarḋa, an té do céasaḋ: d’éiriġ sé; ní ḟuil sé annso; féaċaiḋ an áit ’n‐ar ċuireadar é! 7Aċt imṫiġiḋ, innisiḋ d’á ḋeisceablaiḃ agus do Ṗeadar, go ḃfuil sé ag dul róṁaiḃ go dtí an Ġalilé: do‐ċífiḋ siḃ annsin é, mar aduḃairt sé féin liḃ. 8Agus d’imṫiġeadar amaċ, agus do ṫeiċeadar ó’n tuama; óir do ḃi criṫ‐eagla agus uaṫḃás orṫa: agus níor laḃradar focal le h‐aon duine; óir do ḃí scannraḋ orṫa.
9Agus nuair d’aiséiriġ sé go moċ ar maidin, an ċéad lá de’n tseaċtṁain, do ṫaisbeán sé é féin ar dtús do Ṁáire Ṁagdaléné, as ar ċuir sé amaċ seaċt ndeaṁain. 10D’imṫiġ sise, agus d’innis sí é ḋóiḃ‐sean do ḃíoḋ ’n‐a ḟoċair, agus do ḃí ag caoi agus ag gol. 11Agus nuair do‐ċualadar go raiḃ sé beo, agus go ḃfaca sise é, níor ċreideadar é.
12Agus tar a éis sin, do ṫaisbeán sé é féin i gcruṫ eile do ḃeirt aca agus iad ag siuḃal, ag dul fá’n tuaiṫ ḋóiḃ. 13Agus d’imṫiġeadar‐san agus d’inniseadar do’n ċuid eile é: aċt mar sin féin, níor ċreideadar iad.
14Fá ḋeireaḋ, do ṫaisbeán sé é féin do’n ao n ḟear déag ar fad, agus iad ’n‐a suiḋe ag caiṫeaṁ biḋ; agus do ċas sé leo a míċreideaṁ agus a ndúire croiḋe, de ḃriġ nár ċreideadar na daoine do ċonnaic é iar h‐éirġe ḋó.
15Agus aduḃairt sé leo, Imṫiġiḋ ar fud an doṁain uile, agus déanaiḋ an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ do’n ċineaḋ daonna ar fad. 16An té ċreidfeas agus baistfear, saorfar é; aċt an té naċ gcreidfiḋ, daorfar é. 17Agus is iad so na cóṁarṫaí leanfas iad‐san ċreidfeas: caiṫfid deaṁain amaċ im’ ainm‐se; laḃarfaid as teangṫaċaiḃ nua; 18tógfaid naṫraċa niṁe: agus má ólaid aon niḋ marḃṫaċ, ní ḋéanfaiḋ sé doċar ar biṫ ḋóiḃ; cuirfid a láṁa ar na daoiniḃ breoite agus leiġeasfar iad.
19Agus, tar a éis do’n Tiġearna Íosa laḃairt leo, do gaḃaḋ suas ar neaṁ é, agus do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ Dé. 20Agus d’imṫiġeadar‐san, agus do ċraoḃscaoileadar ins gaċ uile áit, an Tiġearna ag cóṁoibriú leo, agus ag neartú an ḃriaṫair leis na cóṁarṫaiḃ do lean é.
Селектирано:
Marcus 16: JOYNTG
Нагласи
Сподели
Копирај

Дали сакаш да ги зачуваш Нагласувањата на сите твои уреди? Пријави се или најави се
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.